Tuesday, September 04, 2007

Fuaimriain an tSamraidh agus Cruinneas na Gaeilge

Is breá leis an Spailpín tráchtáireacht Mhíchíl Uí Shé ar chluichí mionúir ar an dteilifís. Is cuid de fuaimriain a óige ag an Spailín, Ó Sé i bPáirc an Chrócaigh, Jimmy Magee suas ar a rothar in éineacht le Stiofán de Roiste ar Alp d'Huez, agus, ar ndóigh, an Muircheartach Gan Smal ar an raidió, agus na beithigh ag claí na páirce, ag breathnú isteacht ar an imirt.

Bhíos ag breathnú ar Thiobraid Árann agus Corcaigh ar an nDomhnach seo caite, agus Mícheál ag tráchtáil go beo bríomhar mar is gnách. Thugas faoi deara go mbíonn a Ghaeilge níos simplí aige ar an dteilifís ná mar a mbíonn sí ar Raidió na Gaeltachta - tá fios aige, is dócha, nach bhfuil an Ghaeilge ag an cuid is mó dá lucht eisteacht, agus tá sé ag iarraidh seans a thabairt dóibh blás agus taitneamh a bhaint ón gcluiche agus ón dtráchtáil Gaeilge. Agus go n-éirí leis má tá an ceart agam - sílim féin go mbaintear spaoí agus blás ón nGaeilge ag an lucht nach bhfuil sí aici. Éistigí le cuid bhur gcairde agus eolas acu ar nathanna mar "poc go h-ard agus ... POC GO CRUINN!" nó "immeal na cearnóige" nó "buailte amach i lár na páirce."

Ach mise ag éisteacht le Mícheál Dé Domhnaigh, thugas rud éigin faoi deara. Níl fios agam an stíl a áite dúchais é, nó imeartas focal pearsanta aige, nó cad é, ach deireann Mícheál de gnách "buailte isteach aige, An Spailpín Fánach," in ionad an leagan caighdeánach, "buailte isteach ag An Spailpín Fánach."

Nach ait é? Deirfeá nach rud tabhachtach é, ach bíonn sé suimiúl dom i gcónaí comh deacair atá sé dúinn tuiscint cad atá ceart agus cad atá mícheart sa Ghaeilge. Tá caighdeán "oifigiúl" foilsithe ag an Rialtas ó 1958, ach ní bhacann mórán leis - léim sliocht peile Dhara Uí Chinnéide gach uile seachtain i bhFoinse ach ní bhacann seisean leis an gcaighdeán dá laghad. Deirtear go dtaispéanann sin saibhreas na Gaeilge mar theanga beo fós, ach taispéantar freisin nach mbaineann an caighdeán leis na daoine agus an Ghaeilge beo fós ina mbéil acu.

Glacaim gur bhreá an rud é na h-imeartais focal seo a bheith ann, agus nach bhfuil an teanga i mbuidéal chloroform fós, ach ag am céanna, tugaim faoi deara nach maith an rud é, ceithre scór bhlian ó bunús an Stát, nach bhfuil fios againne cad é caighdeán Céad Teanga na Tíre. Nó sin an tuairim aige, An Spailpín Fánach.






Technorati Tags: , , ,