Friday, February 04, 2011

Comórtas na Sé Náisiúin - Sos ón ár mBuartha

Tá scíth tuilte ag na Gaeil i rith na drochaimsire seo, agus tíocfaidh anocht í. Ná gá dúinn breathnú ag bladaráil na bpolaiteoirí ar Prime Time na duine eile ó bhialann RTÉ ag bladaráil le Ryan Tubridy. Tá rudaí cailte ón rugbaí ó chuaigh ina chluiche gairmiúla é, ag nuair atá cluichí cosuil leis an Bhreatain Bheag in aghaidh Sasana i gCaerdydd, mar atá beo ar an teilifís anocht, táim buíoch go leor as.

Is cluiche mór é do na Sasanaigh - bhídís lag go leor i dáiríre ó d'éirigh leo sa gCorn Domhanda i 2003, seachtas an t-aon feachtas amháin dó-chreite sin ag an gCorn Domhanda sa bhFrainc i 2007, ach táid ag teacht arís anois. Caineadh Martin Johnson go minic, ach tá foireann á chur le cheile aige mar a chuid féin - crua, láidir, fód-sheasamhach.

Tá deacrachtaí aige fós i léiní 10, 12, 13, lár na gcúlaithe, ach tá páca láidir go leor aige agus is leath an chatha i gcónaí é sin. Má éiríonn leis na Sasanaigh i Caerdydd beidh an ghaoth leo, mar a bhí le hÉire i 2009, agus caithfear cách a bheith ar a aire.

Níl fadhb ar bith ag na Breathnaigh ins na cúlaithe, ach níl an páca acu chun seasamh leis na Sasanaigh. Deirtear go bhfuil dul chun cinn mór déanta ag Andy Powell, ach is deacair creideamh é, mura raibh sé buailte óna asal cosuil leis an Naomh Pól ar bhóthar na Damaisce, tráth.

Níl meas ag na gnáth-Breathnaigh ar Stephen Jones ag leath-chulaí amach, cé go bhfuil 96 roghnú aige, agus gurbh céad rogha na Leoin i 2005 agus 2009 é. Bhrís croí na mBreathnach nuair a chur Barry John a bhróga ar leathaobh níos mó ná dhá scór ó shin, agus táid ag fánacht ar a fhilleadh fós, mar a bhíodh Paul Simon ag fánacht ar Joe Di Maggio.

Tá an cluiche athraithe go deo ó laethanta Barry John agus níl an draíocht céanna ag an ndeich mar a bhí - ní cead dó. Tá an leath-chulaí amach faoi ghlas ag an ngameplan anois, agus sin mar atá agus a bheidh.

Beidh na Gaeil ag teacht chun na Róimhe amárach, agus dúshlán na h-Iodáile a ghlacadh. Má tá na Breathnaigh mí-shásta le Stephen Jones, feic ar chruachas Nick Mallett - bhí Astrálach amháin aige mar leath-chúlaí amach an bhliain seo caite agus Astrálach eile anois, Kris Burton, an Satháirn seo chugainn. Tá bród mór agus croithe láidre ag na h-Iodáiligh, ach ó thaobh rugbaí táid marbh go deo ón uimhir a naoi amach. An lá ag na cuairteoirí.

Beidh dúshlán i bhfad níos laidre ag na Gaeil i mBleá Cliath an deireadh seachtaine seo chugainn, agus an Fhrainc os a gcomhair. Tá talann thar moladh beirte ag na Francaigh agus na leath-chulaí is fearr sa gcomartas i Trinh-Duc agus Parra acu - seachas Phillips agus Jones na Breataine Bige, b'fhéidir.

Tá roinnt sa meáin Ghealacha ar an dtuairim go n-éireoidh leis na Gaeil go maith an comórtas seo, ach ní feiceann an Spailpín an chuis dhóchais. Tá tosaithe na hÉireann ag strácáil seilbh na liathróide a fháil, agus níl an cultúr rugbaí na tíre seo láidir go leor chun frapaí a fhorbairt.

Beidh an triúr faoi bhrú maith sa Róimh fiú amháin, ach smaoineamh ar an Sathairn i gcoinne na Fraince. Uair caite ar an gclog, abair, buachaillí na hÉireann beagnach ag gól le pian agus iarracht, cad a smaoineoidís má fheiceann siad ar an taobhlíne agus buachaillí nua Francaigh ag teacht chun catha? An t-aon rud amháin a smaoineann tacadóirí Fianna Fáil os comhair doirse na hÉireann - a Thiarna, déan trócaire.