Monday, November 24, 2014
Bígí ar Bhur Suaimhneas – Níl Tada Buaite Fós ag na Gaeil
Tá cuimhneamh teipe sa gCorn Domhanda i 2007 go láidir i meoin Uí Chonnaill, mar atá i meoin gach duine rugbaí na tíre. Ní raibh mórán ag tnúth go n-insíodh an Drisceollach an scéal go léir ina dhírbheathaisnéis agus d'fhán sé ina thost, mar is gnáth. Leanann scéal na bliana rugbaí sin go léir ina rún os comhair an phobail.
Agus anois, tá Corn Domhanda eile ag teacht agus pobal na hÉireann ag smaoineamh anois go n-éireodh linn an Corrán féin a ghabháil, agus sinne gan bua dá laghad i ndiaidh na gcluichí ghasra fós.
Ach seo foireann eile, a deirtear. Is é Joe Schmidt an saineolaí rugbaí is fearr sa ndomhan mór. Níl an glas ann nárbh fhéidir leis a oscailt. B'fhéidir. An uair deireanach a chuireas súil ar an scéal, ba iad na h-imreoirí amháin a bhí ar an bpáirc agus na traenálaithe go léir suas istigh 'sna ardáin, ach tá an cluiche chomh athraithe chomh tapa le déanaí tá seans ann go bhfuil dúl amú orm.
Ag smaoineamh ar na buanna in aghaidh na hAstráile agus na hAfraice Theas, cén fáth gur éirigh leis na Gaeil? An bhfuil siad chomh maith sin i ndáiríre?
Is deacair é a thuiscint ón meáin Éireannach, a chuireann na geansaithe uaithne orthu níos tapa maidir leis an rugbaí ná nuair a bhí Jack Charlton ann sa sacar. Bíonn an meáin Breataine réidh i gcónaí cnámh a chaitheamh chun na Gaeil fiáine, agus tá mo laethanta scoile chomh fada thiar liom anois níl fios agam cad a scríobhtar fúinn sa bhFrainc. Tá a bhfadhbanna féin acu ar ndóigh, na créatúir.
Agus an rugbaí éirithe chomh casta mar atá, breathnaím ar cluichí anois agus espnscrum.co.uk oscailte agam ar mo thablet, ag breathnú ar staitisticí an chluiche. D'éirigh linne an méid seo clibirte a bhuaigh, d'éirigh leosan an méid sin síneadh amach. Ní fhéidir na staitisticí go léir a chreideamh – bhí sé ghreamú aimsithe ag Ian Madigan acu, mar shampla, ach is ait é an greamú nuair a leanann an imreoir greamaithe ar aghaidh mar a bhí sé, ach go bhfuil Madigan anois aige mar phaisinéir chomh maith – ach cabhraíonn na staitisticí an cluiche gairmiúla a thuiscint.
Níor chabhair na staitisticí liom aréir, mar bhí an lámh in uachtar ag na hAstraláisigh ón chuid is mó imeartha. Níos mó seilbhe, níos mó talaimh, níos mó gach rud ag an Astráil ach cúlaithe ar an mbord, an t-aon staitistic amháin atá ina rí ar gach uile ceann acu. Bhí an t-ádh ag na Gaeil nuair a d'aimsigh Zebo agus Bowe a n-úid, agus ba é sin scéal an chluiche. Bhí an bearna ró-mhór do na hAstraláisigh.
Ní hea sin drochmheas ar cliathánaithe na hÉireann. Thógadar a seasanna, agus sin é an fáth go bhfuil siad ann, chun na seasanna sin a thógáil, in ionad an liathróid a ligeadh chun tosaigh nó praiseach éigin eile a dhéanamh as na seansanna.
Ach ar chonaiceamar fianaise i rith an Fómhair gurbh fhéidir leis na Gaeil an Corrán Domhanda féin a bhuaigh? Caithfear níos mó na an dhá úd sin a bheith ann. Tá an paca láidir go leor agus cróga a ndóthain, ach bhíodar faoi bhrú sa gclibirt agus agus ní hé an Astráil an fhoireann is fearr san obair sin sa domhain.
Tá Robbie Henshaw ag dul go maith i mbróga móra Uí Dhrisceoill chomh fada seo, ach tá D'Arcy sean go leor agus ní fheictear mórán luais idir an bheirt acu. Bhí an luas caillte ag BOD féin sa ndeireadh ach bheadh BOD ina imreoir agus é ar leathchos – fios ag gach éinne faoi sin.
Tá daoine ag súil go bhfillfidh Seán O'Brien agus Cian Healy agus níorbh aon íobairt é ceachtar acu a chur istigh sa bhfoireann, ach ag an am céanna tá imní orm maidir leis an bhfoireann seo.
Agus an bliain ina h-uimhir chorr, beidh Sasana agus an Fhrainc againn sa mbaile, ach tá an Albain tar éis feabhsú faoi Vern Cotter agus ní bhog an turas é ríomh dul chomh fada le Caerdydd agus an lámh in uachtar a fháil.
