Tuesday, November 06, 2012

Dath an Dobhróin Tuillte ag Foireann Rugbaí na hÉireann

Baineann blás speisialta le gach séasúr rugbaí a chríochnaíonn le camchuairt na Leon. Cé go bhfuil roinnt athraithe i gcúrsaí rugbaí ó thús an ré gairmiúla, maireann roinnt chomh maith, más fhéidir linn macalla a bhaint ó Tennyson.

Tá na Barbaraigh cailte go deo, faoi ghlás na stáire agus an dea-chuimhneamh, ach tá na Leoin linn fós, an céim is áirde i rugbaí idirnáisiúnta 'sna hOileáin Bhriotanacha. 'Sé dea-thaispeántas in aghaidh na Leon a thugann loinnir ar saothar imreoirí na Nua-Shéalainne agus na hAfraice Theasa, agus an rud ceannann céanna do na Leoin in aghaidh na tíortha móra rugbaí ar thaobh eile an domhain.

'Sé an geansaí dearg sin atá i smaoineamh Brian O'Driscoll anois, agus an deireadh ag teacht chuige go tapaidh anois. D'éirigh leis an Craobh Sé Náisiún a bhuaigh i 2009 nuair a bhí daoine cinnte go raibh a sheans cailte aige. Anois, tá sé ag súil go n-éireoidh leis ar a cheathrú chamchuairt Leon agus dea-chríoch a chur ar a shaothar rugbaí - más fhéidir leis áit a fháil ar an eitleán sa gcéad áit, ar ndóigh.

Tá ré órga na nGael thart anois. Níor bhuadar chomh minic nó chomh mór mar ba chóir dóibh, ach is faoiseamh gur bhuadar an Craobh sin i 2009 ag an deireadh. Bheadh aiféala orthu go lá deireadh an tsaoil murab éirigh leo riamh aon chraobh a bhuaigh agus na dea-imreoirí a bhí acu le deich bliain.

Tá Declan Kidney faoi bhrú anois mar cóitseálaí na foirne ach, mura bhfuil na h-imreoirí aige, cad eile ab fhéidir le cóitseálaí eile a dheánamh, cé gurb Mick O'Dwyer nó Jose Mourinho féin é? Baineann ceist mhór an seachtain seo, ceist Michael Bent, go mór le seo. Tá ceithre fhoireann ag an IRFU ag imirt ins an gCorn Heineken agus an Sráith Rabo-Direct, agus na h-imreoirí go léir fostaithe ag an IRFU. Cé mhead frapa Gaelacha atá ag imirt leis na ceithre fhoireann sin?

B'fhearr nach mbuafadh foireann na hÉireann cluiche arís riamh in ionad an geansaí a dhíol ar an margadh idirnáisiúnta, ach is dócha gurb soineanta an tuairim sin ins an ré gairmiúla seo. Ach ní fhéadair an lucht a chur ar an gcóitseálaí amháin nuair atá an rogha chomh bheag leis go bhfuil air Michael Bent a fháil ón Nua-Shéalainn.

Freisin, tá daoine ar an tuairim gur chóir rugbaí níos corraithí a imirt, mar a n-imríonn na cúigí le déanaí. Agus tá sé sin ceart go leor, ach deántar dearmad i gcónaí an tionchar atá ag imreoirí ghallda leis na cúigí. An mbuafadh na cúigí na Coirn a bhuadar seachas Brad Thorne, nó Trevor Halstead? Bhí imreoirí na ré órga Éireannaigh ann ar ndóigh, ach cad é an difríocht idir na buanna atá agus na "moral victories" a bhíodh?

Beidh na cúigí féin faoi bhrú má n-éiríonn leis an ERC an droch-íde a thugann an IRFU do Chonnachta a thabairt d'fhoirne na tíortha Ceilteacha. Nárbh bhlásta an íoróin é, más mar sin a thitfidh an scéal amach?

Agus oíche fada dorcha ag teacht chuig rugbaí na hÉireann, is rí gan ríocht é Brian O'Driscoll anois, agus a shéasúr deireanach roimhe. Ba bhrea le gach croí dá n-éireodh leis dul leis na Leoin, agus go mbeadh deireadh deas ag a saothar rugbaí, saothar níos fearr ná aon cheann a bhfeicfear in Éirinn leis na blianta fada.

Ní fhéidir le Declan Kidney smaoineamh ar a chaptaen, nó cad a tharlóidh thar lár sa tSamhradh. Taispeánann a mhéid feara ghortaithe an seachtain seo chomh beag atá an rogha leis agus, comh dona atá an scéal anois, tá an t-ádh le Kidney nach bhfuil an scéal níos measa arís.

Pé scéal é; beidh ré Kidney féin thart freisin tar éis an shéasúir seo, nó níos luaithe. Caithfear rud éigin a dhéanamh nó a bheith le feiceáil a dhéanamh, agus is é ceann Kidney atá is feiliúnaí don mbloc.

'Sé todhchaí na Gaeil os ár gcomhair amach anois ná go mbeidh siad níos giorra don spúnóg adhmaid ná don gCraobh. Tá saibhreas dóchreite ag Sasana agus ag an bhFrainc, agus tá an Bhreatain Bheag fillte ina cumhacht arís, chomh láidir is mar a bhí na draoithe bheaga riamh.

Agus ag bun na sraithe, na Gaeil, na hAlbanaigh agus na hIodalaigh, ag iarraidh an spúnóg a sheachaint agus lá mór a fheiceáil in aghaidh na Breataine Bige, Shasana nó na Fraince gach deich bliain nó mar sin. Ba ghlórmhar iad na laethanta órga ach beidh an sean-nós linn arís, agus le fada.

Ní de thimpiste go mbeidh foireann na hÉireann gleasta i ndubh in aghaidh Die Bokke Dé Sathairn. Is dath an dobhróin é, an caoineadh ar an ré atá thart agus an ré atá seo chugainn.