Bhí 2009 crua go leor ar gach uile duine in Éirinn, beag nó mór. Agus mar sin, shíl do scríbhneoir reatha gur cheart is chóir caoineadh éigin a chum in ómós - nó uafás - an bhliain bhrónach seo.
Tá m'amhrán bunaithe ar Amhrán na mBádóirí Volga (nó Эй, ухнем, más maith libh). Mura bhfuil an port ar eolas agaibh, seo Cór Airm Rua na Rúise ag seinm i 1965, agus fó-theidil Gaeilge curtha isteach agam féin. Bainigí sult, agus athbhliain faoi mhaise díobh go léir.
Is crua é an saol
Is crua é an saol
An aimsir fuar go deo
Idir sneachta agus ceo
Níl againn ach an stró
Níl againn ach an stró
An saol dian go leor
Gan an pota óir
Tháinig an díle go gCorcaigh cois Laoi
Theip ar na Gael in aghaidh Henry
Níl gáire ach an gol ann,
Níl gáire ach an gol ann
In Éirinn inniu, Éirinn bhocht inniu
Níl ach na deoir ann in Éirinn inniu
Na Gael i bponc arís
Na Gael i bponc arís
Tagann crith chois is láimhe
Nuair a smaoinítear cad a tharla
Boic mhór na tíre anois ag iarraidh déirce
Amach thar sáile ag seilg na déirce
Amach sa Ghearmáin. Amach sa Ghearmáin
Ár míle buíochas, Merkel sa Ghearmáin
Ár míle buíochas, Merkel sa Ghearmáin
Caora ins an Dáil
Caora ins an Dáil
Ní fhéidir leo déileáil
Ní fhéidir leo déileáil
Chuireamar féin isteach iad, sinne féin ar thóg iad
Orainn atá an lochtsa
Tuillte dúinn go deo é, tuillte dúinn go deo é
Ní fheicfear pingin rua le fada an lá
Go bhfóire Dia orainn
Cén maith, cén maith, atá fágtha ag na Gaeil?
Rud beag amháin, rud beag amháin, rud amháin fágtha
An t-aon rud fágtha ag cine na nGael
Na Gréagaigh níos measa
Na Gréagaigh níos measa
Tá na Gréagaigh níos measa ná ár n-amadáin féin
Go bhfóire Dia orainn
Go bhfóire Dia orainn
Go bhfóire Dia orainn
Technorati Tags: Gaeilge, Éirinn, Cúrsaí Reatha, polaitíocht, Léargas 2009, Cór Airm Rua na Rúise, Amhráin na mBádóirí Volga
Tuesday, December 29, 2009
Ag Breathnú Siar ar 2009, le Cabhair ó Chór Airm Rua na Rúise
Posted by An Spailpín at 9:00 AM
Labels: Amhráin na mBádóirí Volga, Cór Airm Rua na Rúise, cúrsaí reatha, Éirinn, Gaeilge, Léargas 2009, polaitíocht
Friday, August 14, 2009
Poblacht Bhanana
Bhuail An Spailpín Fánach le fear i rith na seachtaine agus tuiscint an airgid leis. Bhí cúrsaí an lae á phlé againne beirt, agus an gcuirfeadh scéal Liam Carroll an tairne deireanach sa dtír.
Dúirt mo chara liom go bhfuil an tír faoi bhrú ar dhá thaobh, mar rath faoi ghluaiseacht phionsúir más maith leat. Tá cíosanna ag éirí agus an rialtas ag iarraidh a gcuid seirbhíse a choinneal ar an bhfód, ach níl ach na seirbhísí sibhialta ag obair, beag nó mór. Mar sin, tá cíosanna á íoc ag na stát seirbhísí chun a bpá féin a íoc.
Cá bhfuil an íomhá a thaispeánann an tubaiste níos soilire?
Níl dream sa domhain mór a gcreideann seafóid fúthu féin mar a chreideann na Gaeil. Le deich bliain, d'insímis lena gcéile go bhfuil athrú mór tagtha ar an tír. Nach dtitfeadh cúrsaí ar ais mar a bhíodh. Go bhfuil ré an Entrepreneur linn ina ngabhann gach duine cad is tuillte do nó di, amach ó cé atá ina ghaol leis nó léi.
Ach nuair a shéideadh an fheadóg agus a scaipeadh an bhladair, bhíomar mar a bhímis go deo. Ag déanamh beartacha faoi rún chun an pingin corraithe a dhéanamh, ag cóiméad súil orainn féin agus an diabhal leis an duine eile, ag glacadh pingin bog an rialtais agus gan ach an rud is lú a dhéanamh ar a son. Ag tógáil polaiteoirí atá chomh dúr leis an gcasúr ach atá ina chónaí sa gceantar agus ab fhéidir an pinsean seanaoise a fháil ar stócach sé bhliana déag.
Insítear sa mBíobla nach bhfuil faic tada nua faoin ngrian agus nach n-athríonn an liopard a spotaí, agus is fíor go leor é. Níl ceacht na stáire foghlamtha ag na Gaeil, agus déanfar na botúin céanna, go lá deireadh an tsaoil, go dtí go bhfoghlaimeofar.
