Friday, May 29, 2009

An tOlc Idir Linn agus Dia - An Creideamh Cailte Go Deo in Éirinn?

Agus An Spailpín Fánach ina stócach sa Chontae Mhaigh Eo ins na seachtóidí, níor shíl mé go deo na ndeor go gcaillfear an chreidimh in Éirinn. Tuigim ón stáir go raibh an Eaglais níos láidre, idir an dhá chogadh domhanda ach go háirithe, ach fágaim le huacht go raibh sí láidir go leor le mo linne.

Cuireadh craoltóireacht teilifíse ar ceal Aoine an Chéasta, in ómós an tSlánaitheora, crochta ar an gcrios. Dúnadh na siopaí go léir ag a trí a chlog, agus ní n-osclóidh iad go dtí maidin an tSathairn. Is cuimhin liom go maith amach ag súgradh sa ghairdín s'againne sa bhaile Bhéil an Átha, agus chomh ciúin a bhíodh an baile, tráthnóna Aoine an Chéasta, gach doras dúnta, gan duine nó deoraí amach as baile.

Scríobh an Sasanach Edward Gibbon ina leabhar cáiliúil Meath agus Leagadh na hImpireachta Rómánaigh go raibh an Impire caillte fiú amháin agus í i mbarr a cumhacht. Nuair a d'fhoilsigh Caesar Augustus go raibh sé éirithe ina Dhia chomh leis bheith ina fhear, bhí deireadh céanna seo leis an sliocht Rómánach agus a slí bheatha go léir. Cailleadh iad caoga bliain roimhe sin, nuair a tháinig Julius Caesar trasna na h-abhainn Rubicon, thit Poblacht na Róimhe agus d'éirigh an Impreacht ina h-áit.

Feicimid an scéal céanna anois leis an gcreideamh in Éirinn. Ba chúis bhróid na tíre é gur sheasamar inár n-aonar ar son an chreidimh leis na blianta fola fada, i gcoinne lámh láidir Shasana, an drochshaoil, Sheáin na Sagart, Soupers agus gach chuile rud. Ba chuairt an Phápa i 1978 duais na blianta fada sin don bhfíréin nár bhog.

Agus an Pápa féin ar fhód beannaithe na hÉireann, ag rá Aifrinn i nGaillimh nó i bPáirc na Fionnuisce, BÁC, bhí na cúrsaí gránna, olca ar siúl. Ag an am céanna. Dúradh i sean-scríbhinní na hEaglaise go bhfuil peacaí an "a nglaonn ar Neamh ar son díoltais." Murab iad seo na peacaí sin, cén brí atá fágtha sa fhocal?

Dúradh ag tús na hEaglaise go raibh dhá saghas peacaí ann - peacaí déanta agus peacaí neamh-déanta. Go bhfuil an béim céanna ar an bpeaca nuair nach ndéantar rud maith mar atá ar an bpeaca gránna. Níl a fhios agam cén saghas peacaí iad nuair a tharla an drochíde seo. Déantar dearmad, uaireanta, chomh soineanta a bhí an saol úd. Ach cé a mbeadh chomh dall nach n-aithneodh feoil? Nach n-aithneodh cnámha briste? Nach n-aithneodh deor?

Sinne atá ag éirí sean, ní chuimhin linn ar chomh fada siar atá na blianta ina raibh an Eaglais ina cumhacht. Craoladh Father Ted i 1996. Trí bhliain déag ó shin, agus ag éirí níos faide gach uile lá. Tá na glúine fásta suas anois agus gan aithne acu ar Eaglais seachas amadán dá leithéid Ted nó Dougal nó beithigh salacha dá leithéid Brendan Smyth nó Seán Fortune. Ní fhéidir leo breathnú siar ar stáir glórmhar na hEaglaise ach an oiread, toisc gur athraigh gach rud tar éis an Dara Comhairle Vatacánach.

Níl fios acu go bhfuil a rás rite in Éirinn. Cuirtear gealt Nietzsche, an fear a dúirt go raibh Dia marbh, im' aigne. "Cad iad na séipéil nó na eaglaisí seo," a iarradh sé, "ach tuama agus uaigheanna Dé?"

Bhí an tArdeaspaig Martin ag caint an seachtaine seo cainte faoi leithscéalta agus admháil lochta. Agus an rud is measa atáid ciontach faoi na go bhfuil an Creideamh caillte in Éirinn anois. Tar éis na blianta fada fola. Creideamh ár n-aithreacha, a sheas in aghaidh doinsiúin, tine agus claímh, caillte go deo anois in Éirinn. Go bhfóire Dia orainn go léir.





Technorati Tags: , , , ,