
Tar éis tamaill agus an Spailpín ina fhear féin, bhuail mé le cúpla Bhreatnach i rith an Earraigh, iadsan i mBleá Cliath ag na cluichí idirnáisiúnta, agus ambaiste níor thaitin siad liom ansin ach an oiread. I gcónaí ag caoineadh isteach ina mbeoir nach raibh an Bhreatain Bheag den chéad scoth na h-imreoirí rugbaí fós.
Ach tá athrú mór tagtha ar do Spailpín ón aimsir sin. Nuair a chonaic mé an Bhreatain Bheag ag imirt comh suairc álainn mar a d'imiríadar i rith Comórtas na Sé Náisiún anuraidh thuigeas, don chéad uair riamh, cad a chailltear nuair a labhraíonn Breatnach faoin hwyl agus stíl breá rugbai na Breataine Bhige.
Tháinig athrú mór in imirt an rugbaí ins na deich blianta ó thosaigh díoladh na h-imreoirí. Bhí traidisiúin bhreá an cluiche ag dul i meath, agus ba chuma le gach bainisteoir foirne ar cach rud seachas a imeoiri a bheith níos laidre. Tháinig an soiscéal rugbaí seo ina díonbhláth i Shasana, nuair a chuireadh le cheile ceann de na stocaigh is laidre a d'imir rugbaí riamh, agus bhuadar an fhoireann sin Craobh an Domhain i 2003. Bhí fear acu ar an sciathán, Ben Cohen, a chuirfí isteach díreach ins an gclibirt fiche bliana sula seo, gan aon cheist faoi bodach mór cosuil leis amach i measc na cúlaí.
Níl an méid imeoirí ag an mBreatain Bheag mar atá ag Sasana. Ins na blianta atá imithe, is cuma faoi, mar cé go raibh cumhacht tabhachtach, níorbh í an rud is tabhachtaí. Tar éis a bhuadar an fhoireann Sasana sin i 2003, bhí baol mór go mbeidh cumhacht agus méid agus feol an t-aon rud amháin ins an rugbaí, agus go dtiocfadh an bua don té ab laidre.
Thug foireann na Breataine Bhige anuraidh freagra don dhrochfheallsúnacht sin. Agus a ndroim i gcoinne an balla, chuaigh an Bhreatain Bheag thiar ina stár, agus stíl galánta a thóg ónór agus glóir ar thir bheag cosuil leí. Cé narbh iad na tosaí is laidre sa domhain, b'fhéidir le tosaí Breatnaigh an liathóid a bhreith, agus íse a scaoil amach go tapaidh go dtí an líne trí-ceathrú. Chuir an líne sin, agus Gareth Thomas ag briseadh isteach ón áit lánchulaí, a gcluaiseanna thaobh thiar díobh agus do chromadar chuig an líne, ag damhsa isteach ionsaigh na fir móra a raibh ró-mhall díobh.
Cé go bhfuair an Bhreatan Bheag a chéad "Grand Slam" anuraidh ó 1978, ní bhfuaradar an meas ba cheart díobh. Nuair a chuir Sir Clive Woodward a fhoireann na Leoin le cheile, thug sé an súil dall chucu agus thóg Sir Clive an seanfhoireann a bhuaigh Craobh an Domhan dó i 2003. Agus tá fios maith againne conas ar éigigh sé leis an seift sin.
Ta an Bhreatain Bheag chun a gCraobh a chosain i gcoinne an sean-namhad, Sasana, i Twickenham an deireach seachtaine seo chugainn. Ní bheidh sé easca dóibh - tá roinnt maith a imeoirí gortaithe nó faoi chosc - ach tá an Spailpín ag súil go trom go n-éireoidh leo. Mura n-éiríonn do chroí agus tú ag feachtaint ar Shane Williams, atá comh chróga mar atá sé comh bheag, ag éalú na himeoirí i gcoinne dó agus an liathróid go daingean faoina ascaill aige ag rith comh tapaigh tá sé beagnach ag scaoileach siar ón dtalamh - bhuel, b'fhéidir gurbh í an iascaireacht do chluiche, a mhac.
sport, rugby, Wales, 6 Nations