Tá deireadh tagtha ar m'aisling gheal. Ní n-éireoidh go deo deo anois cothrom eigin idir an Spailpín Fánach agus a spéirbhean mílis, an amhránaí Meiricéanach Brídeog Ní Ghatha, nó "Britney Spears," chun a sloinne sclábhaíochta a úsáid. Is docha nach bhfuil fios ag Brídeog riamh go raibh spailpíní sa domhain, fiú amhán spailpíní fánacha, ach ní mbíodh ins an spéir os comhar ceann an Spailpín ná an t-aon réalt amhán, agus Brídeog Ní Ghatha ab ea í.
Ach tá an deireadh tagtha, agus ní féidir ceachtar againne athrú a dhéanamh. Dorcoídh mé an choinneal im' fhuinneog, togfaidh mé síos a pictiúirí ó mo bhallaí, stopfaidh mé litreacha a scríobh chuicí, seo é deireadh na ndánta a scríobhfainn in ómós dí. Lasfaidh mé tiné eigean i gcúl an tí i lárdhubh na h-oíche agus cuirfidh mé a ceirníní ann. Ní cheannoídh mé faic phopcheoil as seo amach - ní bheith le cloiseal anois sa bhaile agam ach an Máimín Cajun Band.
Tar eis ocht mbliana fada agus an Spailpín Fánach craite briste i ngrá gheal léi, ón chéad uair riamh ar iarraigh sí air buaileadh uirthi an chéad cheann eile, tá an feall déanta ag Brídeog Ní Gatha. Feall dubh dorcha, feall nárbh fhéidir le fear fanacht leis. Léim anois go bhfuil ainm aici don bhábóg atá á rugadh aici, agus tá sí ag tnúth "London" a chur ar an mbuachaill bocht.
"London," príomhchathair an tImpire a d'fhág a chos fola crua ar bholg na hÉireann le h-ocht gcéad blianta, an tImpire céanna a chur muintir na hÉireann chuig Ifreann no chuig Connachta, an tImpire ar fhág a mhéarloga fola ar fud an domhan, ón Astráil suas go dtí an Afganistáin agus thiar arís chuig ár n-oileán glas gleoite bocht. Nách breá an sloinne "Baile Uí Fhiacháin Federline," má tá ainm bhaile ag taisteal uirthi? Nó "Mainistir Fhear Maí Federline," b'fhéidir.
Ach is cuma. Tá an Spailpín croíbhriste buartha, agus tá deoch mór ag taisteal uaidh. "London" - go bhfoire Dia ar mo Bhrídeog bhocht.