Wednesday, November 22, 2006

Foireann Rugbaí na h-Éireann - Fáilte go dtí an Ceantar Bog

BÓD - an cat a bhfuair an t-uachtar?Tá foireann rugbaí na h-Éireann, chun imirt in aghaidh na h-Óiléain Chiúna, fógraíodh inniu agus tá ceist amháin fágtha i gcloigín an Spailpin Fánach - cár fhágas mo bhróga rugbaí? Má tá ar na h-Éireannaigh ciceanna imirce a bhuaileadh Dé Domhnaigh, cé a bhuailfidh iad?

Don chéad uair le fada an lá, beidh foireann rugbaí na h-Éireann ag imirt gan ciceoir imirce rialta. Tá Paddy Wallace ag imirt mar leath-culaí amuigh Dé Domhnaigh, chun sos a thabairt do Rhónán Ó Géara, agus chun súil a chur ar Pheadaí féin, ar ndóigh, ach cé a bhuailfidh na ciceanna? Ní bhuaileann Peadaí na ciceanna ar son na h-Ulaidh, mar tá David Humphries acu agus is ciceoir den scoth é Humprhries. Ach, mura bhfuil Wallace cleachta ag bualadh na ciceanna imirice, chuid tabhachtach an rugbaí sa lá atá inniu ann, cad a tharlóidh má thosaíonn ciceanna Pheadaí ag dul amú?

Tá an baol seo i gcloigín an Súilleabhánach - cén fáth eile go bhfuil Rónán Ó Géara ar an mbinse aige, ach chun eisean a chur isteach agus na ciceanna ag éalú ar Phéadaí bocht? Ach nach bhfuil fíor-fhios ag an Súilleabhánach ar treithe an Géaraigh, agus cén fáth nach dtógann sé an seans imreoir eile a fheicéal?

Beidh Jeremy Staunton ar an mbinse ag an Spailpín ar a laghad, nó curtha amach ag uimhir 10 ón tús. Ach níl aon meas ag lucht rugbaí na Mumhan ar Staunton óna laethanta a bhíodh seisean ag imirt mar lán-culsaí dóibhsean. Conas a n-éireodh an Géarach féin dá gcuirfi uimhir a 15 ar a droim, in ionad a 10, mar a chuiread ar Staunton? Ní chloistear faic faoi sin.

Tá Jerry Staunton ar imirt (agus ag cicéal na ciceanna imirce) thar barr le Foichí na Londáin faoi láthair, agus ag imirt ina áit ceart, taobh amuigh den chlibirt, ach ní bhacann le roghnóirí na h-Éireann ar sin. Ba bhreá leo cluichí pólaítiúla a imirt in ionad an cúigear déag is fearr a chur ar an bpáirc. Mar is gnách leo ón tús an domhan.

Ní chloistear faic ó méan cumarsáide na rugbaí ach an oiread. Ar chuimhníonn sibh, a lucht léite, ar an dtitim amach a d'éirigh idir imreoirí rugbaí na h-Éireann agus David Kelly, iriseoir leis an Irish Independent, tar éis an chéad cluiche a chailleadh in aghaigh an Nua-Sealáinn i rith an tSamhraidh? Scríobh an Ceallach go raibh na h-Éireannaigh ag imirt ins an ceantar bog, cé nach raibh sé searbh nó drochbheasch ar chur ar bith, ach fear ag insint a thuairim agus ag déanamh a obair. Ach thóg an foireann masla, agus ní labhróidis leis an méan cumarsáide agus an Ceallach fós ina measc. Rinneadh beart ar deireadh, agus tugann do Spailpín faoi deireadh faoi láthair nach bhfuil focal dá laghad cáinte scríóbha ar fhoireann nó bainisteoireacht na h-Éireann, ach gach aon duine ag seint Glaoch na h-Eireann agus as scríobh go bhfuil lámh amháin ag na h-Éireannaigh ar an gCorn Domhanda.

Tá an Corn céanna bliain fada uaighneach i bhfad uainn, agus beidh duine níos fearr ag iarraidh feiceal cad a tharlóidh ansin ó dhuilleoga tae ag bun a chupáin in ionad ó thorraidh cluichí in aghaidh foirne nach mbacann leo cé a n-éireoidh, ach súil ghear a chur ar a h-imeoirí féin. Is gá duinn dúisigh, agus gan slogadh ar gach focal bhladar a ndeirtear.

Technorati Tags: , , ,