Showing posts with label scannáin. Show all posts
Showing posts with label scannáin. Show all posts

Tuesday, January 13, 2009

Lá an Choilín - Gradam an Golden Globe Buaite ag an bhFearalach

Tugann súil ghearr an Spailpín faoi dheara gur éirigh le Coilín Ó Fearail gradam an Golden Globe a bhuachan oíche Dé Domhnaigh amach i Los Angeles, Meiriceá, as ucht a thaispeántas sa scannán In Bruges.

Chonaic an Spailpín an scannán céanna, agus dár liomsa má tá gradam tuilte ag daoine dá laghad sa scannán tá sé tuilte ag Breandán Ó Gliasáin, a thug taispeántas ana-chumhachtach mar fear foréigin ag iarraidh rud maith a dhéanamh uair amháin sula gcuirfear faoin bhfód é. Bhí meas agam freisin ar thaispeántas Ralph Fiennes freisin, ach bím faoi draíocht i gcónaí leis na Lahndahn geezers sin. Ach an Fearalach in In Bruges an aisteoir is fearr i scannán grinn nó cheoil i mbliana? Ní chreidim.

Tá locht mór sa scannán In Bruges. Agus scannán mar sin idir láimhe agat, caithfear smacht a choinneáil i gcónaí ar thon an scannáin, agus theip orthu le sin in In Bruges. Éiríonn na cúrsaí grinn go maith, go háirithe na Meiriceánaigh rómhair a mbuaileann leis an bhFearalach agus iadsan chun staighre fada a dhreapadh, ach titeann an tóin as nuair a thaispeántar corp an linbh ar mharaigh Ray, carachtar an Fhearalaigh, i rith an scannán. Caithfear an corp a choinneáil as radharc, ar eagla go mbrisfear an mí-chreideamh. Tá blás chreidimh Chaitliceachais sa scannán, agus an Fearalach agus an Gliasánach ag breathnú ar na sean-phictiúir ar chúrsaí chreidimh i mBruges fite fuaite leis an súgradh, ach tá an meascáin ní cheart.

Ní aontaíonn mórán liomsa, áfach. Is laoch é an Fearalach ina bhaile dúchais, agus nuair a chonaic mise an scannán sa phictiúrlann an Savoy ar Sráid Uí Chonaill an bhliain seo caite, ní fheadair leis an bhFearalach cos a chur amú. Tá radharc sa scannán ina mbriseann troid amach i mbialann éigin, agus buaileann Ray bean buille lán díreach isteach ina gob. Bhí uafás ar an Spailpín, ach bhí leath an slua ag gáire fúithi agus leath eile ag beiceáil a dtacaíocht don bhFearalach, fear mar a gcíne féin. Ní thuigim, agus ní thuigfidh go deo.

Ní hé sin an chéad uair a chuir an Fearalach ionadh orm, ach an oiread. Cúig bhliain ó shin, agus na Cluichí Oilimpeacha Speisialta Domhanda 2003 ar siúl in Éirinn, bhuaileas le cara chara domsa, cailín a bhí ag tacaíocht leis an ócáid mhór. D'iarradh uirthi cad é buaicphointe an seachtaine di, agus d'inis sí dúinn ní h-amháin gur bhuail sí le Coilín Ó Fearail, ach gur leag sé a lámh uirthi. "An cladhaire salach!," arsa an Spailpín, an ridire bán, an galántach deireadh. Bhí gach uile bean sa seomra ag féachaint orm mar daoine ag iarraidh orthu féin cé hé an t-amadán tofa seo? An uair sin, théadh gach cailín in Éirinn ina codladh ag brionglóid go mbrisfeadh Coilín isteach chomh fada di i rith na h-oíche. Tá an bua aige. Mo mhallacht go daingean air!





Technorati Tags: , , , ,

Sunday, November 19, 2006

Caisiné Ríoga

Agus eisean ag déanamh obair shalach banríona Shasana le daichead blian, bhí sé ag éirí soiléir tar eis an fichiú scannáin dá chuid, Bás Lá Eile, go raibh saothar Shéamuis de Bonda ag bualadh ar cheann scríbe. Bhí gluaistean dofheicthe á thiomáint ag de Bond ins an scannán sin, agus bhí sé comh deachar mar an chéanna scéal nó bun an scannáin a dhéanamh amach. Bhí Piaras Ó Brosnacháin go maith mar 007, ach níor rinne sé ach scannán sármhaith amháin, Ní Fhaigheann Amárach Bás Riamh. Ins a trí scannán eile, theip ar an scríobhnóracht, agus ní raibh ach áit folamh ann san áit ba cheart don fhear is fearr seirbhíse rúnda a Mórgacht.

Bhí sé deachar go leor ar leirtheoirí de Bonda aisteoir nua a fháil in áit Uí Bhrosnachán, ach bhualadar an súil tairbh nuair a bhuaileadar ar Dhaniel Craig. Agus an shcríobhnóracht i bhfad níos fearr i gCaisiné Ríoga ná mar a bhíodh ins an dhá scannán sula seo – tionchar Pól Haggis, scríobhnóir Leanbh Milliún Dhollar, gan dabht – is é Caisiné Ríoga ceann de na cúig scannáin de Bonda is fearr riamh – ‘siadsan Mear-Óir, Ar Sheirbhís Rúnda a Mórgachta, Caisiné Ríoga, An Spiaire i nGrá Liom agus Ón Rúis, le Grá, dár leis an Spailpín Fánach.

Is féidir tuiscint ón scannán seo comh nua agus comh úr a bhí Séamus de Bond nuair a thainig An Doctiúr Neo amach i 1962. Cé gurbh é Caisiné Ríoga an chéad scannán is fiche ar eachtraí Shéamuis de Bonda, tá páirt an spiaire briste síos agus cuireadh le cheile arís go dtí go bhfuil sé cosuil le saigheas scannán nua a fheiceal. Cé go bhfuil sé beagán ró-fhada – ba chóir fiche nóimead nó leath-uair a ghearradh as – is sárshaothar é Caisiné Ríoga, agus buíochas mór le Daniel Craig, an fearr a bhíodh ró-bheag, ró-fhionn, ró-ghránna chun bhróga 007 a chaiteamh. Tá an gáire deirneach aige, mar is saothar den scoth é an saothar a thugann Craig mar Séamus de Bond.

Is é Seán Ó Conaire an aisteoir a bhí ina 007 is fearr. Ba é an chéad de Bond, ar ndóigh, agus mar sin tá tionchar mór aige ag gach aisteoir a thagann ina dhiaidh. Ach tá treith mór ag Ó Conaire atá ag Daniel Craig freisin, agus is é sin ná gurbh fhéidir leo thaispéant duinn gurbh marfiór é Séamus de Bond, d’ainneoinn na h-éadaí bhreá agus na mbéasa uaisle. Bhí blás an bhaoil ag Ó Conaire, agus tá an blás céanna ag Daniel Craig. Le daichead blian ceadúnaite maraigh, beidh Séamus de Bond ar an mbothar le fada an lá anuas.

Technorati Tags: , , ,