Bhí cara chara an Spailpín i Londain, Shasana, le déanaí. Chonaic sé an méid gluaisteán Gaelach céanna ar sráideanna Cricklewood Broadway mar a feictear i sráideanna bailte na hÉireann. Tuigeann na daoine sin an scéal. Tá deireadh leis an tír seo, agus is cóir le gach mac mháthair a éalú a dhéanamh más fhéidir leis ar chur ar bith.
Feictear anois go raibh Liam Carroll i gcroílár fiach tógála na tíre seo. Tugadh gach seans do agus anois, agus eisean tite ar deireadh, seans maith go dtitfeadh gach rud isteach sa poll céanna. Caillfear an tionscal tógála ar dtús, agus ansin na tionscail a bhí ag brath ar na tógálaí - daoine déanamh an rolla bricfeasta ag breathnú ar fhear an rolla bhricfeasta. Isteach leis na bainc freisin - tar éis deich bliain ag tabhairt airgead do gach pleidhce a théadh isteach an doras chucu, ní dtabharfaidís iasacht anois do Bhanríon Shasana féin chun ceadúnas madra a íoc.
Tá sé mar snáth éigin i ngeansaí - nuair a tosaítear ag tarraingt air, tabharfar air go dtí go bhfuil an geansaí imithe, agus níl agat ach giobal. Is í Éirinn an giobal sin sa lá atá inniu ann, agus ní bheidh fágtha sa tír ansin seachas iadsan gan éalú. Léigiún an Chúlgharda. Guígí orthusan anocht, a chairde; níl seans eile acu ach paidir.
Technorati Tags: Gaeilge, polaitíocht, Éirinn, meathlú
Wednesday, June 24, 2009
An Chathair Fholamh
Bhí sár scannán sa bpictiúrlanna cúpla bliain ó shin darbh ainm 28 Days Later. Baineann an scannán le fear a dhúisíonn i leaba ospidéil agus an domhan athraithe go deo i ngan fios dó. Tá radhairc chumhachta ag tús an scannán ina théann mo dhuine isteach go gcathair Londain, agus gach duine imithe as.
Níl an scéal chomh dona i mBaile Átha Cliath fós ach a Thiarna Dé, is dall an súil nach dtabharfadh faoi deara nach bhfuil an méid tráchtála sa gcathair mar a bhíodh. Nach bhfuil ar chur ar bith.
Éistim le Morning Ireland gach maidin, agus de gnáth anois tosaíonn duine an AA le "bheul, iontach go léir, níl mórán gluaisteáin ar na bóthair fós ar maidin." Tar éis cúpla mí, ní iontach an scéal é níos mó. Is gnáthscéal é anois.
D'inis cara an Spailpín le déanaí go raibh air dul sa ngluaisteán ó Maigh Nuad go dTor an Bhacaigh maidin amháin, agus rinne sé an bealach faoi uair a chlog. Bliain nó dó ó shin, ní bhuailfeá Leamhcán amach ó Maigh Nuad i dturas uaire, fiú amháin áit taobh eile na cathrach.
Ach malairt an scéil atá againne anois. Bíonn na bóthair ciúine go leor sa tsamhraidh agus na páistí sa mbaile ón scoil, ach anois is mar príomhbhrod an Maire Celeste an chathair anois, i gcomparáid le mar a bhíodh. Scríobh David McWilliams i bpríomhleabhair an ré Tíogair, The Pope's Children, go raibh bóthair na cathrach lán le leoraithe á thiomáint ag Breakfast Roll Man ag bualadh a bhealach amach ó Bhudland go dtí an suíomh tógála. Tá an fear céanna sa leaba anois gach maidin, agus fanann sé ann chomh fada mar ab fhéidir. Fad atá sa leaba ní chaitear airgead, agus níl an airgead chomh flúirseach mar a bhíodh.
Feictear an easpa daoine i siopaí an Tíogair freisin, ach go h-áirithe i siopaí na h-ionadaí siopadóireachta. Is breá leis an mBleá Cliathach a éadaí fóillíochta, agus tá na h-ionadaí siopadóireachta lán le siopaí dá chuid seo. Bhí an Spailpín amach i gceann amháin acu le déanaí, in Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir. Níl an siopa chomh láidir le Ardeaglais Chartes, ach níl sé beag ach an oiread.
Ach an oíche seo, bhí láidreacht an siopa curtha i gcodarsnacht le chomh folamh agus a bhí an siopa. Bhí na cultacha reatha bándearg crochta go néata ar a gcrochadáin, ach gan cailín dá laghad chun dul isteach agus a smaoineamh go rabhadar "deadly." Bhí beirt cailíní siopa ag fanacht ar an scipéad airgid, ag breathnú ar a n-ingne agus ag smaoineamh cá raibh na siopadóirí, agus cathain a bhfillidís ar ais. Táid ag fanacht fós, is dócha, go bhfóire Dia orthu.
