Agus na Gaeil teipthe i gcoinne na Breataine Bige, agus teipeadh eile gan amhras i ndán dóibh sa bhFrainc an deireadh seachaine seo chugainn, tá lucht tacaíochta na rugbaí á cheistiú acu féin. Agus 'sé ceann de na ceisteanna a chuirtear, uaireanta mar seo, ná cén fáth go n-éiríonn na Gaeil chomh maith sa gCorrán Heineken agus chomh dona sa gCraobh Sé Náisiún? Cén fáth go bhfuil tír ann cosuil leis an mBreatain Bheag narbh bhféidir rud ar bith a dhéanamh sa gCorn Heineken ach a n-imríonn mar deithe ar an ardán idirnáisiúnta?
Bhí sé deacair dul leis an rugbaí gairmiúla ar dtús in Éirinn, mar is eol ag éinne a gcuimhníonn ar ré Brian Ashton nó Murray Kidd. Ach tháinig an spórt chun cinn nuair a bhunadh an Corn Heineken, agus taitníonn an comórtas sinn leis na Gaeil níos mó ná mar a thaitníonn sé le aon tír eile.
Tá trí chuige na hÉireann 'sna cluichí ceathrú ceannais an Choirn Heineken anois, agus d'imir an ceathrú, Connachta, sa gCorn Heineken don gcéad uair riamh anuraidh. Agus cén fáth mar sin, agus an rugbaí intíre faoi bhláth, go bhfuil na Gaeil tar éis ruaigeadh eile a fháil ón mBreatain Bheag? Cá bhfuil an ceart?
Is dócha gurb scathán breagach ar stadas rugbaí na hÉireann é an Corn Heineken. Is deacair do na Gaeil glacadh le seo, agus na laethanta móra a bhíodh againne ag tacú le Laighin nó Mumha ar thóir an Choirn Heineken i ndúin stáiriúla na rugbaí cosuil le Biarritz, Glouscester, Leicester nó Toulouse leis na blianta. Ach má fheiceann tú níos giorra ar an scéal, tá fáisnéis ann nach raibh gaiscí sa gCorn Heineken, cé go rabhadar geal go leor, chomh sár-gheal sin gur chóir iad a sheinnt ar chlársaigh cheoil mar a sheinntear faoi láthair.
Arís; ní thaitníonn an Corn Heineken níos mó le éinne ná mar a thaitin sé leis na Gaeil. Tháinig sé ag an am ceart do na Gaeil, agus Sráth na hÉireann Uile, an chéad iarracht a rinneadh sa ré gairmiúla, ag titim as a cheile. Bhí an IRFU ar thóir comórtais a bheadh sa dara roinn taobh thiar an cluiche idirnáisiúnta, comórtas nach raibh ann in Éirinn, agus thit an Corn Heineken isteach ina n-ucht acu.
Cuimhnigh gurbh fhéidir leis na Cuigí éirigh mar a d'éiríodar mar ní raibh aon rud eile in iomaíocht leis. Ní raibh sean-chomórtas ann chun tarraigt ar dhilseacht na lucht tacaíochta. Níor tharla seo sa mBreatain Bheag, in a bhfuil an cultúr rugbaí is saibhre sa domhan mór amach ón Nua Sealainn nó an Afraic Theas.
Bhí coimhlint ghearr i rugbaí intíre na Breataine Bige. Deirtear i rith an Dara Cogaidh Domhanda gur thóg máthair mac thuas ar chnoc eigin Neath go dtí go mbreathnóidís beirt ar Swansea á scríosadh ag an Luftwaffe. Tá an coimhlint sin imithe anois, agus tá ar Neath agus Swansea imirt le cheile anois mar "Ospreys." Smaoinigh dá n-iarrfá ar Chill Ceannaigh agus ar Thiobráid Árainn imirt iomána le cheile mar fhoireann measca, báiste mar "Scoth na Siúire," abair - an dtaitníodh sin le mórán sa mbaile?
Tá cultúr rugbaí tíre cosuil le cnoc oighir - ní hé ach cuid beag de atá le feiceáil os comhair na mara. Tá cultúr rugbaí na Breataine Bige laidir go leo. Is oidhreacht na Breataine Bige é an rugbaí, tá sé istigh ina smior acu. Sin buntáiste atá ag an mBreatain Bheag i gcónaí.
Mar níl an rugbaí chomh mór in Éirinn mar a shílfeá. Seo anois a ré óir, níl aon amhras faoi sin. Ach níl an rugbaí i smíor na nGael, mar atá sé sa mBreatain Bheag nó san Afraic Theas nó i mbailte mhóra an rugbaí cosuil le Toulouse nó Gloucester.
Chomh maith le sin, an mbeidh na Gaeil ag éirí chomh maith sa gCorn Heineken mar a shílimid? An mbeadh na ceithre Chorn sin linn mura raibh na imreoirí thar sáile ann, imreoirí cosuil le Rocky Elsom, nó Dougie Howlett, nó Paul Warwick, nó Rua Tipoki?
Tá ré óir an rugbaí in Éirinn sa lá 'tá inniu ann, ach nílim cinnte fós an bhfuil an t-ór chomh geal mar a shílinn. Bhínn ar an tuairim gur chóir do na Gaeil éirí níos fearr, níos mó Craobh na Sé Náisiún a bheith acu agus na h-imreoirí a bhíodh acu le déanaí. Anois, táim ag fiafraigh ar éiríomar chomh maith mar ab fhéidir linn?
Seachas an n-imreoirí idirnáisiúnta, an mbeidh na ceithre Chorn ann, nó an titfeadh na Gaeil ins na babhta ceathrú ceannais, mar a thiteann siad chomh minic sa gCorn Domhanda?
