Tá an litir deireanach chuig a bhean cheile, Kathleen, a scríobh an Caiptín RF Scott, an taiscéalaí Sasanach a fuair bás lena fhoireann ar an mbealach abhaile ón bPol Theas i mí Márta, 1912, a theaspáint don bpobal i gCambridge ar feadh trí mhí. D'fhoilsigh an Daily Telegraph an litir an seachtain seo caite agus is uaigneach, crógach, spreagach an litir í. Bhí sé go breá soléir do Shcott go raibh an bás i ndán dó agus dá dhream - cailleadh an fear misniúl sin, Titus Oates, cúpla lá sular scríobhadh an litir - ach níor scríobh Scott focal eaglach nó áifealach dá laghad. Tá sé buartha nach bhfeicfeadh sé a bhean nó a mhac riamh, ar ndóigh, ach choinnigh sé an liopa crua i gcónaí, mar ba cheart do laoch na h-Impire.
Tá dialann an Caiptín Scott le feiceáil fós in Iarsmalann na Breataine - chonaic an Spailpín é cúpla bhliain ó shin, agus d'fhán sí im'aigne ón lá sin amach. Bhí an dhialann oscailte ag an leathanach deireanach, an scríobhnóireacht briste agus Scott faoi ghréim an fuacht, agus fíos maith aige go raibh an bás ag teacht. Conas a choinneodh an Spailpín agus mise súil i gcoinne súil le Aingeal an Bháis? An thaispeanfainn an cleite bán? Mo bhrón, ach sílim go dtaispeanfainn, gan dabht.
Tá do scríobhnóir dílis ag smaoineamh ar an gCaiptín agus a dhream ón uair a léigheas an litir sa Thelegraph. Tá coireanna na Sasanach comh laidir in aigne na hÉireannach gurbh deachair an rud é cothrom a chonnigh orthu agus sinne ag féachaint orthu le súil na staire anois. Go rinnedar gníomaithe olca crua dubhchroíach níl aon dhabht faoi - ní gá duit ach smaoinigh ar áiteanna cosuil le Amritsar nó an tSúdáin agus feicfear lámh fola na h-Impireachta Breataine, a choinnigh an triú chuid domhain faoi smacht le fada an lá.
Ach ní fheiceann An Spailpín eachtraí an tsaoil comh dhubh agus comh bhán mar a d'fheicinn. Agus sílim, ag smaoineamh ar Scott nó ar laochra eile cosuil le Cook, Monroe, Wolfe, Nelson nó ár nGael féin, Arthur Wellesley, an Dúc Wellington, cibé eile a ndeirtear fúthu, caithfear adhmail gurbh dream crógacha iad. Ní hiad ina gcathanna amháin a thaispéanadar an misneach sin, cé go bhfuil sé go breá soiléir in eachtraí Rourke's Drift nó Cawnpore nó Trafalgar nó Waterloo - ní thuigeadar riamh nach n-éireodh leo agus rud éigin faoi lámh acu. Tagadh rud éigin ina aigne, agus déanadh é. Bhí sé comh shimplí sin. Iarnród a thógáil in India? Déanta. Canalach a thógáil ag Suez? Déanta. Feictear an creideamh céanna i ndaoine cosuil le Isambard Kingdom Brunel, a thóg na h-iarnóid i ngach áit, go dtí an tOllamh James Murray, a bhí ina eagarthóir ar an gcéad foilsiú ar an Oxford English Dictionary.
Cad tharla don dream sin, dream Cook, Scott, Brunel? Anois, tá Jonathan Ross nó Simon Cowell nó an t-ápa sin Russell Brand ina laochra ag na Sasanaigh, agus is mó an titim é. Agus a n-Impireachta caillte acu ó Chogadh na mBoer, tá an Ríocht Aontaithe í féin faoi bhrú faoi láthair. Smaoiníonn an Spailpín ar an gCaptain Scott ag fáíl bháis i bhfuacht an Phoil Theas, agus ar an mBreatain sa lá atá inniu ann, agus b'fhéidir gurbh bás trocaireach é a bhás ar deiridh - ní fhéidir le fear cosuil le Robert Scott an Bhreatain 2007 a mhaireachtáíl.
Technorati Tags: Captain Scott, An Impire Breataine, stáir, Gaeilge