Technorati Tags: Éirinn, polaitíocht, meathlú, Baile Átha Cliath
Friday, May 29, 2009
An tOlc Idir Linn agus Dia - An Creideamh Cailte Go Deo in Éirinn?
Agus An Spailpín Fánach ina stócach sa Chontae Mhaigh Eo ins na seachtóidí, níor shíl mé go deo na ndeor go gcaillfear an chreidimh in Éirinn. Tuigim ón stáir go raibh an Eaglais níos láidre, idir an dhá chogadh domhanda ach go háirithe, ach fágaim le huacht go raibh sí láidir go leor le mo linne.
Cuireadh craoltóireacht teilifíse ar ceal Aoine an Chéasta, in ómós an tSlánaitheora, crochta ar an gcrios. Dúnadh na siopaí go léir ag a trí a chlog, agus ní n-osclóidh iad go dtí maidin an tSathairn. Is cuimhin liom go maith amach ag súgradh sa ghairdín s'againne sa bhaile Bhéil an Átha, agus chomh ciúin a bhíodh an baile, tráthnóna Aoine an Chéasta, gach doras dúnta, gan duine nó deoraí amach as baile.
Scríobh an Sasanach Edward Gibbon ina leabhar cáiliúil Meath agus Leagadh na hImpireachta Rómánaigh go raibh an Impire caillte fiú amháin agus í i mbarr a cumhacht. Nuair a d'fhoilsigh Caesar Augustus go raibh sé éirithe ina Dhia chomh leis bheith ina fhear, bhí deireadh céanna seo leis an sliocht Rómánach agus a slí bheatha go léir. Cailleadh iad caoga bliain roimhe sin, nuair a tháinig Julius Caesar trasna na h-abhainn Rubicon, thit Poblacht na Róimhe agus d'éirigh an Impreacht ina h-áit.
Feicimid an scéal céanna anois leis an gcreideamh in Éirinn. Ba chúis bhróid na tíre é gur sheasamar inár n-aonar ar son an chreidimh leis na blianta fola fada, i gcoinne lámh láidir Shasana, an drochshaoil, Sheáin na Sagart, Soupers agus gach chuile rud. Ba chuairt an Phápa i 1978 duais na blianta fada sin don bhfíréin nár bhog.
Agus an Pápa féin ar fhód beannaithe na hÉireann, ag rá Aifrinn i nGaillimh nó i bPáirc na Fionnuisce, BÁC, bhí na cúrsaí gránna, olca ar siúl. Ag an am céanna. Dúradh i sean-scríbhinní na hEaglaise go bhfuil peacaí an "a nglaonn ar Neamh ar son díoltais." Murab iad seo na peacaí sin, cén brí atá fágtha sa fhocal?
Dúradh ag tús na hEaglaise go raibh dhá saghas peacaí ann - peacaí déanta agus peacaí neamh-déanta. Go bhfuil an béim céanna ar an bpeaca nuair nach ndéantar rud maith mar atá ar an bpeaca gránna. Níl a fhios agam cén saghas peacaí iad nuair a tharla an drochíde seo. Déantar dearmad, uaireanta, chomh soineanta a bhí an saol úd. Ach cé a mbeadh chomh dall nach n-aithneodh feoil? Nach n-aithneodh cnámha briste? Nach n-aithneodh deor?
Sinne atá ag éirí sean, ní chuimhin linn ar chomh fada siar atá na blianta ina raibh an Eaglais ina cumhacht. Craoladh Father Ted i 1996. Trí bhliain déag ó shin, agus ag éirí níos faide gach uile lá. Tá na glúine fásta suas anois agus gan aithne acu ar Eaglais seachas amadán dá leithéid Ted nó Dougal nó beithigh salacha dá leithéid Brendan Smyth nó Seán Fortune. Ní fhéidir leo breathnú siar ar stáir glórmhar na hEaglaise ach an oiread, toisc gur athraigh gach rud tar éis an Dara Comhairle Vatacánach.
Níl fios acu go bhfuil a rás rite in Éirinn. Cuirtear gealt Nietzsche, an fear a dúirt go raibh Dia marbh, im' aigne. "Cad iad na séipéil nó na eaglaisí seo," a iarradh sé, "ach tuama agus uaigheanna Dé?"
Bhí an tArdeaspaig Martin ag caint an seachtaine seo cainte faoi leithscéalta agus admháil lochta. Agus an rud is measa atáid ciontach faoi na go bhfuil an Creideamh caillte in Éirinn anois. Tar éis na blianta fada fola. Creideamh ár n-aithreacha, a sheas in aghaidh doinsiúin, tine agus claímh, caillte go deo anois in Éirinn. Go bhfóire Dia orainn go léir.
Technorati Tags: Gaeilge, Éirinn, polaitíocht, drochíde, creideamh
Friday, April 24, 2009
An bhFuil an Neamhspleáchas Tuillte ag na Gaeil?
Fógraíodh Poblacht na hÉireann ar an lá seo nócha bliain ó shin, an 24ú Aibreán, 1916, os comhair an GPO, Sráid Sackville (mar a bhíodh), Bleá Cliath. Bunaíodh Saorstát Éireann i 1922, sé bhliain tar éis an tÉirí Amach - tamaillín beag i rith na ocht gcéad bliain a bhíodh na Gaeil faoi smacht an choróin.
