Wednesday, April 19, 2006

Banríon Mhór na Níle agus Girseacha Gleoite na Gaillimhe

Eilís Ní Táillúra mar Chleopatra - Iníon Isis, Banríon na NíleTugann An Spailpín Fánach faoi deara go bhfuil RTÉ chun an scannán Cleopatra a chraolú Dé Sathairn seo chugann. Tá roinnt locht ar an scannán céanna - 'sé go bhfuil an scannán ró-fhada an rud is measa leis - ach is sár-scannán é ag an am céanna. Agus an fáth go sár-scannán é Cleopatra ná go bhfuil Elizabeth Taylor ann mar Chleopatra féin. Nuair a rinneadh an scannán ba í Liz Taylor an bean is aíle agus is cáiliúl sa domhan, an realt is ghile i Hollywood, agus tá a h-aileacht soléir go leir i gach aon fráma an scannáin.

Ach ní h-amháin aileacht Liz Taylor, nó an ghrá a lasadh idir íse agus Richard Burton, atá san scannán mar Mhark Antony, an rud is ansa leis An Spailpín maidir le Cleopatra. An rud is ansa liom ná go bhfuil aileacht Liz Taylor - a bhí cumasach go leor, gan dabht - á neartú ag gruaig bainte ó chinn girseach na Gaillimhe a bhí togtha mar bhrídeacha Críost ins na caogóidí agus na seasóidí. Seo é an scéal.

Uair amháin ins na caogóidí, an drochaimsir sin in Éirinn, aimsir easpa airgid agus ghanntanais agus deoraíochta, bhí cuairteoir ann in iarthar na hÉireann, agus bhí sé i bponc ceart. Bhí a ghluaisteán tar éis briseadh síos air, agus bhí air cabhair a fháil chun filleadh ar áis abhaile. Bhuail sé amach ag siúl ar an mbóthar agus, tar éis tamaill, chonaic sé clochar i bhfad uaidh. Bhuail sé chuige.

Nuair a d'fhill sé an clochar, tógadh isteach an cúldhoras é. Is gá tuiscint gurbh Giúdach é an cuairteoir seo agus, ag an am sin, ní cheart do mná rialta eiriceach a thabairt isteach an príomhdhoras, go háirithe eiriceach ón gcine a chuir An Slánathóir chun bháis. Togadh isteach sa chistin agus cuireadh ag an mbord é, ag fanacht ar meicineoir ón mbaile.

Agus an cuairteoir seo ag fanacht ar mheicineoir, thug sé faoi deara go raibh bosca éigin faoin mbord. D'fheach sé isteach - bhí an bosca lán le gruaig.

Bhí an cuairteoir cosuil le fear a tháinig ar phóta óir an lepreacháin. Mar ba dhéantóir na mbréagfholt é an cuairteoir Giúdach seo, agus bhí fios maith aige comh deachair a bhí sé gruaig maith a fháil do bhréagfholt breá a dhéanamh. Tá ceithre chinn gruaige ann chun bréagfholta a dhéanamh, B, B1, A, A1, ach, i ndáirire, níl aon maitheas ag cíbe acu seachas amháin an A1. Agus bhí an bosca seo comh lán le gruaig A1 bhí sí ag titim amach as.

D'iarr an cuairteoir ar bean rialta cad é an scéal faoin mbosca breá gruaige seo. D'inis sí dó gurbh í a gruaig an príomhfhoinse bhróid ins an gcailín agus, nuair atá cailín chun dul isteach ins an gclochar, gearradh an ghruaig dí, nach lige a gruaig gleoite i gcathú í. Agus cén fáth go bhfuil an ghruaig comh maith mar atá sí? Níl raibh an bean rialta cinnte, ach shíl sí go raibh an ghruaig comh maith mar a bhí sí mar bhí nós ag cailíní Chonamara an aimsir sin a ngruaig a choiméad fada, agus an ghruaig fada sin a ní i sruthanna na sleibhte Chonamara.

'Siad an dhá fháth sin, fadacht na gruaige agus glaineacht na gruaige, an dhá fháth is tabhachtaí don ngruaig ag dul isteach i mbréagfholt, agus bhí fios maith ag an gcuairteoir gurbh fhéidir leis sár-bhréagfholta a dhéanamh dá mbeadh gruaig cosuil le gruaig an bhosca aige. D'iarr an cuairteoir a cheist deirneach - cad atá chun déanamh leis an ghruaig?

"Tá sí chun caitheamh amach," arsa an bhean rialta cnéasta soineanta.

"B'fhéidir go bhfuil tuairim níos fearr ná sin agamsa dí," arsa an cuairteoir, agus an seicleabhar a thógáil amach aige. Cé narbh ceart Giúdach a thógáil isteach ar phríomhbhealach an chlochair, ní aithníonn an t-airgead aon chosc mar sin. Rinne an cuairteoir margadh leis na mná rialta a ngruaig bainte a cheannach comh fada a bhí cailíní ag teach isteach chucu. D'fhill an cuairteoir ar áis go Londáin, a áit dhúchais, agus cuireadh an ghruaig chuige gach cúpla mí.

Mar sin, a leitheoirí, bígí fios agaibh, agus sibhse ag breithneamh ar Liz agus Richard Burton ag spalpadh na spréacha le cheile ins an scannán Cleopatra, go bhfuil gruaig Liz bainte ó chailíní Iarthair na hÉireann, a thug a saoil suas ar son an Tiarna. Creid é nó ná creid.

Technorati Tags: , , , , ,