Ach is cuma. Tá deireadh ré tagtha ar sacar idirnáisiúnta in Éirinn, agus ní fhios cathain a mbeidh a leithid arís againn. Is ait an cluiche é, an sacar. 'Sé an cluiche is coitianta ar fud an domhan, ach an bhfuil sé coitianta toisc go bhfuil sé go maith, nó an bhfuil sé coitianta toisc go bhfuil sé comh h-easca a h-imirt agus a h-eagrú? B'fhéidir go bhfuil an thréith is spéisiúil a bhainneann leis an sacar - go bhfuil dífríocht mhór, uaireanta, idir an imirt agus an scór - an rud is coitianta agus an rud is damanta leis. Cé comh dona atá tú, déanann Dia meangadh gaire uaireanta agus is féidir leat cluiche a ghoideadh nuair ba cheat duit dul faoin bhfód agus seacht nó h-ocht gcúl tugtha suas agat.
Tá suim mhór ag seoiníní ins an sacar i gcónaí, toisc gurbh é an cluiche is coitianta ar an "mórthír." Ach is cuma leis an Spailpín Fánach leis na seoiníní - más bhreá leo iadsan a cheapadh mar Éireannaigh toisc go bhfuil geansaí foirne Albánaigh ar a ndrómanna, ar aghaidh leo. Tá spéis ag an Spailpín ina múintir féin, muintir na tuaithe, muintir na hÉireann, agus an tionchar atá ag an sacar orainn.
Ó laethanta m'óige, ba thréith neamhspleachais í an súim ins an sacar. Feach ar na cuimhní bhreá a scríobh John Waters faoi laethanta a óige ins an Irish Times cúpla bhlian ó shin, agus an páirt a bhí ag an sacar ina aithne agus aithne a gcairde:
"This distance, the topography of my youth, is distinguished not by hills or rivers but by three interconnecting phenomena: soccer, cars and rock 'n' roll. The connection was that all three represented windows facing onto the possibility of escape. All three came replete with heroes - George Best, James Hunt, Rory Gallagher - and enabled the environs of Roscommon to be reconstructed into a fantasy location that might have been anywhere. But their centrality in our lives bespoke, ultimately, a desire to leave Roscommon behind. In a sense, we lived not in Roscommon at all but in the shadow of Old Trafford, within earshot of Silverstone, down the road from Woodstock, by the side of a clear crystal fountain, in the field where the wild flowers grow. Tostao. Rivelino. Jairzinho. Waters. Pelé."
Fad agus a bhí an liathróid ag a chos, níorbh é buachaill tuaithe an tUisceach ach an oiread, a thón ag teacht amach óna bhríste agus an bád Shanasa i ndán dó. Ba fhearr den chéad scoth é - peileadóir oilte agus an domhan faoi smacht a bhinnchos chlé.
Do bhain blás an fhinscéil leis an sacar liomsa agus le mo ghluinnse le fada. Ba iad foireann Brasáile í 1982, foireann Zico agus Socrates, a chur an ruaig ar an bparóiteachas dúinn. Agus túsa i do shuí no i do luí os comhair na téilifíse ag feachaint ar imirt bhreá Brasáile agus a leiní gheala buí orthu, bhí fios agat cad í draoícht agus go raibh tú faoi gheasa cheart.
Agus ceithre bliana ina dhiaidh Comórtas an Dhomhain sin, tháining Sasanach anseo a d'éirigh níos Éireannachaí ná na hÉireannaigh féin, Sasanach a chonaic spiorad tróda na hÉireannach agus a chuir faoi smacht é ar son an fhoireann sacair náisiúnta. Níor thaitín feallsúnacht sacair Jack Mhóir le cach - shíltear, i gceantar tráidisiúnta an sacair, go raibh a stíl rógharbh, gurbh cheart don bhfoireann an cluiche a h-imirt níos galanta ná an liathróid a bhuailleadh go tromchosach agus na imreoirí a rith ar a tóir mar fir as meabhar. Is cuma - bhíodh daoine ag feachaint síos a sróna ag pobal na hÉireann ó aimsir Strongbow, agus cad dífríocht a dheanfadh cúpla cinn eile? Fad a bhuadh an fhoireann, ba chuma leis an náisiún cad a shílfeá fúinn.
Tagann deireann ar gach ré, agus nuair a chuaigh Jack Mór ar ais go Shasana, d'éirigh a chaptaen, Mick McCarthy, ina bhainisteoir. Bhí an ghluin óir Poblachta na hÉireann - Moran, McGrath, Whelan, Aldridge, laochra go leir - ag éirí níos sine, agus ní raibh a leithid ag teacht suas ón ghluinn seo chugainn. Ach bhí seod amháin ag McCarthy ag deireadh an Fichú hAois, agus ba é sin Roy Keane, peileadóir nár chonacthas ríamh, agus nach bhfeicfear, is docha. Agus gach rud a titim isteach os comhair é, chuireadh Roy Keane an seó go leir suas ar a mhullain agus thóg sé iad chuig Comórtas an Domhain i Seapáin agus an Chóiré Thuas. Bhí scéal McCarthy ag an gComórtas sin cosuil le scéal Othello agus Desdemona - chaill an Ceartach péarla níos fearr na a threibh go leir, agus an bainisteoracht fréisin cúpla mí ina dhiaidh. Ba é Roy Keane an t-aon Éireannach amháin ag an gComórtas gur shil go raibh buaint Craoibhe an Dhomhain níos tabhachtaí ná laethanta fada ar an drábhlas ar oilean Saipan, agus mar sin, cuireadh abhaile é.
Tar éís an tubáíste ag Comórtas an Dhomhain, chuir an FAI a bhfear féin ina bhainisteoir foirne sacair na hÉireann. Tar éis ré Jack agus Mick McCarthy, ba chosuil le tús nua í bainisteoreacht Brian Kerr ach níorbh í - bhí sacar idirnáisiúnta tagtha arís ins an áit a bhí sé sular tháinig Jack Charlton agus aimsir tabhartha na lashanna. Fear áitiúl, Éireannach le grá mór ar an sacar, ach fear beagán neamhchleachta ar an tArdán Mór is ea Brian Kerr. Mar cé hé Brian Kerr ach Eoin Hand níos óige? Cé hé Damien Duff ach Steve Heighway a thiteann níos minic?
Tá nios mó foghlaimthe ag mo ghluin anois ná mar a bhí in aimsir Zico, Dexy's Midnight Runners agus Superman a Dó. B'fhéidir gurbh é an aois, ach níl laochra cosuil le Paolo Rossi nó Zico nó Michel Platini ag imirt faoi láthair. B'fhéidir go bhfuil Michael Ballack agus Ronaldinho comh tabhachtach don lucht óige anois agus a bhíodh Zico dúinn ag an am. Ach nílim cinnte; pé scéal é, ní dóigh liom go bhfuil an sacar idirnáisiúnta comh tabhachtach leis na h-imreoirí faoi láthair agus a bhíodh le Zico agus Socrates. Is fir saibhre iad go leir anois; cén fáth go mbrisfidís cos ar són a dtíortha agus pótaí mhóra airgid le bailliú anois ar ais ag Manchester United nó Real Madrid? 'Sé an t-ocras an anlann is fearr, agus níor chaith imeoir sacair lá gan dínnéar le fada. Agus ní chaithfidh, mo thrua dó.