Ach an cheist atá ag bhur Spailpín dóibh inniu, trí bhliain is nócha tar éis an tÉirí Amach, ná arbh fhiú don bPiarsach, don gCléireach agus do na roinnt daoine eile ar chaill fuil nó saoirseacht nó an saol féin ar son na tíre bogadh sa chéad áit? Ar chóir dóibh an scéal a ligeadh mar a bhíodh, agus Éirinn a fhágáil mar oileán beag ar thaobh na mórthíre, ball sásta an Ríocht Aontaithe? An bhfuil neamhspleáchas tuillte ag na Gaeil?
I rith na blianta saibhre in Éirinn, blianta atá imithe anois, ba fhaiseanta an rud é a rá, tar éis béile bhreá éigin i dtigh Paddy Guillbaud's nó teach mar a chuid, go raibh a h-anam caillte ag Éirinn agus an saibhreas linn. Tá an saibhreas caillte anois, gan filleadh le tamaill fada, má bhfilleann ar chur ar bith, ach níor fhill anam na nGael ar ais. Agus an cheist a chuireann an Spailpín air féin ná an raibh an t-anam céanna ann riamh, nó an rabhamar á mealladh orainn féin leis na blianta?
Bhínn an-tógtha le cúpla líne filíochta ón bPiarsach tráth amháin, in a scríobh sé faoi uaisleacht na nGaeil, gurbh cine uasal iad na nGaeil in ainneoin a gcuid slabhra; "august, despite their chains."
Agus an tír i bponc ceart anois táim ag fanacht ar an uaisleacht sin, an uaisleacht in aghaidh na slabhra, an uaisleacht as a bhfásann ceart na nGael bheith saor agus ár n-áit a thógáil i measc náisiúin an domhain. Cad a fheicim ina h-ionad? Gach duine is diabhal ar sráideanna na tíre ag beicéal cad fúm féin, cad fúm féin. Gach duine is diabhal gan bacadh cad a tharlóidh go dtí go dtiocfaidh siad slán féin. Gach duine is diabhal ar an nguthán go Liveline ag insint Joe go rinneadar botún ina ngnó féin ach nach bhfuil siad féin ciontach fúthu, ach gur chóir an rialtas iad a thabhairt slán.
Dúirt Gael cáiliúil uair amháin nárbh í an cheist cad a ndéanfaidh tír duine ar a shon, ach cad a ndéanfaidh duine féin ar son a thíre. Tá an Spailpín ag fanacht anois ar daoine a ndéanfaidh rud éigin ar son a dtíre, in ionad bheith in a suí ar a dtóin bhoga ramhair ag fanacht ar seic agus clárach ar a bun. Beidh mé ag fanacht tamaillín, sílim.
Féachaigí ar an tír a rinneamar ins na nócha bliain atáimid "saor." Táimid níos ghiorra leis an mórthír ná mar a bhímis riamh. Tá ár meán chumarsáide neamhspleách caillte linn, agus na Gaeil sásta go leor ag léamh nuachtáin Shasana agus ag breathnú ar a teilifís. Conas atá cultúr na nGael difríocht le chultúr mór na mórthíre, mar a bheadh an agus an Lord Lieutenant i bPáirc an Fionnuisce fós?
Cáintear go minic an fhéachaint istigh a bhíodh ar siúl ag an Saorstát ins na fichidí. Is fíor go raibh an iomarca béim acu oraibh féin, agus nárbh chóir dóibh an domhan mór a seachaint go dtí mar a sheachnaítí san aimsir sin. Ach ba chóir dóibh seasamh ar rud éigin, ar an Éirinn Ghaelach a bhí á thógáil acu. Ní sheasann na Gaeil ar rud ar bith sa lá atá inniu ann. Tá brionglóid Éireann Gaelaí caillte anois, má chreideadh inti sa chéad áit.
Tá tríocha Dáil Éireann tógtha ag na Gaeil ó bhunaíodh an chéad Dáil nócha bliain ó shin, bunadh ar chomóir an rialtas seo le déanaí. Sin roinnt ama ar gcultúr féin a chur ar an rialtas, agus a sheasamh go bródúil i measc náisiún an domhain. Cad a rinneamar i rith na tríocha Dáil? Bhunaíomar agus coinnealbháimid beo cultúr ina bhfuil áit cónaithe polaiteora níos tábhachtaí ná cad a chreideann sé nó sí. Tá an iomarca Teachtaí Dála againne, agus tá an córas toghadh líofa go leor.
