Wednesday, February 01, 2012

'Na Sé Náisiún Fós an Sheod is Gile ag an Rugbaí

Ná bac lies an Super 15, an Corrán Heino, an 3 Nations nó an Rabo Direct Pro 12. Níl aon chomórtas rugbaí níos fearr ná na Sé Náisiún, atá chun tosaigh arís an Sathairn seo chugainn i bPáras agus Dún Éideann. Níl aon chomórtas ina bhfuil an stáir níos saibhre, an ghlóir níos gile nó na cluichí níos draíochta ná na Sé Náisiún. Tá roinnt athraithe tagtha ar an gcomórtas le déanaí - teacht na h-imreoirí ghairmiúla, titim na hAlban, teacht na hIodáile - ach leanann an comórtas ar aghaigh, in aghaidh tonnta na stáire agus brú na bpáirithe tráchtála.

'Siad an Fhrainc rogha na coitianta chun an gcomórtas a bhuaigh, agus ní haon ionadh é. Más cluiche na h-uimhreacha amháin é an spórt idirnáisiúnta, chuirfí an corrán díreach cois Seine agus ní n-imríodh sé riamh an chathair iontach sin. Is féidir leis an bhFrainc dhá fhoireann a chur sa gcomórtas agus níorbh í an fhoireann deireanach é a dara XV.

Bhí an tuairim amach go bhfuil fadhbanna na bhFrancach istigh ina gcloigne féin. Gurbh iad féin a námhaid is measa, idir clampar lena cheile, an duine curtha níos tábhachtaí ná an fhoireann, an cathú atá os a gcomhair i gcónaí an rud is baolaigh a dhéanamh in ionad an rud is cliste, mar bíonn an ghlóir níos tábhachtaí leo ná an bua.

B'fhíor é tráth, ach ní fíor anois é sa ré gairmiúil seo. Tá an-iomarca treanálaithe acu anois chun stop a chur ar sin. Feach ar mar a n-athraíonn na Francaigh a bpríomhroinn sa bpaca agus uair a chlog caite, chun tairbh nua a chur isteach agus an scian a chasadh. Tuigeann siad an ghairmiúlacht ceart go leor sa bhFrainc.

Cailleann na Francaigh roinnt cluichí ar an taobhlíne. B'fheadair go ndeacaigh siad chomh fada sa gCorn Domhanda mar a chuadar anuraidh in aghaidh a dtreanálaí, in ionad lena chabhair. Ach tá fearr ina cheannaire orthu anois, Phillippe Saint-André, atá i bhfad níos dáiríre ná mar a bhíodh Marc Lièvremont, agus ní miste a rá agus go mbeidh a foireann is fearr ar an bpáirc ag na Francaigh gach uair a n-imreoidh siad.

Maidir leis na Gaeil, tá an chead duine don Tríonóid Naofa imithe anois, agus seans maith nach bhfeicfear arís é. Ba é an t-imeoir rugbaí is fearr ar chaith geansaí glas na hÉireann riamh é Brian O'Driscoll - tá a oidhreacht chomh glan simplí sin.

Agus an Drisceolach imithe, beidh Paul O'Connell ina chaiptean, agus is togha chaiptean é. Tá seans ag na Gaeil an comórtas a bhuaigh, má theipeann ar na Francaigh. Tá na Gaeil laidir go leor i gcúl na clibirte, agus Stephen Ferris, Seán O'Brien agus Jamie Heaslip chomh maith le éine eile sa gcomórtas. Bíonn sealbh na liathróide tábhachtach go leor sa lá 'tá inniu ann, agus 'siadsan tríur na buachaillí ab fhéidir an cogadh talaimh a bhuaigh.

Tá ar na Gaeil dushlán na Fraince a ghlacadh sa bhFrainc, áit nár éirigh leis na Gaeil ach ar trí uair riamh. Má theipeann ar na Gaeil ansin, beidh a seans beo fós mar beidh ar na Francaigh dul go Dún Eideann agus Caerdydd, áiteanna nár thaitin leo mórán sa stáir.

Bheadh seans maith ag an mBreatain Bheag mura bhfuil siad chomh scríosta le fir ghortaithe mar atá siad. Ach tá siad searbh go leor ins na gleanna tar éis an chailleadh in aghaidh na Fraince sa gCorn Domhanda agus seans níl ach aon chluiche amháin os a gcomhair an bhlian seo, cuairt na Fraince ar lá deireadh an chomórtais. Ciníocha in aghaidh a cheile, gaiscí le déanamh ar ghearraí na glóire agus blás binn an díoltais san aer - a leitheoir, cá heile a gheofá comórtas cosuil leis?