Friday, August 03, 2007

Ag Ceiliúradh Tommy Makem Tar Éis a Bhás

Thomas James Makem, 1932-2007. RIP.Agus na caointe go léir atá scríofa in ómós an té atá imithe ar slí na fírinne, is é King's Call, an t-amhrán a scríobh Phil Lynott tar éis bás Elvis Presley, ceann de na h-amhráin is ansa liom. "Agus do chasas a cheirníní ar feadh na h-oíche," a shéinneann Lynnott, "ag ól in ómós mo chara sár-dhílis."

Bhí an Spailpín ag déanamh an rud ceanán céanna tar éis briseadh scéil bháis Tommy Makem inné. Agus mise san oifig fós, ag cuardaigh Youtube agus ag breathnú arís ar laoch mór cheoil na hÉireann.

Níl ach Liam Clancy fagtha anois - nach mbeidh sé uaigneach dó an seachtain seo chugainn, nuair a mbeidh sé ina sheasamh ag uaigh a sheanchara, a dheartháir fola mar a duirt sé inné, agus ar eolas aige gurbh é féin an t-aon duine atá beo ar an bhfód fós ón tseandream? Táim uaigneach féin ag smaoineamh orthu go leir, agus níor bhuail mé le ceachtar acu. Is cuimhin liom socraid Paddy Clancy - déanadh clár teilifíse fúithi, agus fir móra aiséirí an cheoil tradisiúnta na hÉireann, Ronnie Drew, Paddy Reilly, Finbar Furey, Liam Clancy agus Tommy Makem féin, ag seinnt "Will Ye Go, Lassie, Go" sa reilg, ag breathnú ar chónra Phaddy, a cháibín cailiúl ar an mullach, ag dul síos an fód.

Bhí fios agam i gcúl mo chinn nach raibh eolas ar shaothar Tommy Makem go forleathan sa tir agus, tar éis feachaint ar na páipéirí tar éis fograíodh an drochscéil, táim cinnte anois. Seo an sliocht sa Independent inniu - níl faic tada nua ann, níl leargás dá laghad ann, ach gach rud bainte ón idirlíon agus an sreang nuachta. Agus maidir le cad a scríobh Fintan O'Toole - níl fios agam conas ab fhéidir leis chodladh, tar éis cad a scríobh sé faoi fhear tar éis a bháis. Tá súil agam go mbeidh daoine níos cneasta leis féin nuair a dtiocfar a uair. Nach cúis náire í d'iriseocht na hÉireann go comóirtear saol agus saothar níos fearr sa Daily Telegraph, Sasana, ná i bpáipéirí náisiúnta na hÉireann?

An ciallaítear as seo go n-obraíodh Tommy Makem agus na Clancy Brothers in aisce, gur chaith sisa a síol ar thalamh bán? Dea-scéal agam agaibh dá bhrí sin, a leitheoirí - fad atá fios fagtha sa domhan cé hí Éirinn nó ce h-iad na Gaeil, beidh Tommy Makem agus na Clancys beo fós. Tagann faiseanna nua cheoil le gach uile ghlúin, ach fanfaidh guth an duine beo go síoraí, agus mar sin fanfaidh saothar Tommy Makem beo leis. Iarradh ar Ledbelly uair amháin an cine den saigheas daon-cheoil iad na gormacha. D'fhreagair sé gurbh daon-cheoil iad na gormacha cinnte; níor chuala iadsan á sheinnt ag capall riamh.

Agus is é sin, an daonnacht a mbainneann le gach aon daon-cheoil, a gcoinneofar ceol agus saothar na Clancys agus Tommy Makem beo go fóill. Fad ab fhéidir samhlaigh ar ropaire ar thaobh sléibhe i bhfolach ó Maor an Caiseil, nó seanfear ag breathnú siar ar a shaol mar Pheilim Ó Brádaigh, Bard Aird Mhaca, nó ab fhéidir linn gáire a dhéanamh in aghaigh an bháis, mar an fear ar an dtuairim gurbh bhreá an rud é, a bhuachaillí, bheith marbh go deo, beidh Tommy agus a shaothar beo linn. Tá ár ndeora tite anois; is gá duinn tús a chur ar ceiliúradh saol agus saothar Tommy Makem, agus cad ab fhearr na an ceann seo? Go codlaí tú go sámh, a Thomáis, bí cinnte go seinnfear do cheol go deo.





Technorati Tags: , , , , ,,