Monday, August 25, 2008
Oidhreacht Ronnie Drew
Foilsíodh leagan an ailt seo i Foinse, nuachtáin seachtainiúil na Gaeilge i rith an deiridh seachtaine, agus táim buíoch go leor dóibh. Táimid go léir ár ndualgas a dhéanamh ar son Ronnie bocht, agus eisean imithe anois ar slí na fírinne.
Suimiúil go leor, i rith na seachtaine, féachaint ar cad a scríobhadh faoi shaol agus shaothar Ronnie Drew, ceoltóir, cainteoir agus croí mór na Dubliners. Bhí an tuairim amach go mbeidh pléaráca a chuireadh níos láidre ná pléaráca Tim Finnegan féin, an tógálaí ar a chlú a sheinneadh Ronnie Drew féin comh minic.
Rinne Ronnie Drew a chuid féin faoina fhinscéal féin. Ba bhreá leis scéal a insint faoi uair ar bhuail sé le Patrick Kavanagh ins na seascaidí, ach níorbh fhéidir leo deoch a fháil toisc nach raibh tigh tábhairne i mBleá Cliath ann gan coisc ar cheachtar nó an mbeirt acu.
Ach bhain níos mó le saol agus saothar Ronnie Drew ná an t-ól. Tá trua agam ar an lucht óg, nach bhfuil aithne níos fearr acu ar Ronnie Drew ná seanfhear baol tinn nó an t-amhrán ainnis sin, The Ballad of Ronnie Drew. Bhí Ronnie Drew níos laidre ná sin, agus mairfidh a chlú go deo mar ball den lucht a thóg ceol na hÉireann slán nuair a bhí sé i mbaol a chailliúnt go deo.
Bhí an t-ádh le mo ghlúin féin gur chonaiceamar agus chualamar Ronnie Drew agus na Dubliners ag deireadh na h-ochtóidí, nuair a líonadh a sheolta arís agus siad ag seint leis na Pogues. Is cuimhin liom go maith - agus is féidir an scannán a fheiceáil fós ar You Tube beannaithe - nuair a bhíodar ar Top of the Pops i 1987 ag seinm The Irish Rover. Is cuimhin liom fós freisim titim mo chroí nuair a d'fhágadar an ardán agus tháinig Curiosity Killed the Cat in a n-ionad. A léitheoir, cé atá ag éisteacht le Curiosity Killed the Cat anois?
Ach ní raibh ann ach blás a n-iar-ghóire. Chun tabhachtach Ronnie Drew agus na Dubliners a thuiscint i gceart, caithfear dul siar chuig na caogaidí, aimsir bhocht dhuairc in Éirinn. Seinneadh an ceol sa Chlár agus i gCorca Duibhne fós, ach ní raibh aon meas ag an bpobal mór ar a cheol agus a n-amhráin féin.
Ansin, an t-athrú; bhí an t-ádh dearg ag an gceol gur tharla an aiséirí cheoil tíre i Méiriceá, agus nuair a tháinig an scéal abhaile go raibh ceathrair Gaeil ó Thiobraid Árann agus Ard Mhaca ag canadh Brennan on the Moor i Halla Carnegie, Nua Eabharc, thit sé ar na Gaeil seans go mbaineann níos mó leis na sean-amhráin ná an ganntanas agus an bochtanas agus an drochshaol.
Bhí an tír réidh a h-amháin féin a ghlacadh, agus ba iad na Dubliners na buachaillí a bhfillfeadh iadsan ar áis dí. Bhí sár-cheoltóirí ag na Dubliners i John Sheehan ar an bhfidil agus Barney McKenna ar an mbainseo, rud a chabhraigh na seancheoltóirí, na fir a choinneáil an ceol beo, na Dubliners a ghlacadh mar cheoltóirí, fir ina mbeadh an ceol slán ina seilbh. Bhí Ciarán Bourke sa Dubliners mar fear mór an chultúir, a chasadh amhráin Gaeilge leo roimh a theip a shláinte air. Bhí duine de na n-amhránaí is fearr riamh acu i Luke Kelly, agus bhí Ronnie Drew acu.
Ní raibh an guth is binne riamh ag Ronnie Drew, ach thug an guth searbh garbh sin bua do na Dubliners nár dtabharfadh guth níos binne, agus is í sin an fhírinne. Nuair a chloistear guth Ronnie Drew ag seinm faoi fhir ag obair ar bhóithre Shasana, nó ar an seanbhean sin Dicey Reilly a bhí tógtha go dona leis an ól, bhí fios agat gurbh é an fíorscéal atá le cloisteáil agat. Tar éis na céadta bliain ag tabhairt meas don duine seo nó an duine siúd, ba é Ronnie Drew Gael a ndéarfadh "seo mo ghuth féin, agus mura dtaitníonn sé leat teigh chun an diabhal a mhic."
Fear misneach cróga ab ea Ronnie Drew, a sheas nuair a raibh fonn ag an tír ar dhaoine a sheasamh ar a son agus ar son a cultúir. Níl eolas againne ar saol slí na fírinne, ach má tá an ceart ann sa domhain seo chugainn nach mbíonn ann i gcónaí sa domhan seo againne, tá Ronnie agus Luke agus Ciarán, agus Bob Lynch bocht freisin, ag seinm arís le chéile. Agus guím freisin go mbuailfidh Ronnie le Paddy Kavanagh bocht, file mór na tuaithe, agus go ngeobhaidh siad tigh oscailte dóibh tar éis an tsaoil.
Technorati Tags: Gaeilge, ceol, cultúr, Ronnie Drew, The Dubliners, oidhreacht, comóradh