Monday, March 13, 2006

Buaille Bachaille ar an nGPA

Airgead - Dia Mór an GPA
Tá clú Tom Humphries mar scríobhnóir ar cursaí an CLG beagán níos ghile ná ba cheart dó, dar leis An Spailpín Fánach. Tá Keith Duggan níos fearr leis an bpeann, agus tá Tomás Romhar claonta chun dul síos boithríní dhall uairtheanta.

Ach tá sliocht den scoth scríofa ag an bhfear mór ar maidin ins an Irish Times, nuair a iarrann sé ar Dessie Farrell agus a chairde san nGPA suigh síos, agus a scith a ligeadh. Tá Tomás ag éirí beagán breán den mBéal Bocht an GPA, agus scríobhann sé go mbaineann i bhfad níos mó leis an gCumann Lúchleas Gael ná na h-imreoirí agus foirne idirchontae. Ní cheart dóibh bheith ag bagairt nó ag bacaidh i gcónaí ar a gcús féin - seasann i bhfad níos mó ná na príomhimreoirí faoi bhrat an Chumainn Lúthchleas Gael, agus ní cheart dó na príomhimreoirí dearmad a dhéanamh orthu.

Ní scríobhann Tomás faoi rud eile a chuireann ionadh ar an Spailpín, is docha toisc go bhfuil na speaclaí ghorm ar shrón Thomáis i gcónaí - níl an fadhb céanna ag an Spailpín, ar ndóigh. Seo í mo cheist: más cumann do na príomhimreoirí idirchontae amháin é an GPA, cén fáth go bhfuil Dessie Farrell ina cheannaire orthu? Nach bhfuil aimsir idirchontae Dessie críochnaithe le fada, agus mar sin, níl deontas breá ag teacht dó ón rialtas? Tá Dessie ar thaobh thiar den gcnoc, agus mar sin is duine den coitianta an CLG é arís - an lucht coitianta céanna a fuilingeoidh is mó má éiríonn leis an nGPA deighilt mhór a dhéanamh ins an gCLG idir an lucht uaisle agus an lucht ísle.

Technorati Tags: , , ,