Go lá deireadh an tsaoil, cuimhneoidh An Spailpín Fánach ar soilse an bhóthair idir Baile an Chláir na Gaillimhe agus cathair na Gaillimhe, agus mar a ngeallaidís dó faoin gcathair gheal a bhíodh os a chomhair.
Théinn go Gaillimh ó Bhéal an Átha ar bhus gach oíche Domhnaigh fiche bliain ó shin, beag nó mór, agus ba chathair draíochta domsa í, agus mise as baile don gcéad uair riamh. Is cuimhin liom fós ag siúl chun an mBóthar Ard trí Sráid Dhominic, agus faitíos orm roimh gach chuile rud a chonaic mé. Bhí siopa ghluaisrothar ann agus siopa prátaí bruite mar comharsan bealdoras aige, agus fir le gruaig fhada agus mná le gruaig ghearrtha.
Thit mé i ngrá leis an gcathair leis na blianta - bhíos faoi gheasa aici. Bhi sí chomh mór im' aigne an uair sin mar Los Angeles féin a bhíodh ann. D'iarrfainn na ceisteanna céanna ar Ghaillimh mar a n-iarradh Jim Morrison ar a chathair draíochta féin - an bean bheag an áidh í, cathair an solais, nó aingeal eile dul amú, cathair na h-oíche - cathair na h-oíche!
B'fhearr liom na h-aingil tite an uair sin. Bhídís níos rómánsacha. Anois, agus an ghruaig ag éirí liath liom, seans gur chóir leanúint tar éis na mná beaga aerigh, ach bíonn gach rud go soiléir agus duine ag breathnú siar. Tá ceangal láidir idir Gaillimh agus cathair Mheiriceá eile, agus is é sin Nua Eabhrac. Ní gá duit bheith rugadh i Nua Eabhrac nó Gaillimh chun dul leis an gcathair - tá spiorad, nó blás, nó meoin éigin, a cheanglaíonn le cuairteoirí a n-insíonn do daoine go bhfuilid buailte ar a mbaile tar éis an saol.
D'fhilleas ar Ghaillimh naoi nó deich lá ó shin, chun breathnú ar an bpeil. Ní théim go Gaillimh faoi láthair, mar a théinn ins na laethanta atá imithe. Nuair a bhíodh duine i ngrá, is chóir fanacht saor ón gcailín má theipeann ar an gcumann. Mar an gcéanna idir an Spailpín agus cathair na Gaillimhe - rinne mé iarracht filleadh ag deireadh an aois seo caite, agus mo shaol fásta a chaitheamh cois Coiribe, ach theip orm. Tháinig mé go mBleá Cliath agus táim anseo fós. Níor shíl mé riamh go gcríochnóinn anseo, ach tá níos mó na deich bliain tugtha dom don bpríomhchathair agus tá an pingin ag titim. Go mall, ach ag titim go deimhin.
Ach cé go bhfuil sé níos soiléire dom go bhfuil todhchaí mise i mBleá Cliath, cloisim i gcónaí seanphort draíochta na Gaillimhe, mar a gcloiseadh na mairnéalaigh cailleacha na gcloch i seanscéalta na Gréigise fadó, agus na cailleacha ag iarraidh na mairnéalaigh dul i gcathú agus a chailleadh ar na clocha.
Ar ais sa gcathair draíochta ag an gcluiche, agus cúrsaí peile á bplé agam, siar i bhfad i gcúl m'aigne, chuala mé an seanphort. Fuair mé an seanbhlás binn i dtithe tábhairne na Gaillimhe, ar a sráideanna leathana, fiú amháin ina siopa nua agus a tithe nua atá, in a mbealach féin, gach pioc chomh gránna leis na tithe ar imeall Baile Átha Cliath agus ar thógadh ar an bhfáth céanna, saint agus airgead.
Tá fios ag gach duine go bhfuil rud éigin in uisce na Gaillimhe, ach tá rud éigin neamhghnáth, draíochta, ina haer freisin. Níl fios agam cad é, ach táim faoi gheasa ag síod an iathair fós. Sa ngluaisteán ag dul thoir ar na bóithre bhreá nua oíche Dé Domhnaigh, chuala mé na seanghuthanna arís. Pill, pill, a rúin...
Technorati Tags: Gaeilge, Gaillimh, cathair draíochta, cultúr