Thursday, February 22, 2007

Na Sínigh atá Ró-thógtha leis an Saol ar Líne

Ceann de na rudaí a chur is mó bhróid ar bhur Spailpín Fánach le linn m'aimsir ar an nGréasán ná nuair a bhfuaireas amach go bhfuil cosc ar an mblag seo ins an Sín. Bhí cara liom ag fánaíocht amach ins an domhan Oirthir, agus nuair a rinne sé iarracht cuairt a chur ar a Spailpín, níorbh fhéidir leis. Scríobh mé beagán faoi ag an am, agus ansin chuireas as mo chloigín é.

Tá sé ar ais im' chloigín agam anois toisc go bhfuil sliocht sár-spéisiúl sa Washington Post ar maidin inniu faoi paistí Síne atá comh tógtha leis an nGréasán agus an saol idirlín go gcuireann a dtuismitheoirí faoi ghlas iad, go dtí go gheobhaidís laigheas ar a n-andúilíocht.

Tugann an tuaisceoir cuairt ar oispidéal andúilíochta i Daxing, ceann de bruachbhailte Bejing, príomhbhaile na Síne, agus is uasfásach an áit é. Tá trí roinn ann san oispidéal, ina bhfuil na daoine atá go réasunta maith, na daoine go résunta dona agus cúpla chrátur ina bhfuil gach dóchas cailte fúthu. Ach ag léamh an sliocht agus na h-agallaimh leis na n-othair - no leis na gialla - sílim go bhfuil an leigheas níos measa ná an galar. Tá saol bhuachaill amháin déanta amach ar a shon go dtí go mbeidh ceithre scór bliana d'aois aige - cá bhfuil an maitheas ansin, agus do saol caite agat sula caitheann tú é?

Níor thug an Spailpín cuairt ar an Sín riamh, agus má tá an t-ádh liom, ní thugfaidh go deo. Níl mórán meas acu ar an saol, de gnáth, go h-airithe saol an gnáthduine, agus ní féidir meas a thabhairt ar sochaí mar sin. Ins na 60í bhí sé coitianta go leor bheidh i lucht an Chathaoirligh Mao anseo sa Domhan Iarthair - tá súil agam go dóiteann gach anam le náíre nuair a gcuimhnítear air anois, agus gach rud ar eolas anois againn ar Mao agus a dream dúnmharaithe oilc.

Technorati Tags: , , ,