Bhí an slua ag imeacht nuair a tháinig sé ar an bhfód. Bhí an fhoireann a rug ar an nGrand Slam i 1948, an t-aon uair riamh a bhuaigh foireann rugbaí na hÉireann é, á thaispéant don slua ag an gcluiche idir Éirinn agus an Bhreatain Bheag Dé Sáthairn, ach rinne Bord Peile Rugbaí na hÉireann praiseach de, mar is gnáth leo. In ionad laochra na ndaichéadaí a thabairt amach ag leath-ama, fágadh go dtí deireadh an cluiche é, nuair nach raibh fonn ag éinne ar tada ach imeacht. Bhí RTÉ imithe chuig an Albain agus an cluiche idir Sasana agus an Albain; chaill siadsan an uair freisin.
Ach is cuma. Tá Jack Kyle níos laidre ná éinne acu, agus nuair atá eachtraí an lae cailte sa stáir, beidh ainm an Ultaigh beo fós i mbéal lucht tacaíochta an rugbaí, mar is é Jackie Kyle an t-imreoir is fearr a chaith an léine ghlas riamh, agus ní dóigh do Spailpín Fánach go n-athróidh an scéal le déanaí.
D'imir Jack Kyle mar leath-cúlaí amuigh ar son Ollscoile na Banríona, Bhéil Feiriste, Éireann agus Leon na Breataine, agus d'éirigh sé den scoth le gach chuile céann acu. Ba é tuaras na Leon i 1950 an chéad uair a chaith na Leoin an léine dhearg atá clú agus cáill uirthi ar fud an domhain anois, agus ba é an chéad tuaras ab fhéidir leis na Leoin dúshlán ceart a thabairt do na Glan-Dubhaigh. Tá clú Kyle ann sa Nua-Shéalainn fós, agus tá fios maith acusan cé h-iad togha na bpeileadóirí rugbaí.
Tá scéal deas ag Frank Keating in a leabhar den scoth The Great Number Tens a n-insíonn gach rud faoi Kyle mar imreoir agus mar duine. Bhuaigh Cliff Morgan, laoch mór uimhir a deich Rhonnda, Cardiff, na Breataine Bige agus Leon na Breataine, a chéad cáibín riamh i gcoinne na hÉireann i 1951, agus bhí Jackie Kyle ag imirt leis na nGaeil fós ag an am. Bhí fios maith ag Morgan cérbh é Kyle, mar bhí Kyle in a laoch mór ag Cliff Morgan agus eisean ag fás i nGleannta na Breataine Bige. Bhí faitíos ar Morgan roimh an laoch mór seo.
Ag tús an cluiche, chuaigh Kyle comh fada le Morgan, agus an lámh sínte amach aige. "Comhghairdeachas as ucht do chéad cháibin, a Cliff," arsa Kyle. "Bhíos ag breathnú ar do chuirt imirte le fada anois agus tá an léine tuillte go maith agat. Go n-éirí leat inniu."
D'fhoglaim Cliff a chéad cheach ansin - ba fear uasal é Jackie Kyle. Leanadar ar aghaidh leis an imirt, agus bhí cúrsaí cothrom go leor i rith an cluiche. D'imir Kyle go maith ach bhí Cliff ag fanacht ar ghaisce éicin ó Jack Kyle, agus níor tháinig sé. Seans níl ann ach duine cosuil linn go leir, a dúirt sé leis féin. Agus an cluiche ag dridim chuig a chróich, bhí clibirt ag na Gaeil tuairim fiche slat amuigh ó líne na Breataine Bige. Tháinig an liathroid amach chuig Kyle, agus rinne Morgan é féin reidh chun stop a chur ar Kyle. Ach nuair a d'fhéach Cliff suas, ní raibh an tUltach ann. Agus a chroí ag titim síos chuig a bhróga, d'fhéach Cliff thar a ghualainn, agus chonaic sé Kyle isteach idir na cuaillí, agus an t-úd á scórail aige.
"A Thiara Dé," dúirt Cliff leis féin. "Is fíorlaoch é tar an tsaoil." An dara ceacht a d'fhóglaim Cliff.
Ach dar leis an Spailpín, rinne an tUltach a ghaisce is mó agus a saol sa rugbaí caite. Agus an domhan faoi lámh aige, thug Jackie Kyle a dhrom do. Chuaigh sé amach chuig an tSaimbia, agus chaith sé a saol gairmiúl ansin, ag dochtúireacht don lucht íseal an domhain, agus gan fios ag duine nó deoraí acu cad é an rugbaí nó cé hé Jack Kyle, leath-chúlaí amuigh na hOllscoile Banríona, na hÉireann agus na Leon Breataine. Bhí fios ag Jack Kyle go raibh an rugbaí tabhachtach, ach nach mbanann faic leis ag an am céanna. Tá níos mó sa saol na an liathróid ubhchruthach.
Agus sin é an fáth mar is cuma gur rinne Bord Peile Rugbaí na hÉireann praiseach don thaispéantas, agus thug an slua másla don peileadóir rugbaí is fearr na hÉireann. Tá sé níos laidre, níos loinnreach nó gach uile duine acu. Go maire sé an céad.
Technorati Tags: Gaeilge, Seachtain na Gaeilge, spórt, rugbaí, Jack Kyle