Thursday, May 17, 2007

Deireadh Siopaleabhair Greene's

Scríobh Dorothy Parker uair amháin gurb fhuath lena cara agus a co-scríobhnóir ar an irisleabhar New Yorker sa 30í, Robert Benchley, dul isteach i siopaleabhar. Gach aon uair a chuaigh Benchley isteach, d'fheicfeadh sé na leabhair agus bhuailfeadh tonn mhór trua air nuair a smaoineodh sé ar na scríobhnóirí a scríobh na leabhair, iadsan láncinnte nuair a chríochníodar go raibh sárshaothar scríofa acu, agus eisean, Benchley, faoi lán-eolas nach mbacfaí faoi chuid is mó dá leabhair, agus go bhfanfaidís thuas ar na seilfeanna go deo na ndeor.

Tá a ghlanmhalairt toraidh ag siopaleabhar ar an Spailpín Fánach. Is é an leabhar agus an scríbhneoireacht an cumadh is tábhachtach sa stáir, níos tábhachtaí ná an roth nó an tine, mar thugann leabhar seans dúinn siúl i ndomhain nárbh fhéidir linn siuladh gan leabhar, domhain samhlaíochta agus domhain dáiríre, domhain fadó atá caillte le fada, domhain nár tháinig ar an tsaol fós agus, b'fhéidir, nach dtiocfaidh go deo. Tagann gliondar im' chroí agam agus mise isteach i siopa leabhar mar, nuair a bhreathnaím ar na seilfeanna lán le leabhair ar gach aon saghas nó sórt nó teanga, tugtar misneach dom gurb fhiú leis an duine tar éis an tsaoil; go mbímis ann, go raibh rudaí tábhachtach linn, chomh tábhachtach gur scríobhamar síos iad, ar eagla go gcaillfí an t-eolas, agus go bhfuil dream ann fós faoi láthair ag iarraidh an eolas céanna a choinneal beo ar son na glúine atá chugainn.

Faightear sin i ngach uile siopa leabhar, ach faightear blás eile i siopa a díolann leabhar athláimhe amháin. Mar ins na siopaí leabhair athláimhe faightear blás an ghrá, an ghrá a bhí ag léitheoirí ar a leabhair, agus an méid measa a bhí ag léitheoirí ar a leabhair. Agus mura bhfaightear blás an ghrá, tharlaíonn rud níos fearr arís: faightear leabhar dílleachta, nár fhuair grá nó ómós riamh, agus tá seans agatsa anois fíorbhaile a thabhairt do faoi deireadh.

Ag breathnú ar na seanchlúdaigh, feictear an difríocht ina ndíoladh leabhar ins na caogaidí, mar shampla, agus mar a ndíoltar sa lá atá inniu ann. Is breá liom na seanleabhar Pelican, craobh comhlachta Penguin a scríobhadh ar ábhair acadaimh. Cheannaigh mé ceann acu uair amháin, ar cheol classiceach, agus scríofa ar an gcúlchuldach narbh pléisiúr na colainne é an ceol, cosúil le folcadán te a thógáil nó píopa tabaic a chaitheamh.

Folcadán te nó píopa tabaic mar phléisiúr na colainne. Ba chrua an dréam iad na Sasanaigh tar éis an Cogadh, ar m'anam.

Bíonn áthas orm i gcónaí in aon siopa leabhar, go h-áirithe i siopa leabhar athláimhe, agus caoiním fúthu nuair a gcailltear iad. Scríobh mé ceanna seo faoin bpoll a tháinig sa shaol i gcathair na Gaillimhe nuair a dhúnadh Kenny's. Tá an siopa leabhar Dandelion Books imithe ó Sráid Aungier anseo i mBleá Cliath le fada anois, ach ba bheag nár bhrís mo chroí an seachtain seo nuair a bhfuair mé amach go bhfuil Greene's Bookstore chun dúnadh ar an cúigiú lá is fiche na míosa seo.

Tá suíomh idirlíon ag an síopa a insíonn scéal an siopa, agus is uasal, fada an scéal é. Oscailíodh an siopa i 1843 - in 1843, bhí Domhnall Ó Connaill ina chumhacht anseo in Éirinn, agus Victoria ar a séú bhliain mar Bhanríon na Breataine Móire. Rugadh an scríobhnóir Henry James, agus, ag deireadh na bliana, d'fhoilsigh Charles Dickens A Christmas Carol, an ghearrscéal na Nollaig is cailiúla sa domhan.

Nuair a dtéann duine isteach i nGreene's, tá sé cosúil le cuairt a thabhairt ar siopa eigin i scéalta Dickens - an Old Curiosity Shop féin, b'fhéidir. Tá gach aon bhalla sa siopa lán le seilfeanna leabhar, fiú amháin na ballaí staighre. Tá leabhar ar gach aon saghas ann, seanleabhar Laidine go dtí seafóid dá chuid Jaqueline Susann. Agus tá an seod seo le dúnadh anois. Díolfar na leabhar ar an idirlíon as seo amach, ach ní hé sin an rud céanna ar chur ar bith le dul isteach i siopa cosúil le Greene's. Bhí caoineadh mór ann nuair a dhúnadh Bewley's, ach cad ab fhéidir a cheannach i mBewley's ach borróga? Nuair atá do bhorróg ite agat, tá sí thart, ach beidh do leabhar agat le do linne, agus, má tá an t-adh leis, tar éis do bháis, beidh sé féin suite i siopa leabhar athláimhe éigin eile, ag fanacht ar an seans a dhraíocht a théaspaint ar duine nua.

Bail ó Dhia ort, a Ghréinigh, a sheanshiopa leabhar uasal - mo léan, ach táim cinnte agus lánchinnte nach mbeidh do leithéid arís ann.





Technorati Tags: , , , , ,