
Agus ar thaobh eile na tíre, ins an Iarthar, bhí fear ann a chreideadh go dtí lá a bháis. Ba idéalaí é Jackie Clarke, siopadóir agus stáraí i mBéal an Átha, Co. Mhaigh Eo. Cé gur thogadh é ar Chomlaire Bhéil an Átha ar son Sinn Féin i 1966, níorbh fear mór polaitíochta ná hÉireann ab ea Jackie Clarke. Níorbh Teachta Dála é nó Áire nó iar-Taoiseach é ach an oiread. Ach bhí spéis mór ins an stár aige le linn a bheatha, agus bhailíodh sé píosaí cuimhneacha stárúil. Fheiceadh sé fógra ar cheantáin éigin sa nuachtáin, b'fhéidir, agus cheannóidh sé piléar a scaoileadh i 1916 ann. Nó chuireadh fear éigin glaoch teilefón air nuair a bhíodh rud éigin ag an bhfear agus suim ag an gCléireach air, agus cheannóidh Jackie Clarke mar sin iad.
Tar éis na blianta, bhí bailiuchán mór bailithe ag Jackie Clarke. Agus é ag chur a aghaidh ar an tSíoraíocht i 2000, d'iarr Jackie Clarke ar a bhean, Ann, a bhailiuchán stárúil a thabairt do phobal na hÉireann, agus rinne Ann é sin. Tá Iarsmalann Jackie Clarke chun oscailt i mBéal an Átha, áit dhuchais Jackie Clarke, i nDeireadh Fómhair, 2006. Is fiú bailiuchán an Chlérigh €10 miliún, ach shíl Jackie Clarke, agus síleann a chlann, go bhfuil rudaí ann atá níos tabhachtaí ná airgead. Nach trua an rud é nach bhfuil an tuairim céanna ag Rialtas na hÉireann?
Technorati Tags: Ireland, Culture, History, Gaeilge