Friday, August 27, 2010

Ceoldráma Amuigh Faoin Aer ag Cé an Adhmaid, Bleá Cliath

Agus chomh hannamh atá an ceoldráma i mBaile Átha Cliath tá ceist á iarraidh ar duine nuair a freastalaíonn sé nó sí ar seó nach dtaitníonn leis nó léi. An fhírinne a insint nó a seachaint, ar eagla go gcaillfí misneach lucht cheoldráma go deo?

Bíonn ceoldrámaí amuigh faoin aer ar siúl sa gcathair sa Lúnasa, i ngearraí le Bárdas na Cathrach ag Cé an Adhmaid, cois Life, BÁC 8. Bhí Don Giovanni le Mozart, an ceoldráma foirfe dár le Gounod, ar siúl acu inné agus isteach leis an Spailpín chun breathnú air.

Bhí an gearraí lán le slua, ach thugas faoi déara gurbh daoine buailte go maith in aois ab ea an chuid is mó acu - ag am lóin i rith lae oibre, is bia choirp in ionad bia anama atá ag taisteal ón bpobal is mó.

Bhí ar daoine fanacht ina seasamh mura raibh suíocháin acu. Bhí roinnt suíochán infillte ann ar an bhféar - bhí a gceacht fóghlaimthe ag cuid an slua ag Aonach na gCapall ag an RDS céanna seo, sílim. Ach ag breathnú thall is abhus, bhuail sé ar an Spailpín go mbeadh sé deacair áire slua a choinnéal mura raibh siad ar a suamhneas gan suíocháin - an ndéanfaí suaimhneas an lucht féachána tionchar ar an gclár agus mar a gcasfaí ceoldráma á thógann trí uair is leath a chánadh go hiomlán?

Ní dhearna. Bhí tuairim greannmhar súgach ag na ceoltóirí Don Giovanni a thaispeáint mar galfaire gairmiúil, agus galfaire gairmiúil atá i bponc leis na mná sa nuacht na laethanta seo, cosuil leis an Don féin fadó.

Bhí cuma níos mó alickadoo an rugbaí istigh i dteach tábhairne Kiely's, an Domhnach Broc, ar an Don seo againne ná ar an ngalfaire is fearr sa domhain mór ach ba chuma más fhéidir leis na ceoltóirí áire an slua a choinnéal. Agus níl sé sin easca nuair atá ort ceoldráma atá scríofa don amharchlann sa tráthnóna a chur ar stáitse ag am lóin amuigh faoin aer.

Don Giovanni scríofa i gceithre ghníomh. Rinne an comhlacht iarracht na gníomha a ghearradh chomh maith mar ab fhéidir agus bhí fear ann mar treoraí a n-inseodh don slua cad a dtarlódh os a gcomhair. Ach, mo léan, níor ghearr a dhótháin.

Is é an fadhb le sin ná go raibh an-iomarca gnó idir cathain a mbeadh an treoraí ar an ardán agus cathain a bhfillfeadh sé. Bhí se ró-easca dul amú leis an scéal agus an amhránaíocht.

Níl aithne nó meas ag an gcuid is mó daoine ar an gceoldráma. Le lucht an cheoldráma, is gnáth fotheideil istigh san amharclann. Leo féin amach faoin aer, tá níos mó cabhrach uathu ná óráid idir gníomha a maireann leathuair a chlog nó tuilleadh.

Agus an áiria catalóige a chasadh aige, bhris Leporello an ceathrú balla agus isteach sa slua leis, ag canadh le mná éigin. Shúigh sé síos taobh thiar léi agus seo leis:

"Nella bionda egli ha l'usanza
Di lodar la gentilezza,
Nella bruna la costanza,
Nella bianca la dolcezza."


Is cur síos ag Leporello ar mar a chuireann an Don faoi í an áiria seo. Cialltar an píosa sin ná mar a thaitníonn na mná eagsúla leis an Don. Aistrithe agam féin:

"Is gnáth leis moladh
na fionn as a ngalántacht
na donn as a dílseacht
na bána as a milseacht."

Greanmhar go leor - dá mbeadh an Iodáilis agat. Ach ní raibh tuiscint dá laghad ag an mbean bhocht cad a bhí ó Leporello mar níor mhínigh an treoraí an áiria catalóige ar dtús. Bhí an meas céanna ag an mbean ar Leporello taobh thiar di na mar a bhí ag Little Miss Muffet ar an domhan alla.

Níos measa arís, níor chóir do Leporello an ceathrú balla a bhriseach. Bhí a dhualgas roimh Donna Elvira - cantar an áiria catalóige do Donna Elvira, ach isteach le Leporollo sa slua in ionad an scéal a mhínigh le Donna Elvira. Dóchreite.

Bhí an t-amhránaíocht agus an ceol ceart go leor, agus an aisteoireacht níos fearr arís, Donna Elvira féin ach go háirithe. Is breá an smaoineamh é, an ceoldráma amuigh faoin aer, ach caithfear níos mó iarrachta a chur isteach agus a ghlacadh gur taispéanas ama lóin é seo, os comhair daoine nach bhfuil chomh cleachta leis na gceoldráma go dtuigfidís cuid den áiria catalóige. Caithfear an treoraí filleadh níos minice chun gluaiseacht an scéil a choinnéal beo.

Agus níos tábhachtaí ná dada eile, caithfear tuiscint agus glacadh níl ach uair amháin ag daoine mar ám lóin. Bhí ormsa imeacht nuair nach raibh an seó ach leath-críochnaithe, mar thugadar uair ar an gcéad dhá ghníomh. Teipeadh dóchreite.

Is breá an rud é an ceoldráma, agus ceoldráma amuigh faoi aer cosuil le seo, a dtógann áilleacht an cheoil amach ón dorchadas isteach faoi sholas gréine. Ach caithfear an seó a ghearradh gan faitíos gan trócaire go mbeidh sé tuillte le am lóin, le gnáthduine agus, go h-áirithe, le daoine a gcaithfear fanacht ina seasamh ar feadh na h-uaire.

Agus go raibh orm imeacht roimh deireadh, níor chuala mé críoch cailiúil Don Giovanni inné - teacht dealbh an Commendatore chun an Don a chuireadh chun tintí ifrinn. Seo chugaibh é anois, ar You Tube beannaithe. Bainígí sult.




Technorati Tags: