Showing posts with label meathlú. Show all posts
Showing posts with label meathlú. Show all posts

Tuesday, September 03, 2013

Brian Cowen - An Fear Gan Aithne Air

Theip ar Brian Cowen mar Thaoiseach go h-uile is go h-iomlán. Is léir sin do chách. Ach an rud nach léir d'éinne ná cén fáth gur theip air chomh dóna sin? Cén fáth nach bhfuil cara dá laghad ann a sheasfaidh leis anois? Cén fáth nach bhfuil aon duine ann a rachaidh ina chosaint?

Tá an t-Iar-Thaoiseach sa nuacht arís agus agallamh leis chun chraoladh i gceann dhá lá. Tháinig scéalta ón agallamh - ar Chomhrá, ar TG4 - amach sa meáin an seachtain seo caite. Ní dúirt sé go raibh brón air, a thuairiscíodh. Cén fáth nach bhfuil brón air?

Ní raibh suim ag éinne sa méid a dúirt sé - ag fánacht ar an dólás amháin a bhí na meáin. Ní raibh spéis dá laghad acu le cad a bhí le rá ag Cowen, agus ní raibh ó 2008 nuair a tharla an tubáiste.

A leitheoir dhílis, an bhfuil fios agat cad é an rud is spéisiúla domsa maidir le filleadh gairid Brian Cowen sa saol pobail? Go ndearna sé as Gaeilge é.

Cén fáth Comhrá ar TG4? Is é Brian Cowen atá i gceist - dá gcuirfeadh sé glaoch gutháin ar eagarthóir ar bith in Éirinn beidh an príomh-leathanach aige agus gach leathanach istigh mar ba mhaith leis. Brian Cowen ab ea an chéad aoi ar an Late Late Show le Ryan Tubridy - nach síleann tú go mbeadh an dara fáilte ag Tubs dó? Cad faoi Marian, máthair faoistine na bpolaiteoirí le sách fada an lá? Cad faoi Pat Kenny, agus a chlár nua ar Newstalk?

Ach níor bhac Cowen le éinne acu. Shuigh sé síos le Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnacha, fear atá chomh fada le galántacht Bhleá Cliath 4 mar ab fhéidir a shamháil.

Is dócha go bhfuil an tuairim amach go raibh fíos ag Cowen go ngeobhadh sé agallamh níos boige ná mar a gheobhach sé ó Marian nó Pat Kenny. B'fhéidir. Ach rinne Tubs iarracht a thaispeáint go raibh carraigeacha aige san agallamh úd sin ar an Late Late ach níor bhuail Tubs sonc dá laghad ar Cowen. Is é Brian Cowen an fear a rinne agallamh ar Morning Ireland agus póit damnaithe air - má tá peacaí air, níl faitíos roimh an micreafón ina measc.

Tá go leor rún ann maidir leis an Taoiseach is míchlúití riamh. Cén fáth gur theip air chomh dona? Cén fáth go raibh sé chomh soineanta maidir le cúrsaí polaitiúla, ina bhfuil an blás níos tábhachtaí ná an briathar, mar a bhí sé? Cén fáth gur chaill sé a ghuth nuair a cheapadh ina Thaoiseach é? Bhí clú ar Brian Cowen roimh a cheannaireacht gurb é ceann de na polaiteoirí is cliste sa nDáil, go raibh meas ag an lucht polaitiúla air mar pholaiteoir agus mar fhear smaointe. Cén fáth ansin go bhfuil an tuairim amach go docht daingean anois gurb amadán an bhaile é?

Cén fáth, cén fáth, cén fáth. Tá scéal mór le insint, agus cinnte an leabhar polaitiúla na hÉireann is fearr le scríobh ag Brian Cowen, más mian leo. Ach tá sé damnaithe deacair a thuiscint cad is mian leis an Taoiseach rúnda seo.

Seachas rud amháin. Tá rud amháin cinnte faoi Cowen tríd is tríd, ón a chéad lá mar Taoiseach go dtí an lá a d'fhógraigh sé an toghchán ina bhain an pobal a ndíoltas amach air, go dtí an agallamh seo le Máirtín Tom Sheáinín a chraolfar i gceann dhá lá. Is fear tírghách go smíor é, agus meas sách laidir ar chultúr agus ar teanga na nGael.

Tá súil agam go scríobhfaidh sé an leabhair. Agus má scríobhfaidh, scríobhfaidh sé as Gaeilge é.

Friday, August 14, 2009

Poblacht Bhanana

Bhuail An Spailpín Fánach le fear i rith na seachtaine agus tuiscint an airgid leis. Bhí cúrsaí an lae á phlé againne beirt, agus an gcuirfeadh scéal Liam Carroll an tairne deireanach sa dtír.