Léigh mé Cuimhní Cinn le Liam Ó Briain cúpla bhliain ó shin. Bhí an Brianach amach i 1916 agus ba iontach é léamh chomh brionglóideach a bhíodh sé agus a gcomrádaí faoin Éire nua a bhí á bhunú acu. I rith an cath, bhíodar i gColáiste na hOllscoile, Átha Cliath, ar Ardán Phort an Iarla, an áit atá an NCH sa lá atá inniu ann, sílim. Bhíodar ag iarraidh baracáid a dhéanamh, agus d'iarr cúpla Óglaidh ar an mBrianach an chóir dóibh cúpla seanleabhair a úsáid sa bharacáid. D'fhéach an Brianach ar na leabhair agus dúirt sé leo "sin iad Annála na gCeithre Máistrí. Má táimid ag troid ar rud ar bith, táimid ag troid ar an leabhar sin. Cuir uaibh iad."
Cé fhios anois in Éirinn cérbh iad na Ceithre Máistrí, nó cad é a leabhar? Sin an mhéid atá saoirse tuillte ag na Gaeil.
Technorati Tags: Gaeilge, Éirinn, polaitíocht, cultúr, neamhspleáchas
Posted by An Spailpín at 9:00 AM
Labels: cultúr, Éirinn, Gaeilge, neamhspleáchas, polaitíocht
Tuesday, January 27, 2009
Fáilte is Fiche Roimh Banríon Shasana?
Bhí alt spéisiúil go leor san Irish Times inné, ag plé cathain an mbeidh sé cóir do Banríon Shasana dul ar chuairt anseo in Éirinn. Shíl an Spailpín gur chóir di teacht anseo, agus an seanchogadh thart ar deireadh, ach tar éis na píosaí inné, nílim chomh cinnte mar a bhínn.
Cuireann Mary Kenny an cás ar son na Banríona, ach ní chuireann sí go maith é. Feicim féin go mbaineann filíocht éigin le seanteidéil Shasana, ach tá Mary beagán ró-thóga leo - ní mór domsa cé atá ina leath-dheartháir leis an Iarla Rois, mar shampla. Agus maidir le máithreacha Átha Cliath ag cur fáilte le Prionsa na Breataine Bige, agus eisean anseo ar chuairt i 1995, tá an Prionsa tuilte go leor dóibh, agus go raibh siad go léir sásta lena gceile.
Chuir Charles Lysaght an crú ar an tairne nuair a iarrann sé cé a dtiocfadh amach ar na sráideanna dá mbeadh Banríon Shasana i paráid éigin ar Sráid Uí Chonáil? Cé a chasfadh brat an aontais in ómós di? An dtógfá féin, a léitheoir?
Shíleas féin le fada gur chóir Banríon Shasana dul ar chuairt anseo, chun a thaispeáint go deo go bhfuil an sean chogadh thart. Insíonn an beirt Géaróid agus Máirtín go bhfuil, agus má tá fios ag duine ar bith, tá a fios ag an dtriúr sin. Ach tá an cheart ag Lysaght san Irish Times go bhfuil sé ró-luath fós, gur mhair an dearg fola os comhair an ghlais ró-fhada chun dearmad a dhéanamh, agus Banríon Ellis II a ghlacadh mar gnáth cuairteoir eile. Ní mbaineann an fadhb le ceist an Tuaiscirt, agus síocháin ansin anois. Baineann an fadhb leis an gceist a chuireadh níos luath - cé a dtiocfadh amach chun fáilte a chur roimh an mBanríon? Cé a chasadh an brat di?
Ba cathair an tSeoinín í Bleá Cliath go deo, agus ar mo bhealach féin thall is abhus sa chathair faighim boladh Shasana i ngach uile áit. Uaireanta, i siopa éigin, ní bheidh a fios agat an i mBleá Cliath nó Brighton atá tú. Níor éirigh leis na Gaeil fíor-scoilt a dhéanamh eadrainn agus an t-oileán eile i rith na nócha bliana tar éis bunús an Saorstát, agus orainn atá an locht, agus ar na Gaeil féin amháin. Ar son cén rud ar chrochadh Caoimhín de Barra agus dódh Corcaigh? Go gcaithfeadh na Gaeil a dtráthnónta ag breathnú ar an X-Factor, cosúil le Heathcliff agus Cathy ag breathnú isteach fuinneog na Lintons san úrscéal Wuthering Heights?
Shamhail lucht 1916 go mbun náisiún Gaelach tar éis an tÉirí Amach, agus is léir anois gur theip ar an mbrionglóid sin. Ach níl an crógacht againn an fhírinne sin a admháil, nó an Éire sin a bhunadh i gceart agus mar sin, tagann an dúil amach in áiteanna aite. Is iad an dream atá ag ceannaigh na geansaí Manchester United agus ag breathnú ar an X-Factor a mbeadh amach ar na Sráideanna ag caitheamh cloch roimh an mBanríon.
Tá an cheart ag Charles Lysaght - más mhaith leis an mBanríon dul go hÉirinn ba chóir di dul anseo mar duine sa slua ag rás capall. Má thagann sí lena coróin, corróidh sí na daoine, agus an fhírinne searbh gur theip orainn an Banríon agus a ré a chur ar ár gcúl.
