Friday, May 01, 2009

Ní Fheadair Oidhreacht Rugbaí na hÉireann a Cheiliúradh agus Ulaidh ar Ceal

Shílfeá, agus na páipéir á léamh agat i rith na seachtaine, gur ceiliúradh mór rugbaí na hÉireann atá ós ár gcomhair i bPáirc an Chrócaigh seo chugainn. Fíor go leor go dtiteann gach chuile rud go maith don meáin maidir leis an gcluiche seo - dhá philéar breá rugbaí na hÉireann ag tabhairt aghaidh a gceile i bpríomh-eaglais spóirt na tíre, Páirc an Chrócaigh.

Gabhaigí leithscéal bhur Spailpín mura n-aontaím leis an mbreithiúnas bog seo.

Tá an tuairim amach in Éirinn gurb ionann iad foireann rugbaí Laighean agus foireann rugbaí Mumhan. Gurb mar dhá taobh an pingin amháin iad. Go bhfuil ceangal measca idir an meas agus an gráin eatarthu, mar an ceangal idir Ali agus Frazier, nó Batman agus an Joker. Go dtuigeann na Mumhanaigh iadsan i scáth na Laighin, agus vice versa, agus go bhfásann ré glóire rugbaí na hÉireann ón dhá chúige seo.

Agus níl sé fior ar chur bith. Is scéal bog éasca don meáin é, ceart go leor, meáin na Poblachta. Ach ceann de na rudaí is fearr a mbaineann le rugbaí na tíre seo ná go mbaineann an cluiche ar an tír go léir, idir tuaisceart is deisceart, gan bacadh le creideamh nó polaitíocht. I rith na laethanta fada brónacha 'sna Sé Chontae, b'fhéidir leis an tíre foireann aontaithe a chur chun páirce. Ba mór an éacht í, agus is náireach go deo anois go bhfuil an meáin chomh sásta dearmad a dhéanamh ar na Ultaigh a thug an mhéid ar thug siad ar son na tíre.

Is gránna, freisin, éisteacht le daoine ag tabhairt masla do na Ultaigh, ó chúinne a mbéal. Is fear Connachta an Spailpín, agus creidigí mise nach raibh Uladh pioc tada níos coimhthíche dom im' ghasúr i mBéal an Átha ná Baile Átha Cliath 4 cáiliúil. Is fíor go leor gur Aontaithe iad na Ultaigh, agus chomh oráiste le gloine Fanta. Ach cad a ndéanfadh cat ach luch a mharú? Nach bhfuil sé ceart go leor gurbh Aontaithe iad lucht rugbaí Uladh? Cad eile ab ea iad? Cé ab fhearr ach Seoiníní chluiche an tSeoinín a imirt?

Nuair a cloisim daoine ag gliogaireacht faoi Leoin na Breataine agus na hÉireann iarraim orm féin chomh corraithe a bhíodh Jack Kyle an idirdhealú a dhéanamh agus léine na Leon a deich a chaitheamh aige san Afraic Theas naoi mblian is caoga ó shin? Bíonn daoine na tíre seo ana-precious faoi rudaí nach mbacann le mórán, agus ní thugann siad aire dá laghad faoi chúrsaí atá tábhachtach go deo.

Tháinig athrú mór ar rugbaí na hÉireann ó bhunadh an ré gairmiúil agus an Corn Heineken. D'éirigh le Mumhan agus Laighin níos fearr leo ná mar ar éirigh Ulaidh (bíonn Connacht i gcónaí ar leataobh maidir leis an rugbaí ar ndóigh, agus ní n-athrófar sin) ach ag an am céanna ní bheidh rugbaí na hÉireann chomh saibhir mar atá sé mura raibh na hUltaigh ann. Ní chóir dearmad a dhéanamh orthu mar a dhéantar faoi láthair. Agus mar focal scoir, seo foireann rugbaí na hÉireann agus Ultaigh amháin atá togha uirthi.

Níor imir David Humphreys mórán mar lán-chúlaí ach ní fheadair é a fhágáil ar leataobh agus ba é Kyle an chéad ainm a chuireas síos. Tá súil agam go n-éireoidh Humphreys chomh maith ag 15 mar ar éirigh le Neil Jenkins leis na Leoin i 1997. 'Sé Humphreys an t-aon cúlaí nár imir leis na Leoin, agus tá caiptín na Leoin is fearr riamh, Willie John McBride, againn sa phaca. Ar an drochuair bhí rugbaí na hÉireann íseal go leor nuair a n-imríodh Phil Matthews, agus ní raibh ach aon chaibín déag buaite ag Nigel Carr nuair a chuir buama críoch ar a saothar rugbaí. Ní chóir dúinn dearmad a dhéanamh ar cad a rinne fir Ulaidh ar son geansaí glas na hÉireann.

David Humphreys; Trevor Ringland, Harry McKibbin, Dick Milliken, Mike Gibson; Jack Kyle, Colin Patterson; Syd Millar, Steve Smith, Jim McCoy; Willie John McBride (c), Willie Anderson; Nigel Carr, Philip Matthews, Harry Steele.





Technorati Tags: , , , , , ,