Thursday, February 05, 2015
Aiséirí an Leath-Chúlaí Amuigh 'Sna Sé Náisiúin?
Tá Comórtas na Sé Náisiún os ár gcomhair arís, agus cluichí le himirt an deireadh seachtaine seo i gCaerdydd, i bPáras agus sa Róimh, Cathair na Seacht gCnoc. Siad na Gaeil a mbeidh sa Róimh, na hAlbanaigh i bParás agus na Sasanaigh a bheidh ag imirt i gcoinne na Breataine Bige.
Chuir Keith Duggan, an scríbhneoir spóirt is fearr in ár linne, ceist spéisiúil smaointeach i ndiaidh cluichí an Fómhair, nuair a thug sé faoi deara an rún spóirt is mó sa lá 'tá inniu ann – tá an rugbaí ag éirí níos leadránaí agus na cóitseálaithe níos cliste. Ní labhraítear os ard é mar tá níos mó airgid sa gcluiche riamh agus, mar is eol leis an domhan mór, labhraíonn an t-airgead, agus ní labhraíonn sé aon bhreag.
Ach ag am céanna feictear nach bhfuil an spioraid sa rugbaí mar a bhíodh riamh. Dúirt Donncha O'Callaghan, sean-fhonadóir na Mumha agus na hÉireann, ní raibh sa gcluiche dósan ach obair. Glan an ruc seo, brúigh sa gcrág sin. An obair céannán céanna mar an “Tote that barge, lift that bale,” a cloiseadh taobh na Mississippi sa 19ú haois.
Tuigtear sa rugbaí le fada go bhfuil deighlt mór idir lucht imirithe an pianó agus lucht iompar an pianó. Ach ag an am céanna, ní raibh ainm an sclábaí ar tosaithe na rugbaí céanna seo, fir cosuil le Colin Meads, Willie John McBride, Moss Keane, Wade Dooley agus a leithéid. Bhain siadsan agus daoine cosuil leo spraoi óna gcuid imirthe – cén fáth nach bhfuil an spraoi céanna d'imreoirí cosúil le O'Callaghan?
Cé go bhfuil rugbaí sraithe faoi bhrú ag an rugbaí, tá tionchar sách láidir ag feallsúnacht an rugbaí sraithe ag an rugbaí. Is í feallsúnacht an rugbaí sraithe an pheist i úll rugbaí, agus feallsúnacht an cluiche thuaidh ag teacht ina ríocht, go mall ach go deimhin. Smaoinigh ar an mbéim atá ar an ngréimiú, ar sealbh na liathróide, ar neart an duine. Cá bhfuil an ealaíon? Cá bhfuil an bua? Cá bhfuil an gliondar?
Bhí áit ar fáil le gach saghas duine i bhfoireann rugbaí tráth, agus cialladh sin ná go raibh gach saghas corrála ann freisin don lucht feachtaint – corráil na mbuachaillí mhóra ag dul in aghaidh a cheile sa gclibirt, nó corráil na mbuachaillí bheaga ag eitilt síos an gcliathán. Agus níos fearr ná tada, bhí an teannas ann i gcónaí idir an té atá láidir agus an té atá glic.
Ba é an leath-chúlaí amuigh an duine is tábhachtaí ar fhoireann rugbaí, tráth. Ba í an Bhreatain Bheag baile na leath-chúlaithe is fearr sa ndomhan, agus is filí iad na Breatnaigh go leir agus an rugbaí á phlé acu. Is é an leath-chúlaí amuigh “an snáthad mhór ar inneoin an scriosadh,” a scríobhadh faoi Barry John i stáir oifigiúil Aontais Rugbaí na Breataine Bige, agus tá an teannas sin, idir an bheilbhit agus an t-iarann, ag croí an cluiche rugbaí.
An fadhb anois ná go bhfuil sé ag éirí i bhfad níos deacra dealaigh idir buachaillí an ráipéir agus buachaillí an chlaímh leathan. Is léir go bhfuil cúlchéimniú chun an mheáin ag tárlú i rugbaí, agus tá an meán ag éirí níos láidre arís agus arís eile leis na bliana.
Scríobh Dónal Lenihan san Examiner, an togha pháipéir spóirt sin, go bhfuil roinnt leath-chúlaithe amuigh tagtha ar an tsaol sa gComórtas seo chugainn, imeoirí dá laghad Lopez na Fraince agus Russell na hAlbáin, dhá thír agus leath-chúlaí amach ag taisteal uathu le fada anois.
Ach an am céanna, is deacair creidiúnt go bhfuil áit fághta sa rugbaí do na draoithe mar a bhíodh, iadsan ag éalú scriosadh ón bpáca le gach liathróid a ghlacaidís agus iadsan ag gáire in aghaidh an bhaoil. Tá súil agam go bhfuil dúl amú orm, ach mo léan ghearr, is dócha go bhfuil spreadsheet éigin ag gach foireann treanála a thaispeann nach bhfuil.