Technorati Tags: Gaeilge, polaitíocht, Banríon Shasana, stáir
Tuesday, November 04, 2008
Scéal Bertie Ahern Aréir
Nárbh fíor-spéisiúil an clár teilifíse aréir ar Bhertie Ahern, iar-Thaoiseach na hÉireann? Shíleas féin, ar dtús, nach mbeidh ann ach obair sneachta, mar a deirtear i Meiriceá, ach taispeánadh cuid Bertie nár thaispeánadh riamh. Bíonn Bertie cúramach, cúramach, cúramach go deo, ach seo é an chéad uair riamh nuair a bhfuarthas sracfhéachaint ar an bhfear féin.
Bhíodh Bertie Ahern agus ré Bertie, ré an Tíogair Cheiltigh, go dtuga Dia trócaire ar an bpiscín bocht, á chánach riamh nár bhaineadh creideamh éigin taobh thiar an ré. Dúirt Alan Dukes, an Taoiseach is fearr nach raibh againne riamh, nár shíleadh sé go raibh radharc éigin ag Bertie conas an thír a feabhsú, a dhéanamh níos fearr ná mar a bhíodh. Agus is léir ón gclár aréir go raibh an cheart ag Dukes; níor bhac Bertie agus a dhream le tada seachas an chumhacht.
Toghadh Bertie don gcéad uair i 1977, agus d'adhmail sean-chairde Bertie Ahern, a bhí ar an sráideanna ar a shon an aimsir sin, nach raibh suim dá laghad acu i bhFianna Fáil ná an polaitíocht. Cheapadar gurb a dtáirge é Ahern, agus bhí orthu é a díol le daoine an cheantair mar a dhíolfadh mála prátaí. Ní mbaineann mórán uaisleachta leis an straitéis sin, agus bá léir go raibh daoine i bhFianna Fáil curtha amach leis fós, tríocha bliain slán uathu anois.
Agus Bertie istigh i gcumhacht anois, bhí air a chumhacht a feabhsú agus a choinneáil níos daingne arís. Scrios Bertie agus a dhream - an "Drumcondra Mafia" - roinnt sean-chumann a bhíodh sa cheantar le fada, fada an lá, agus níor thaispeánadh mórán meas ar an seandream sin - cuid acu a sheas le Dev féin, is dócha - aréir. "The Yellow Rose of Finglas" a chur duine acu ar Jim Tunney, fear a rinne rud ar son a thíre, agus bhí blas gránna ar an gcaint sin. Dúirt duine eile acu nárbh ann sa sean-chumainn sin ach seandaoine ag bualadh le chéile "ar son tae agus bogchaint ar 1916." Is tír eile an t-am atá thart dár leis na Maifiosi seo.
Ní chóir gan scríobh go bhfuil fíor-bhua polaitíochta ag Bertie Ahern, gur thug sé síocháin sa Thuaisceart agus saibhreas sa Dheisceart, rud nach mbíodh ag ceachtar acu céanna seo. Ach tá boladh gránna ann freisin maidir leis an dtóir cumhachta seo, agus an drochmheas a thaispeánadh ar an seandhream Fianna Fáil, daoine dá leithéid George Colley nó Jim Tunney. Agus déanann Bertie an madra le chuid dá scéalta. Mar shampla:
Déantar roinnt cainte i gcónaí maidir le Bertie agus a grá spóirt. Bhí an bhogchaint seo ar an gclár aréir, agus Bertie ag bladaráil maidir lena óige mar pheileadóir. Ach níor chonaiceamar ach pictiúr amháin, agus sa phictiúr sin cé go raibh na buachaillí eile ag caitheamh léinte spóirt, bhí a éadaigh sráide ar Bertie. Nuair a chonaic do Spailpín é, tháinig na sean focail Chathail Uí hEoghaigh arís im' chloigín: "An fear is cliste, is glice, is neamhthrócairigh don gcuid go léir." Táim ag tnúth go mór leis an dara chlár.
Technorati Tags: Gaeilge, Bertie Ahern, polaitíocht, RTÉ
Wednesday, April 02, 2008
Oidhreacht Bertie Ahern
Fuair do Spailpín Fánach ríomhphost ó fhealsúnóir atá ina chara dom ar maidin, agus eisean ag smaoineamh ar imeacht Bertie Ahern. Ba chóir do Bhertie a cheacht deireanach a fhoglaim ó Chathal Ó hEoghaigh dar leis, agus luaigh ar Othello ar a lá deireachach. Ach in ionad na focail Othello a luaigh Ó hEochaigh, "rinne mé chuid séirbhise ar son an Stáit," ba chóir do Bherite tagairt a dhéanamh ar Iago: "seo mar a chuirim mo sparán i m'amadán dom."
Tugaim faoi deara gur duirt Enda Ó Cionnaigh gurbh iad eachtra Mahon a mbeidh ina oidhreacht ag Bertie Ahern. Tá an mí-cheart ag Ó Cionnaigh agus, mar is gnáth leis, ní thuigeann sé an uair. Agus Bertie tite ar a chlaíomh anois, tá a oidhreacht slán go deo na ndeor. Is cuma cad a thárlóidh ag Mahon as seo amach. An scéal is measa a dtiocfaidh amach, mura a bhfuil an dubh ina bhán againne go deo, ná gur ól sé braoinín fíona altóra, nach raibh sé ar thóir na mbuachaillí altóra. Ní fear olc é Bertie Ahern mar duine; agus eisean ina Thaoiseach bhí an tír níos saibhre ná mar a bhí riamh, agus thóg sé síochán don Tuaisceart. Is mór-éacht ceachtar acu; lena cheile, níl duine ar bith comh mór le Bertie Ahern i stáir na tíre ná Dev féin, b'fhéidir.