Dúirt mo chara liom go bhfuil an tír faoi bhrú ar dhá thaobh, mar rath faoi ghluaiseacht phionsúir más maith leat. Tá cíosanna ag éirí agus an rialtas ag iarraidh a gcuid seirbhíse a choinneal ar an bhfód, ach níl ach na seirbhísí sibhialta ag obair, beag nó mór. Mar sin, tá cíosanna á íoc ag na stát seirbhísí chun a bpá féin a íoc.

Cá bhfuil an íomhá a thaispeánann an tubaiste níos soilire?

Níl dream sa domhain mór a gcreideann seafóid fúthu féin mar a chreideann na Gaeil. Le deich bliain, d'insímis lena gcéile go bhfuil athrú mór tagtha ar an tír. Nach dtitfeadh cúrsaí ar ais mar a bhíodh. Go bhfuil ré an Entrepreneur linn ina ngabhann gach duine cad is tuillte do nó di, amach ó cé atá ina ghaol leis nó léi.

Ach nuair a shéideadh an fheadóg agus a scaipeadh an bhladair, bhíomar mar a bhímis go deo. Ag déanamh beartacha faoi rún chun an pingin corraithe a dhéanamh, ag cóiméad súil orainn féin agus an diabhal leis an duine eile, ag glacadh pingin bog an rialtais agus gan ach an rud is lú a dhéanamh ar a son. Ag tógáil polaiteoirí atá chomh dúr leis an gcasúr ach atá ina chónaí sa gceantar agus ab fhéidir an pinsean seanaoise a fháil ar stócach sé bhliana déag.

Insítear sa mBíobla nach bhfuil faic tada nua faoin ngrian agus nach n-athríonn an liopard a spotaí, agus is fíor go leor é. Níl ceacht na stáire foghlamtha ag na Gaeil, agus déanfar na botúin céanna, go lá deireadh an tsaoil, go dtí go bhfoghlaimeofar.

Bhí cara chara an Spailpín i Londain, Shasana, le déanaí. Chonaic sé an méid gluaisteán Gaelach céanna ar sráideanna Cricklewood Broadway mar a feictear i sráideanna bailte na hÉireann. Tuigeann na daoine sin an scéal. Tá deireadh leis an tír seo, agus is cóir le gach mac mháthair a éalú a dhéanamh más fhéidir leis ar chur ar bith.

Feictear anois go raibh Liam Carroll i gcroílár fiach tógála na tíre seo. Tugadh gach seans do agus anois, agus eisean tite ar deireadh, seans maith go dtitfeadh gach rud isteach sa poll céanna. Caillfear an tionscal tógála ar dtús, agus ansin na tionscail a bhí ag brath ar na tógálaí - daoine déanamh an rolla bricfeasta ag breathnú ar fhear an rolla bhricfeasta. Isteach leis na bainc freisin - tar éis deich bliain ag tabhairt airgead do gach pleidhce a théadh isteach an doras chucu, ní dtabharfaidís iasacht anois do Bhanríon Shasana féin chun ceadúnas madra a íoc.

Tá sé mar snáth éigin i ngeansaí - nuair a tosaítear ag tarraingt air, tabharfar air go dtí go bhfuil an geansaí imithe, agus níl agat ach giobal. Is í Éirinn an giobal sin sa lá atá inniu ann, agus ní bheidh fágtha sa tír ansin seachas iadsan gan éalú. Léigiún an Chúlgharda. Guígí orthusan anocht, a chairde; níl seans eile acu ach paidir.





Technorati Tags: , , ,

Wednesday, June 24, 2009

An Chathair Fholamh


Bhí sár scannán sa bpictiúrlanna cúpla bliain ó shin darbh ainm 28 Days Later. Baineann an scannán le fear a dhúisíonn i leaba ospidéil agus an domhan athraithe go deo i ngan fios dó. Tá radhairc chumhachta ag tús an scannán ina théann mo dhuine isteach go gcathair Londain, agus gach duine imithe as.

Níl an scéal chomh dona i mBaile Átha Cliath fós ach a Thiarna Dé, is dall an súil nach dtabharfadh faoi deara nach bhfuil an méid tráchtála sa gcathair mar a bhíodh. Nach bhfuil ar chur ar bith.

Éistim le Morning Ireland gach maidin, agus de gnáth anois tosaíonn duine an AA le "bheul, iontach go léir, níl mórán gluaisteáin ar na bóthair fós ar maidin." Tar éis cúpla mí, ní iontach an scéal é níos mó. Is gnáthscéal é anois.

D'inis cara an Spailpín le déanaí go raibh air dul sa ngluaisteán ó Maigh Nuad go dTor an Bhacaigh maidin amháin, agus rinne sé an bealach faoi uair a chlog. Bliain nó dó ó shin, ní bhuailfeá Leamhcán amach ó Maigh Nuad i dturas uaire, fiú amháin áit taobh eile na cathrach.

