Friday, October 14, 2005

Coisc Curtha ar an Spailpín Fánach Amach ins an tSín

An Cathaoirleach MaoIs bróduil an lá é seo don Spailpín Fánach agus don suíomh idirlíon seo. Fuaireasa amach ó mo dhuine san Oirtear, mo Mharcó Póló más maith libh, go bhfuil coisc curtha ag Rialtas na Síne ar an suíomh seo, http://spailpin.blogspot.com. Is cuma má tá tú i Beijing i measc na huaisle nó i lár na tire i Xian i measc na gnáthphobal, ní féidir leat smaointe breá an Spailpín a léamh seachas bheith i dtróblóid le gardaí síochána na Síne.

Agus cén fáth? Is annamh go critheann uaisle na gCommanach na Síne gach uair a léiann siad tuairimí laidre an Spailpín ar cheisteanna móra an lae - cén fáth nár imir Austin O'Malley ar fhoireann Mhaigh Eo sular an samhradh seo, agus mar sin de. Sin é ba chuis de - nó b'fhéidir nach bhféidir cuairt a thabairt don suíomh seo agus tú thar saile sa tSín mar tá na hamadáin céanna ag na Síneach mar sáreolaithe ríomhaire mar atá againne anseo in Éirinn ins an Roinne Sláinte. Tá blás na fírinne ar an dtuairim sin freisin, sílim.