Bhí réalt óg Fine Gael, Lucinda Creighton, ar an raidió aréir, agus ise ag cáineadh an dámaiste a rinneadh Bertie Ahern ar mheas polaitíochta in Éirinn. Is fíor dí go bhfuil meas polaitíochta níos ísle na mar a bhí riamh, ach níl ar Ahern amháin atá an locht. Cá raibh an freasúra nuair a bhí Bertie faoi bhrú? Cén fáth nar ionsaíodar air i rith an toghchán an bhliain seo caite? Mar ní chóir daoine ina gcónaí i dtithe gloine cloig a chaitheamh. Tá an boladh bréan ar na polaiteoirí mar tá an boladh céanna orainne go leir? Nuair atá cúpla punt sínte amach duinn - "duit féin, a mhic, meas tú," - agus an sméideach tugtha duinn, nó nuair a fheicimid seans cúpla punt a dhéanamh ar leathaobh, cé againne a dhiultaíonn? Sinne atá leisciúl, agus gach uile duine eile ag baint gach pingin rua.
Ach tá rud níos measa ag cur isteach ar an Spailpín anois, agus mise ag iarraidh radharc a fháil ar na blianta romhainn. An bhfuil an polaitíocht tabhachtach fós in Éirinn? Cén fáth nach bhfuil freasúra ann? An bhfuil an Tánaiste ina fhíor-fhreasúra? Mar tá níos mó seans ag leas-cheannaire Fianna Fáil dul ina Thaoiseach ná mar atá ag ceannaire an fhreasúra faoi láthair, agus ní fheictear fógra dá laghad go n-athrófar an scéal.
Beimid ag céillúradh an tÉirí Amach i gceann ocht mbliana, agus bunús an Saorstáit i 2021. Cén cuma a mbeidh ar an stát ansin? An mbeidh na Poláinnigh bogtha ar aís anóir? An meid roinnt maith Gaeil imithe leosan, ar thóir obair, mar a d'imigh a sínsear leis na blianta, agus na tithe breá nua folamha ar a gcul? Cad í Éirinn - tír neamhspleach, nó ceantar iarthair na hEorpa? Labhraitear roinnt bhladair faoi fhobairt na tuaithe, ach cad atá ag tárlú ach go mbogann gach aon duine go Bleá Cliath ar thóir oibre? Sin an fadhb is mó, níos laidre ná cúrsaí eacnamaíochta nach bhfuil faoi smacht tír bheag cosuil linne ar aon anós, atá os comhair an Taoisigh nua.
Maidir le Bertie féin, fágaim an focal deireanach le Uinsin de Brún, agus alt ar scríobh sé san Irish Times ar an 23ú lá Meitheamh, 2004. Scríobh sé faoin meid foighne a bhí ag Bertie Ahern, gurbh é an bua is mó aige gurbh fhéidir leis gréim a choinnéal ar a chuid foighne agus gach uile duine ag ionsaigh air, do dtí go ndéantar an beart. Agus leabhar Jonathan Powell foilsithe le déanaí, ag taispeant comh deacair a bhí díospóireacht sular ndéarna an beart i Stormont, is cóir duinn cuimhneamh ar sin. Tá súil agam go mbeidh gach bua is beannacht ag Bertie Ahern i bhfómhar a saoil. Rinne sé roinnt oibre ar son na hÉireann, agus ní thógfar uaidh go deo í.
Technorati Tags: Gaeilge, polaitíocht, Bertie Ahern, cúrsaí reatha
Posted by An Spailpín at 2:24 PM
Labels: bertie ahern, cúrsaí reatha, Éirinn, Gaeilge, polaitíocht
Tuesday, May 01, 2007
An Polaiteoir is Tabhachtaí in Éirinn in ár Linne
Is é Mícheál Mac Domhaill, Táiniste agus Áire Dlí agus Cirt, an t-aon duine polaitiúla is tabhachtaí len ár linne. Níos tabhachtaí ná Seán Ó Loinsigh nó Cathal Ó hEochaigh nó fiú amháin Gearóid Mac Gearailt féin.
Tá Mac Domhaill tabhachtach ar an dá uair - toisc go bhfuil sé ina cheannaire ar na PDs faoi láthair, tar éis ré fada ina chroí agus ina choinsias dóibh, agus toisc nach mball de Fhine Gael fós é. Chun dul chun cinn teacht ar na PDs, bhí ar Fhine Gael dul i meath, agus sin mar a tharla nuair a d'fhág Mícheál Mac Domhaill iad chun dul leis na PDs nuair a mbunadh na PDs ins na 80í.
