Agus cad atá chomh leadránach sa tsaol ná machnamh seanfhir? Níl tada. Bhíodh ár n-óige againn uilig, ach cé go raibh na h-ainmneacha difríochta bíonn na scéalta mar a gcéanna, beag nó mór.
É sin raite, bhraith mé lámh fuair ar mo chroí nuair a chuala mé go bhfuil deireadh tagtha go deo ar Seachtain na nGiobal, Gaillimh. Bhí an deireadh fógraithe le fada ach ag an am céanna, baintear geit nuair a thagann sé.
Scíobhfar roinnt faoi chomh brónach atá an deireadh seo agus go bhfuil an t-airgead bailithe ar son na mbocht níos tábhachtaí na pléaracha na seachtaine. Ná bac leis an seafóid sin. Is dócha go bhfuil croithe roinnt na gníomhaire ar Seachtain na nGiobal san áit ceart ach bíonn coirp na mac léinn ins an t-aon áit amháin - istigh sa mBéar, agus iad ag iarraidh an méid is mó portair a chaitheamh siar mar ab fhéidir leo.
Bliain amháin tháinig cúpla boc chomh fada le Coiste Seachtaine na nGiobal le pléan. Tógfaidís Hiace nó Ford Transit éigin ar iasacht, tabharfaidís cuairt ar gach contae in Éirinn, bailóidís airgead ar son Seachtain na nGiobal agus fillfidh siad ar ais arís. A leithreoir, fuaireadar an veain agus bhailigh siad an t-airgead ach ní dóigh liom gur fhilleadar riamh, agus tá beagnach dhá scór bliain caite anois.
Ba rógairí tofa iad, ar ndóigh, ach bhíodh laochra ann freisin. Bhíodh sé sconna déag taobh thiar Béar an Choláiste nuair a bhíodh an Beár sa gCearnóg Mhór. Ba é an Furstenburg an ceann a bhí sa triú áit ón gclé - níl fíos agam cén fáth ar fhan sin im' aigne, ach fan pé scéal é.
Bhíodh na sé sconna déag sin mar dushlán os comhair cúpla cara an Spailpín 'sna laethanta 'tá imithe. Agus Seachtain na nGiobal amháin, shroicheadar go n-déanfaidís iarracht pionta amháin a ól ó gach uile sconna.
Más mhaith leat sé phionta déag portair a ól, beidh fadhb agat. Is dhá bhuicéad beora iad sé chinn déag. Ach tá an caighdeán i bhfad níos áirde nuair atá meascán óil ann. B'fhéidir gurb é sin an fáth gur fhan an Furstenberg im' aigne. Tháinig sé ró-luath sa rás. Bíonn an Furstenberg searbh sa gcéad áit, agus níor díoladh mórán de ag an am, rud a rinneadh an beoir níos seirbhe arís. Bhíodh sé mar bhualadh ar an gclaí Foinavon in Aintree tar éis an chéad staid.
Ach bhíodh cairde agamsa agus boilg iontu cosuil le umair mhúnlaigh, báil ó Dhia orthu. Theip ar an gcuid is mó ach d'éirigh le beirt laoch pionta a ól ó gach uilig ceann de sconna Beáir an Choláiste san aon lá amháin.
Tógadh fear amháin abhaile, tinn a dhóthain ar ndóigh ach slán beo. Tháinig imní ar an gcomhluadar nuair a tugadh faoi deireadh nach raibh an fear eile ann ach fuaireadh slán ina leaba féin é níos déanaí tar éis seilg sa gcathair. Bíonn siad beirt socraithe agus ag obair go dian anois, agus táim ag súil iarraidh orthu cad a shíleann siad faoin deireadh ré seo. Is aoibheann bheatha an scólaire, ach tagann deireadh air i gcónaí.
