Tuesday, October 17, 2006

Fómhar na bPeileadóirí is Tarraingt an Óil

Maití Mac Giollarnáth, laoch na mBolg Buí, á bhualadh san Astráil anuraidhTugann do Spailpín Fánach faoi deara go bhfuil an Cumann Luchcleas Gael ag déanamh comhghaideachas dóibh féin ar an méid ticéidí atá díolta acu don chéad cluiche idirnáisiúnta atá á imirt i nGaillimh i gceann coicís. Shílfeá gur tháinig faoiseamh mór orthu nuair a chualadar an déa-scéal – bítear deachair go leor na Gaillimhí a thabhairt isteach i pPáirc an Phiarsaigh chun freastail ar a gcluichí féin, seachas amháín cluiche nach n-imrítear in áit ar bith sa dhomhan.

Tá an CLG ag obair go dian an comórtas idirnáisiúnta seo a choinneal beo – tá béim mór acu air, ach bionn sé deachair go leor don Spailpín a thuiscint cén fáth go bhfuil an méid meas ag muintir na hÉireann ar cluichí nach imrítear anseo in Éirinn nó ansiúd san Astráíl. Bhíosa féin ag cúpla cinn acu ag deireach na nócháidí, ach bhí níos mó súim agam ins an ól tar éis an cluiche ná ar cad a tharla ar an bpáirc. An é sin an fáth go bhfuil an Chéad Cluiche seo á imirt i nGaillimh, príomchchathar óil agus spraoí na hÉireann? Agus mise ag smaoineamh go bhfuil an CLG ag iarraidh tionchar an óil a lagú?

Seo ceist tapaidh agaibh, a lucht léimh: ó na cluichí go leir a d’imrítí ó bhunadh an comórtas idirnáisiúnta i 1984, cé acu a bhuaigh an chuid is mó? Níl fios ag an Spailpín, agus ‘sé mo bhuille faoi tuairim nach bhfuil fios ag an chuid is mó don lucht taca. Nach ait an rud é, freastail ar chluichí nach imrítear ag duine dá laghad in Éirinn nó san Astráil, agus i gan fios cé acu a n-imríonn is fearr, na hÉireannaigh nó na h-Astáiligh?

Ait, a chairde, ait go leor.

Ní dóigh libh – ní dóigh libh go bhfuil an méid measa againne air toisc go bhfuilimid beagnach cinnte roinnt breá chlampair a fhéachaint? An bhreá linn buillí breá a bhuilleadh, sinne, na hÉireannaigh tróideacha? Agus más bhreá, cén fáth go raibheamar ag béicéal mar a mbéicimis an bhlian seo caite nuair a bhfuair foireann na hÉireann na buillí breá ag teacht chucu, in ionad ag dul uathu? Nach ar scáth a chéile a mhairimid? Agus má tá déistín againn ar chlampar an bhlian seo caite, cén fáth, mar a n-iarrann Eugene McGee ins an t-Indo inne, go bhfuil na cluichí a fhógrú leis an mana “it’s time to play – hard”?

Seo tuairim an Spailpín – níl ann sa comórtas seo ach leithscéil “culaidh eadaigh” an CLG dul thíos chuig an Astráil ar spraoi gach dhá bhlian. Agus ní hé an lucht is uaisle a théann – bionn foirne míonúr, Cúigeach, turgnamhach, gach sort, ag freastail síos gach uile bhlian, agus iad go leir ag cur greim an fear báite ar gach gloine Fosters no Castlemaine XXXX ab fhéidir leo, greim nach scaoilfear go mbuailfar ar bhun an bairille. Cén fáth go gcuireann an AFL suas leo? Mar tá fonn orthu i gconaí imreoirí nua a fhail dá gcluichí féin agus cén naíolann peile ab fhearr dóibh ná ár n-oilean glás féin?

Chuir Micí Ó hAirt, bainisteoir Tír Eoghain, an ceist is spéisiúl an bhlian seo caite agus an Comórtas Idirnáisiúnta á phlé ar Setanta. An n-imrítear an comórtas seo, d’iarr Micí, más é Widnes nó Wigan áit dúchais an foireann eile? Níor dóigh Micí go n-imreofaí, agus tá an Spailpín lán-cinnte go raibh an ceart aige.

Ní fhaigheann pobal na hÉireann rud dá laghad ón gComórtas seo ach leithscéal dul amach ar an drabhlas. Agus cé go bhfuil an ionad sin leithscéil againn é sin a dhéanamh, níl ceann eile orainn. Ba cheart duinn iarr ar na h-Astráiligh a n-eitléan a iompaigh timpeall, agus dul abhaile aris. Níl fómhar peileadóirí anseo ag fanacht orthu.

Technorati Tags: , , ,