Chuir Dessie O'Malley na PDs ar an bhfód don chéad uair, ach ba léir nach raibh taobh thiar sin ach an sean-throid idir é féin agus Cathal Ó hEochaigh. Nuair a d'éirigh Fianna Fáil ró-thé don Máilleach, bhí air imeacht agus a pháirtí féin a chur ar siúl. Ba iad na PDs an páirtí sin, ach bhí ar an bpáirtí teaspáint do na Gaeil nárbh é an searbhas amháin a bhí taobh thiar dóibh, ach go raibh radharc nua reabhlóideach acu ar chúrsaí polaitiúla an Stáit. Ba é Mac Domhaill a thug an inchreidteach sin dóibh.
Cloistear go minic agus cúrsaí polaitiúla á phlé nach bhfuil radharc ag éinne faoi láthair, go bhfuil na Teachtaí Dála go leir cosuil lena chéile, nárbh fhéidir dífríocht a fhéiceál eadarthu. Ní chóir é a rá faoi Mícheál Mac Domhaill - ar ndóigh, tá an-iomarca radhairc ag Mac Domhaill, ach is é an radharc mí-cheart dár leis an Scoil Eacnamaíochta Doheny & Nesbitts, mar a chuir John Waters ar lucht cainte na cathrach. Tá na méain chumarsáide go leir in Éirinn ar an taobh clé, beag nó mór - nuair a mbíonn siad ag cur amach nach bhfuil radharc i gcúrsaí polaitiúla na hÉireann, cialltar faoi sin ná nach bhfuil radharc chlé ann. 'Sé an locht atá acu ar Mac Domhaill nach nach bhfuil radharc aige, ach go bhfuil an radharc mícheart aige, toisc go bhfuil Mac Domhaill ar an taobh dheis, agus go daingean ar an taobh dheis.
Agus is é sin an radharc nua a thug Mac Domhaill don bpolaitíocht na hÉireann, agus is é an tús nua an radhairc dheis sin a mbeidh mar oidhreacht aige. Toisc gur pháirtí ar an taobh dheis é Fine Gael ó bhúnadh é, is gá dóibh i gcónaí na polasaithe sin a thréigeadh agus iad i gcothrom rialtais le Pairtí an Lucht Oibre, mar shampla. Ach nuair a d'fhág Mac Domhaill Fine Gael agus a chreidimh iontu caillte tar éis an rialtas túbaisteach sin faoi Gearóid Mac Gearailt ó 1982-'87, thóg sé culaidh Fine Gael leis. Thóg sé an creideamh gur chóir duais a thabairt ar obair mhaith, drochobair a phianadh agus airgead an Stáit, an t-airgead a chailleadh ins na Roinn Rialtais, a luachtadh.
Scríobh trachtairí polaitiúla cosuil le Mícheál D Ó hUiginn agus Fionntán Ó Tuathail le fada an lá gurbh é an fadhb is mó ag cúrsaí polaitiúla na hÉireann ná nach bhfuil glan-deighilt idir an lucht chlé agus an lucht dheis. Ní raibh an ceart acu; bhí an ceart ag John Kelly bocht, iar-Theachta Dála Fhine Gael, a dúirt ins na h-ochtóidí gur chóir do Fhine Gael dul i rialtas le Fianna Fáil agus gan bacadh leis An Lucht Oibre níos mó, ach fuair sé an buíochas a fhaigeann gach taingire, magadh agus droch-bhacadh. Ach, agus na blianta á chaitheamh agus Mac Domhaill ag teacht in airde leis na PDs, tháinig saghas athrú orthu. B'fhéidir leo seanchulaidh Fine Gael - meas ar an ndlí, meas ar an airgead - a chaitheamh iad féin, ina saoirse ó dhrochmheánchan an seanpháirtí - na léiní ghorma, an sean-cheangail idir iadsan agus an Lucht Oibre, agus rudaí mar sin. Agus anois, cúig bhliana déag tar éis bás John Kelly, tá a radharc féin i gcumhacht, agus Mícheál Mac Domhaill ann mar anam agus intinn seandreaim Fhine Gael, cé go bhfuil an pairtí féin ar bhealach eile.
Sin é an fáth, sílim, go bhfuil an méid fuath ag lucht Fhine Gael ar Mhac Domhaill faoi láthair. Féach ar an méid masla atá ag Sarah Carey, bean a'tí, nó la belle chatelaine, an domhain blagadóireachta na Gaeilge, ar Mhac Domhaill ina blag sárspéisiúl polaitiúla GUBU? Ach i ndáiríre, cé acu ab fhearr léi mar cheannaire Fine Gael, Mícheál Mac Domhaill nó Inda Ó Cionnaigh? Sin é an fáth gurbh é Mícheál Mac Domhaill an t-aon duine amháin is tabhachtaí i gcúrsaí polaitiúla na hÉireann in ár linne - toisc go bhfuil sé ag tacaíocht le Fianna Fáil agus - b'fhéidir níos tabhachtaí - nach bhfuil sé fós ag tacaíocht le Fine Gael, a bhaile nádúrtha sa seansaol.
Technorati Tags: Éirinn, Gaeilge, toghchán, polaitíocht