Thursday, October 20, 2011
Deireadh Seachtaine na nGiobal
Monday, July 27, 2009
An Chathair Draíochta
Go lá deireadh an tsaoil, cuimhneoidh An Spailpín Fánach ar soilse an bhóthair idir Baile an Chláir na Gaillimhe agus cathair na Gaillimhe, agus mar a ngeallaidís dó faoin gcathair gheal a bhíodh os a chomhair.
Théinn go Gaillimh ó Bhéal an Átha ar bhus gach oíche Domhnaigh fiche bliain ó shin, beag nó mór, agus ba chathair draíochta domsa í, agus mise as baile don gcéad uair riamh. Is cuimhin liom fós ag siúl chun an mBóthar Ard trí Sráid Dhominic, agus faitíos orm roimh gach chuile rud a chonaic mé. Bhí siopa ghluaisrothar ann agus siopa prátaí bruite mar comharsan bealdoras aige, agus fir le gruaig fhada agus mná le gruaig ghearrtha.
Thit mé i ngrá leis an gcathair leis na blianta - bhíos faoi gheasa aici. Bhi sí chomh mór im' aigne an uair sin mar Los Angeles féin a bhíodh ann. D'iarrfainn na ceisteanna céanna ar Ghaillimh mar a n-iarradh Jim Morrison ar a chathair draíochta féin - an bean bheag an áidh í, cathair an solais, nó aingeal eile dul amú, cathair na h-oíche - cathair na h-oíche!
B'fhearr liom na h-aingil tite an uair sin. Bhídís níos rómánsacha. Anois, agus an ghruaig ag éirí liath liom, seans gur chóir leanúint tar éis na mná beaga aerigh, ach bíonn gach rud go soiléir agus duine ag breathnú siar. Tá ceangal láidir idir Gaillimh agus cathair Mheiriceá eile, agus is é sin Nua Eabhrac. Ní gá duit bheith rugadh i Nua Eabhrac nó Gaillimh chun dul leis an gcathair - tá spiorad, nó blás, nó meoin éigin, a cheanglaíonn le cuairteoirí a n-insíonn do daoine go bhfuilid buailte ar a mbaile tar éis an saol.
D'fhilleas ar Ghaillimh naoi nó deich lá ó shin, chun breathnú ar an bpeil. Ní théim go Gaillimh faoi láthair, mar a théinn ins na laethanta atá imithe. Nuair a bhíodh duine i ngrá, is chóir fanacht saor ón gcailín má theipeann ar an gcumann. Mar an gcéanna idir an Spailpín agus cathair na Gaillimhe - rinne mé iarracht filleadh ag deireadh an aois seo caite, agus mo shaol fásta a chaitheamh cois Coiribe, ach theip orm. Tháinig mé go mBleá Cliath agus táim anseo fós. Níor shíl mé riamh go gcríochnóinn anseo, ach tá níos mó na deich bliain tugtha dom don bpríomhchathair agus tá an pingin ag titim. Go mall, ach ag titim go deimhin.
Ach cé go bhfuil sé níos soiléire dom go bhfuil todhchaí mise i mBleá Cliath, cloisim i gcónaí seanphort draíochta na Gaillimhe, mar a gcloiseadh na mairnéalaigh cailleacha na gcloch i seanscéalta na Gréigise fadó, agus na cailleacha ag iarraidh na mairnéalaigh dul i gcathú agus a chailleadh ar na clocha.
Ar ais sa gcathair draíochta ag an gcluiche, agus cúrsaí peile á bplé agam, siar i bhfad i gcúl m'aigne, chuala mé an seanphort. Fuair mé an seanbhlás binn i dtithe tábhairne na Gaillimhe, ar a sráideanna leathana, fiú amháin ina siopa nua agus a tithe nua atá, in a mbealach féin, gach pioc chomh gránna leis na tithe ar imeall Baile Átha Cliath agus ar thógadh ar an bhfáth céanna, saint agus airgead.Tá fios ag gach duine go bhfuil rud éigin in uisce na Gaillimhe, ach tá rud éigin neamhghnáth, draíochta, ina haer freisin. Níl fios agam cad é, ach táim faoi gheasa ag síod an iathair fós. Sa ngluaisteán ag dul thoir ar na bóithre bhreá nua oíche Dé Domhnaigh, chuala mé na seanghuthanna arís. Pill, pill, a rúin...
