
Bhí sé deachar go leor ar leirtheoirí de Bonda aisteoir nua a fháil in áit Uí Bhrosnachán, ach bhualadar an súil tairbh nuair a bhuaileadar ar Dhaniel Craig. Agus an shcríobhnóracht i bhfad níos fearr i gCaisiné Ríoga ná mar a bhíodh ins an dhá scannán sula seo – tionchar Pól Haggis, scríobhnóir Leanbh Milliún Dhollar, gan dabht – is é Caisiné Ríoga ceann de na cúig scannáin de Bonda is fearr riamh – ‘siadsan Mear-Óir, Ar Sheirbhís Rúnda a Mórgachta, Caisiné Ríoga, An Spiaire i nGrá Liom agus Ón Rúis, le Grá, dár leis an Spailpín Fánach.
Is féidir tuiscint ón scannán seo comh nua agus comh úr a bhí Séamus de Bond nuair a thainig An Doctiúr Neo amach i 1962. Cé gurbh é Caisiné Ríoga an chéad scannán is fiche ar eachtraí Shéamuis de Bonda, tá páirt an spiaire briste síos agus cuireadh le cheile arís go dtí go bhfuil sé cosuil le saigheas scannán nua a fheiceal. Cé go bhfuil sé beagán ró-fhada – ba chóir fiche nóimead nó leath-uair a ghearradh as – is sárshaothar é Caisiné Ríoga, agus buíochas mór le Daniel Craig, an fearr a bhíodh ró-bheag, ró-fhionn, ró-ghránna chun bhróga 007 a chaiteamh. Tá an gáire deirneach aige, mar is saothar den scoth é an saothar a thugann Craig mar Séamus de Bond.
Is é Seán Ó Conaire an aisteoir a bhí ina 007 is fearr. Ba é an chéad de Bond, ar ndóigh, agus mar sin tá tionchar mór aige ag gach aisteoir a thagann ina dhiaidh. Ach tá treith mór ag Ó Conaire atá ag Daniel Craig freisin, agus is é sin ná gurbh fhéidir leo thaispéant duinn gurbh marfiór é Séamus de Bond, d’ainneoinn na h-éadaí bhreá agus na mbéasa uaisle. Bhí blás an bhaoil ag Ó Conaire, agus tá an blás céanna ag Daniel Craig. Le daichead blian ceadúnaite maraigh, beidh Séamus de Bond ar an mbothar le fada an lá anuas.
Technorati Tags: Gaeilge, cultúr, scannáin, 007