Ábhar smaoineamh, agus sinne ag fanacht go h-uamhanach ar eachtraí sa bhFrainc oíche Dé Sathairn.
Thursday, February 09, 2012
Scoth an Heineken, Spreas na Sé Náisiún - Rugbaí na hÉireann ar an dhá Thaobh
Friday, May 01, 2009
Ní Fheadair Oidhreacht Rugbaí na hÉireann a Cheiliúradh agus Ulaidh ar Ceal
Shílfeá, agus na páipéir á léamh agat i rith na seachtaine, gur ceiliúradh mór rugbaí na hÉireann atá ós ár gcomhair i bPáirc an Chrócaigh seo chugainn. Fíor go leor go dtiteann gach chuile rud go maith don meáin maidir leis an gcluiche seo - dhá philéar breá rugbaí na hÉireann ag tabhairt aghaidh a gceile i bpríomh-eaglais spóirt na tíre, Páirc an Chrócaigh.
Gabhaigí leithscéal bhur Spailpín mura n-aontaím leis an mbreithiúnas bog seo.
Tá an tuairim amach in Éirinn gurb ionann iad foireann rugbaí Laighean agus foireann rugbaí Mumhan. Gurb mar dhá taobh an pingin amháin iad. Go bhfuil ceangal measca idir an meas agus an gráin eatarthu, mar an ceangal idir Ali agus Frazier, nó Batman agus an Joker. Go dtuigeann na Mumhanaigh iadsan i scáth na Laighin, agus vice versa, agus go bhfásann ré glóire rugbaí na hÉireann ón dhá chúige seo.
Agus níl sé fior ar chur bith. Is scéal bog éasca don meáin é, ceart go leor, meáin na Poblachta. Ach ceann de na rudaí is fearr a mbaineann le rugbaí na tíre seo ná go mbaineann an cluiche ar an tír go léir, idir tuaisceart is deisceart, gan bacadh le creideamh nó polaitíocht. I rith na laethanta fada brónacha 'sna Sé Chontae, b'fhéidir leis an tíre foireann aontaithe a chur chun páirce. Ba mór an éacht í, agus is náireach go deo anois go bhfuil an meáin chomh sásta dearmad a dhéanamh ar na Ultaigh a thug an mhéid ar thug siad ar son na tíre.
Is gránna, freisin, éisteacht le daoine ag tabhairt masla do na Ultaigh, ó chúinne a mbéal. Is fear Connachta an Spailpín, agus creidigí mise nach raibh Uladh pioc tada níos coimhthíche dom im' ghasúr i mBéal an Átha ná Baile Átha Cliath 4 cáiliúil. Is fíor go leor gur Aontaithe iad na Ultaigh, agus chomh oráiste le gloine Fanta. Ach cad a ndéanfadh cat ach luch a mharú? Nach bhfuil sé ceart go leor gurbh Aontaithe iad lucht rugbaí Uladh? Cad eile ab ea iad? Cé ab fhearr ach Seoiníní chluiche an tSeoinín a imirt?
Nuair a cloisim daoine ag gliogaireacht faoi Leoin na Breataine agus na hÉireann iarraim orm féin chomh corraithe a bhíodh Jack Kyle an idirdhealú a dhéanamh agus léine na Leon a deich a chaitheamh aige san Afraic Theas naoi mblian is caoga ó shin? Bíonn daoine na tíre seo ana-precious faoi rudaí nach mbacann le mórán, agus ní thugann siad aire dá laghad faoi chúrsaí atá tábhachtach go deo.
Tháinig athrú mór ar rugbaí na hÉireann ó bhunadh an ré gairmiúil agus an Corn Heineken. D'éirigh le Mumhan agus Laighin níos fearr leo ná mar ar éirigh Ulaidh (bíonn Connacht i gcónaí ar leataobh maidir leis an rugbaí ar ndóigh, agus ní n-athrófar sin) ach ag an am céanna ní bheidh rugbaí na hÉireann chomh saibhir mar atá sé mura raibh na hUltaigh ann. Ní chóir dearmad a dhéanamh orthu mar a dhéantar faoi láthair. Agus mar focal scoir, seo foireann rugbaí na hÉireann agus Ultaigh amháin atá togha uirthi. Níor imir David Humphreys mórán mar lán-chúlaí ach ní fheadair é a fhágáil ar leataobh agus ba é Kyle an chéad ainm a chuireas síos. Tá súil agam go n-éireoidh Humphreys chomh maith ag 15 mar ar éirigh le Neil Jenkins leis na Leoin i 1997. 'Sé Humphreys an t-aon cúlaí nár imir leis na Leoin, agus tá caiptín na Leoin is fearr riamh, Willie John McBride, againn sa phaca. Ar an drochuair bhí rugbaí na hÉireann íseal go leor nuair a n-imríodh Phil Matthews, agus ní raibh ach aon chaibín déag buaite ag Nigel Carr nuair a chuir buama críoch ar a saothar rugbaí. Ní chóir dúinn dearmad a dhéanamh ar cad a rinne fir Ulaidh ar son geansaí glas na hÉireann.
David Humphreys; Trevor Ringland, Harry McKibbin, Dick Milliken, Mike Gibson; Jack Kyle, Colin Patterson; Syd Millar, Steve Smith, Jim McCoy; Willie John McBride (c), Willie Anderson; Nigel Carr, Philip Matthews, Harry Steele.
Technorati Tags: Gaeilge, spórt, rugbaí, Mumhain, Laighin, Ulaidh, Corn Heineken