Technorati Tags: Gaeilge, Gaillimh, cathair draíochta, cultúr
Friday, February 27, 2009
Cosc Curtha ar Seachtain na nGiobal i nGaillimh
Baineadh geit as do Spailpín Fánach oíche Dé Chéadaoin nuair a fógraíodh ar an nuacht go bhfuil cosc curtha ar Seachtain na nGiobal i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, as seo amach tar éis roinnt mac léinn gafa ag na Gardaí tar éis a ndrochiompar thall is abhus na cathrach.
Bhog roinnt mothúchán i gcúl mo chloigín agus mise ag breathnú ar an nuacht siar. Bhí lámh agam féin i Seachtain na nGiobal agus mise im' mhac léinn i nGaillimh ins na nóchaidí. An bhfuil an saol athraithe chomh mór sin go bhfuil gá ar na Gardaí féachaint ar Seachtain na nGiobal, nó an mbíonn an saol go geal i gcónaí nuair a mbreathnaíomar siar air?
Tá tuairisc ins an Galway Advertiser an deireadh seachtaine seo maidir le tuairimí na hOllscoile, ach níl mórán cur síos ar an ndrochiompar a rinneadh sa chéad áit. Síltear i gcónaí go bhfuil na h-óige i bhfad níos fiáine ná mar a bhímis féin, ach nílim ró-chinnte go bhfuil sé sin fíor.
Chuaigh an Spailpín ar ais go Gaillimh Lá 'le Phádraig i 2002. Bhíosa bréan de Bleá Cliath, agus ar thóir sosa ón bpríomhchathair. Ach ba léir go raibh bearna mór idir Gaillimh mo chuimhne agus Gaillimh mar a bhí. Bhíos ar thóir faoisimh éigin, agus in ionad sin bhí gach uile duine ar na sráideanna as a meabhair leis an ól - agus seo ag a trí nó ceathair a chlog. Thógas téacsaí ar ais chuig mo ghluaisteán chun m'éalú a dhéanamh, agus d'inis mé don tiománaí go raibh na daoine go dona ar an drabhlás.
"Tá," ar seisean, "ach nílid chomh dona mar a bhíodh. Tús na nóchaidí anois, ba í sin aimsir an óil sa chathair seo."
Bhíos ag smaoineamh ar fad an turais abhaile.
Insíonn cairde atá ina gcónaí cois Coiribe fós go bhfuil drochiompar na mic léinn chomh dona mar a deirtear, agus is cóir is ceart coisc a chur orthu. Agus is dócha go bhfuil an ceart acu. Ach is chuimhin liom go maith na laethanta úd, agus cúig bus dhéag ar a mbealach chomh fada leis An Teach Dóite ar son an "Bogman's Ball."
Chaith daoine ar Choiste na Seachtaine na nGiobal an oíche ag tógáil mic léinn isteach ón mbáisteach, agus iadsan gan aithne fágtha acu leis an ól. Is cuimhin liom buachaill amháin a thug cabhair dom doras leithris a bhriseadh isteach chun duine a thógáil slán. Cad a tharla di? Cad a tharla dúinn go léir?
Bhí laethanta meala againne freisin, nílim ag rá nach raibh. Bhuaigh cara dílis domsa Turas na dTithe Tábhairní bliain amháin, agus eisean gléasta go bródúil le dathanna Mhaigh Eo. Is cuimhin liom na buachaillí ar thóg an sínteán leis, agus eisean trom go leor. Córas Iompar Shéamuis, más maith leat. Bhí an saol go binn blasta gan amhras - ach dá rachainn siar trasna na blianta chun casadh liom féin le linn m'óige, agus mise go dian ar an drabhlás, cad a shílfinn fúm féin?
Technorati Tags: Gaeilge, Gaillimh, an t-ól, Seachtain na nGiobal