Wednesday, August 09, 2006

Cad a Dhéanamid Feasta Gan Muire?

Banríon Neimhe, Máthair Dé, ach gan áit fágtha uirthí i bpeil Mhaigh EoTá roinnt maith scríofa ar fhir gortaithe Mhaigh Eo, agus scríobhfar níos mó céanna, sílim. Ach tá duine amháin a bhfanadh leis an gContae seamróige is fraoich go síorí atá an ruaig curtha uirthi anois, agus bhur Spailpín Fánach ag insint sibhse, ní mhaith an rud é, agus ní mbainfidh aon mhaitheas leis.

Le linn peile Mhaigh Eo, bhí "Dia is Muire Linn" againne mar mana, taobh thíos círín an Chontae. Tá círín nua againne anois, agus mana nua fréisin, "Críost linn," ach tá Duine caillte againn ar an mbealach. Agus é Maigh Eo ceann de na trí áit amháin ar tháinig Muire gan Smal ar chuairt tar éis a linnse féin ar an domhan eadóchasach seo, nach breá an rud é anois go bhfuil doirse an chontae dúnta ina h-aghaidh, mar a bhíodh doirse Beithile dúnta Di ar oíche stáriul amháin? Tháinig Banríon Neimhe ar stábla ar an gCéad Nollaig sin; ba chóir an t-ádh a bheith uirthi má thiteann Sí ar ticéad ar Chnog a Shé Déag Dé Domhnaigh seo chugainn.

Tá dealbh mhór in ómós an Mhaighean Mhuire i lár Chrois Uí Mhaoilína. Ba mhaith leis an gComhairle Chontae Í a bhogadh, chun gluaiseacht an bhaile a dhéanamh níos easca, ach bhí fios maith ag daoine Chrois gurbh Í an bhean chéanna a thóg an baile slán ón nGorta Mór, agus tá an dhealbh ann fós, agus beidh, go dtí go dtiteann ár dtír bhocht ins an bhfarraige ar dheireadh.

Níl an múinín chéanna ag Bord CLG Mhaigh Eo i mBanríon an Bealtaine, de réir cosúlachta. Tá sí scríosta amach mar chuid den seanscéal, cosuil leis an doras ar oscailt i rith an oíche agus an fáilte ar chách, rudaí sean-nósach nach gcoimeadann go maith le hÉirinn an "Celtic Tiger."

Beidh fios maith againne nuair atá gá againn Uirthí agus nach bhfuil Sí ann. Nárbh breá an rud é, agus na foirne ar chomhscór agus dá nóiméad fagtha sa cluiche, gascíoch mór Mhaigh Eo curtha cráite ar an dtalamh - an Brádach, b'fhéidir, nó Liam Séosaimh Mac Pháidín, an tIolar Breá Iorrais, nó - Dia idir linn agus an tolc! - Ciarán Mac Domhnaill, Mac an Bhaoil é féin - más fhéidir le roghnóirí Mhaigh Eo féachaint síos an líne agus insint ar Mháthair Dé "déan reidh duit féin chun dul isteach, a Naofacht - tá sé ortsa an lá a thabhairt slán"?

Ar aghaidh Léi i lár na páirce, agus an pocléim thuas sa spéir. Thíos Léi arís, sealbh na liathróide Aici, an ghualainn - crua, ach cothrom - ar fear Laoise, agus ar aghaidh Léi ar bealach an Chnoic. Scréadail an slua, a scíorta togtha suas ag Banríon Síochána, Ise ag rith ar chosnochta thar an líne caoga méadar, an líne daichead - féiceann Sí suas, ligtear an liathróíd síos, an cic árd, árd, árd - agus thar an trasnán! Corrón Sam Mig Uidhir ag filleadh ar áis ar an gContae Maigh Eo, agus buíochas mór ar an Maighdean Muire!

Ach ní thárlóidh. Is foinse náire Í anois, tá na pictiúrí beannaithe togtha síos ón mballa i ngach teach, agus tá Banríon na nGrást imithe mar pátrún peile Mhaigh Eo. Nach bhfuil ar ndóthan mallachtaí ar an gContae sula seo, gan tróid a dhéanamh leis an bhFlaitheas?

Technorati Tags: , ,