Friday, August 14, 2009

Poblacht Bhanana

Bhuail An Spailpín Fánach le fear i rith na seachtaine agus tuiscint an airgid leis. Bhí cúrsaí an lae á phlé againne beirt, agus an gcuirfeadh scéal Liam Carroll an tairne deireanach sa dtír.

Dúirt mo chara liom go bhfuil an tír faoi bhrú ar dhá thaobh, mar rath faoi ghluaiseacht phionsúir más maith leat. Tá cíosanna ag éirí agus an rialtas ag iarraidh a gcuid seirbhíse a choinneal ar an bhfód, ach níl ach na seirbhísí sibhialta ag obair, beag nó mór. Mar sin, tá cíosanna á íoc ag na stát seirbhísí chun a bpá féin a íoc.

Cá bhfuil an íomhá a thaispeánann an tubaiste níos soilire?

Níl dream sa domhain mór a gcreideann seafóid fúthu féin mar a chreideann na Gaeil. Le deich bliain, d'insímis lena gcéile go bhfuil athrú mór tagtha ar an tír. Nach dtitfeadh cúrsaí ar ais mar a bhíodh. Go bhfuil ré an Entrepreneur linn ina ngabhann gach duine cad is tuillte do nó di, amach ó cé atá ina ghaol leis nó léi.

Ach nuair a shéideadh an fheadóg agus a scaipeadh an bhladair, bhíomar mar a bhímis go deo. Ag déanamh beartacha faoi rún chun an pingin corraithe a dhéanamh, ag cóiméad súil orainn féin agus an diabhal leis an duine eile, ag glacadh pingin bog an rialtais agus gan ach an rud is lú a dhéanamh ar a son. Ag tógáil polaiteoirí atá chomh dúr leis an gcasúr ach atá ina chónaí sa gceantar agus ab fhéidir an pinsean seanaoise a fháil ar stócach sé bhliana déag.

Insítear sa mBíobla nach bhfuil faic tada nua faoin ngrian agus nach n-athríonn an liopard a spotaí, agus is fíor go leor é. Níl ceacht na stáire foghlamtha ag na Gaeil, agus déanfar na botúin céanna, go lá deireadh an tsaoil, go dtí go bhfoghlaimeofar.

Bhí cara chara an Spailpín i Londain, Shasana, le déanaí. Chonaic sé an méid gluaisteán Gaelach céanna ar sráideanna Cricklewood Broadway mar a feictear i sráideanna bailte na hÉireann. Tuigeann na daoine sin an scéal. Tá deireadh leis an tír seo, agus is cóir le gach mac mháthair a éalú a dhéanamh más fhéidir leis ar chur ar bith.

Feictear anois go raibh Liam Carroll i gcroílár fiach tógála na tíre seo. Tugadh gach seans do agus anois, agus eisean tite ar deireadh, seans maith go dtitfeadh gach rud isteach sa poll céanna. Caillfear an tionscal tógála ar dtús, agus ansin na tionscail a bhí ag brath ar na tógálaí - daoine déanamh an rolla bricfeasta ag breathnú ar fhear an rolla bhricfeasta. Isteach leis na bainc freisin - tar éis deich bliain ag tabhairt airgead do gach pleidhce a théadh isteach an doras chucu, ní dtabharfaidís iasacht anois do Bhanríon Shasana féin chun ceadúnas madra a íoc.

Tá sé mar snáth éigin i ngeansaí - nuair a tosaítear ag tarraingt air, tabharfar air go dtí go bhfuil an geansaí imithe, agus níl agat ach giobal. Is í Éirinn an giobal sin sa lá atá inniu ann, agus ní bheidh fágtha sa tír ansin seachas iadsan gan éalú. Léigiún an Chúlgharda. Guígí orthusan anocht, a chairde; níl seans eile acu ach paidir.





Technorati Tags: , , ,