Ach malairt an scéil atá againne anois. Bíonn na bóthair ciúine go leor sa tsamhraidh agus na páistí sa mbaile ón scoil, ach anois is mar príomhbhrod an Maire Celeste an chathair anois, i gcomparáid le mar a bhíodh. Scríobh David McWilliams i bpríomhleabhair an ré Tíogair, The Pope's Children, go raibh bóthair na cathrach lán le leoraithe á thiomáint ag Breakfast Roll Man ag bualadh a bhealach amach ó Bhudland go dtí an suíomh tógála. Tá an fear céanna sa leaba anois gach maidin, agus fanann sé ann chomh fada mar ab fhéidir. Fad atá sa leaba ní chaitear airgead, agus níl an airgead chomh flúirseach mar a bhíodh.

Feictear an easpa daoine i siopaí an Tíogair freisin, ach go h-áirithe i siopaí na h-ionadaí siopadóireachta. Is breá leis an mBleá Cliathach a éadaí fóillíochta, agus tá na h-ionadaí siopadóireachta lán le siopaí dá chuid seo. Bhí an Spailpín amach i gceann amháin acu le déanaí, in Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir. Níl an siopa chomh láidir le Ardeaglais Chartes, ach níl sé beag ach an oiread.

Ach an oíche seo, bhí láidreacht an siopa curtha i gcodarsnacht le chomh folamh agus a bhí an siopa. Bhí na cultacha reatha bándearg crochta go néata ar a gcrochadáin, ach gan cailín dá laghad chun dul isteach agus a smaoineamh go rabhadar "deadly." Bhí beirt cailíní siopa ag fanacht ar an scipéad airgid, ag breathnú ar a n-ingne agus ag smaoineamh cá raibh na siopadóirí, agus cathain a bhfillidís ar ais. Táid ag fanacht fós, is dócha, go bhfóire Dia orthu.





Technorati Tags: , , ,

Friday, September 26, 2008

Céad Tuar an Meathlaithe

Deireadh na brioscaí seacláide i ndán dona GaeilIs fear Tesco é bhur Spailpín Fánach. Tá mo chroíse geallta le fada ag Superquinn, ar ndóigh, agus áilleacht a gcuid siopaí agus boladh breá a gcuid aráin, ach is fear garbh go leor é An Spailpín agus ní théann an saol garbh agus an bia galánta le cheile de gnáth. Tá an Dunnes is giorra domsa fada uaim, má thuigeann sibh, agus mar sin, is fear Tesco é An Spailpín Fánach.

Agus tá sé sin ceart go leor. Tá trí siopa acu i bhfogas dom, agus rogha maith siopadóireachta agam dá bhrí. Tá gá an Spailpín simplí go leor, agus is iad na brioscaí príomh-chuid den rogha céanna. Tá éis lá fada, idir obair agus bheith buartha go gcaillfear obair, is breá liom an tráthnóna a chaitheamh le braon tae agus briosca. Briosca seacláide go háirithe.

Le déanaí, bhí beart spéisiúil acu i dTesco's. B'fhéidir leat trí chinn brioscaí seacláide a cheannach ar phraghas íseal, níos ísle ná praghas an trí cinn ina aonar. Bheifeá brioscaithe go maith ansin don seachtain seo chugat, agus DVD breá opera le féachaint agat, conas a n-éiríodh an saol níos binne?

Ach a léitheoir, tá meathlú geilleagrach ar siúl sa domhan mór faoi láthair, agus níl a fios ag duine nó deoraí an mbeidh a thigh féin aige an bhliain seo chugainn. Mar sin, cuirtear cnaipe breise ar gach uile sparán, agus bímid go léir níos cúramaí i gcúrsaí airgid ná mar a bhímis. Go háirithe 'sna siopaí.

Chonaic bhur Spailpín Fánach tuar an meathlaithe geilleagrach seo i dTesco's an deireadh seachtaine seo caite, agus mise isteach ar thóir mo bhrioscaí. Chonaic mé an paicéad ceart go leor, an páipéir ina bhfuilid curtha le céile, ach in ionad an Club Goldgrain gálanta, an Club Digestive binn nó an Chocolate Polo blasta, cad a bhí os mo chomhair ach an Ginger Snaps, an Digestive folamh agus an Polo lom go leor. Is brioscaí uaisle iadsan go leor, gach uile cheann acu, agus is minic a chuireas fiacla i nGinger Snap éigin, ach ba léir go raibh an seacláid scaipthe mar a scaipeann an ceo, agus nach dtiocfadh sí ar ais le fada, fada an lá.

Seo céad tuar an meathlaithe. I gceann tamaillín, beimid ag ól tae seamróige, déanta le trí chuileog, mar a óladh i rith an Cogadh Domhanda, agus beidh gúnaí na mban déanta ó seacéadach garbh in ionad síoda sleamhain. Beidh Irish Flirty Something mar, ATD!, sílim, nuair a chloiseann sí an drochscéal, an cailín bocht. Ach mo léan, seans go mbeidh roinnt casacht le bogadh fós!

FOCAL SCOIR: ADT? A Thiarna Dé, ar ndóigh. Cad eile?





Technorati Tags: , , ,