I mblianta roimhe seo, beidh buntáiste mór ag aon fhoireann agus leath-chúlaí amach na Leoin acu, ach tá dualgas agus stíl imeartha an leath-chúlaí athraithe. Níl an chumhacht céanna a bhí acu mar a bhíodh san seanshaol, agus leithid Barry John nó Phil Bennett nó Hugo Porta nó Jackie Kyle ina sheasamh taobh amuigh na clibirte.
Anois, tá níos mó dualgas ar an leath-chúlaí clibirte an imirt a chur i bhfeidhm. Is ar seisean atá an rogha idir cic, pas nó aimsiú a dhéanamh. Tráth, ba é mar dara geansaí a 10 é an 12; anois, a mhalairt a scéal atá ann. Tá seans ann go dtiocfaidh an lá agus, in ionad an chéad líne aimsithe é an leath-chúlaí amach, beidh sé ina chéad líne cosaint. Is fada an titim ar péacóg breá bródúil an rugbaí é.
Friday, February 01, 2013
An Bás nó an Ghlóir ag fanacht ar na Gaeil i gCaerdydd
Agus is iontach é. Tá trí thír sa ndomhain ina bhfuil an rugbaí mar chreideamh na daoine, agus is iad an Nua-Shéalainn, an Afraic Theas Bhán agus an Bhreatain Bheag. Tá airgead a dhóthain ag na tíortha móra, ach níl amháin a saoirse féin ag na Breatnaigh bhochta. Níl acu ach an rugbaí, agus bíonn a n-imreoirí i gcónaí á ghoideach uathu ag daoine eile. Ó lucht an rugbaí sraithe ins na laethanta imithe, nuair a d'imigh Terry Holmes nó Jonathan Davies thuaidh ag imirt ar son an phingin in ionad na glóire, agus le déanaí ón Fhrainc, agus sparáin mhóra na gclubanna mór ansin. Tuilleadh faoi sin níos déanaí.
Cé gurb iadsan Seaimpíní na Sé Náisiún anois, agus don triú uair as seacht mbliana, tá croithe na mBreatach istigh ina mbróga arís. Theipeadar i rith camchuairte an tSamraidh agus arís ins na cluichí sa bhFómhar, tá a leath-chulaí amach gortaithe don seasúr agus tá a n-imreoirí is fearr ag imirt thar sáile. Bíonn siad cráite tuirseach nuair a fhillean said abhaile agus faitíos gearr i gach croí Breatnaigh go bhfuil scríosadh, agus fíor-scríosadh, i ndán dóibh an bhliain seo.
Ag tosnú le cuairt na nGael an Satharn seo chugainn. Tá an tuairim amach gurb é an cluiche seo an cluiche is tábhachtaí do Declan Kidney ón am ar cheapadh é sa gcéad uair mar choitseálaí na hÉireann. I ndáiríre, bíonn gach cluiche a n-imríonn na Gaeil an cluiche is tábhachtaí do Kidney. Deirtear go bhfuil sé ró-dhílis lena imreoirí, agus go bhfuil easpa radharc aige ó thaobh an rugbaí ionsach. Ach tá Kidney tar éis Jamie Heaslip a cheapadh mar chaptaen na foirne in ionad Brian O'Driscoll, agus a gcéad cáibíní a thabhairt do Simon Zebo agus Ian Gilroy, cúnna na gcliathán, in ionad roghanna níos coimeádaí mar Keith Earls nó Andrew Trimble.
Tá todhchaí na hÉireann dorcha, ceart go leor. Is léir anois go bhfuil an ghlúin órga thart anois, agus an t-aon dóchas fágtha ná go seasfaidh sláinte an Drisceoileach go dtí Camchuairt na Leon, mar tá sin tuilte aige ar a leithéid. Nuair a n-imeoidh Jonny Sexton go dtí an Fhrainc imeoidh roinnt eile ina dhiaidh, mar bheidís siad go léir ina n-amadáin thofa dá gcuireadh an méid airgid sin ar reic dóibh agus go ndiúltóidís é. Bhí an IRFU sásta go leor fánacht siar ó chumacht an margaidh nuair a thóg Laighin na h-imeoirí Chonnacht. Táid ar tí fáil amach go gcasann an rotha mór i gcónaí.
Agus níl na h-imreoirí imithe fós. Dá n-imreoidís cluiche i ndiaidh cluiche, seans go mbeidh seasúr maith ag na Gaeil tar éis an saoil. Caithfear éirigh in aghaigh na Breataine Bige ceart go leor ach dá n-éireoídís, tá Sasana agus an Fhrainc acu sa mbaile. Is iad Sasana rogha na coitianta agus thugadar scríosadh ceart do na Gaeil Lá 'le Pádraig seo caite i Twickenham, ach seans ann go dtabharfaidh Sasana bata is bóthar do na Albanaigh bhochta an Satharn seo chugainn agus go dtíocfaidh an bua mór isteach i gcinn na Sasanach. Agus má n-éiríonn leis an Gaeil luíochán a chur ar na Sasanaigh i mBleá Cliath ocht lá ina dhiaidh, osclóidh an seasúr go maith os a gcomhair ansin.
Seasann nó titeann gach rud leis an tús i gCaerdydd, ar cheann de na páirceanna rugbaí is fearr agus is draíochta sa domhan mór. Bíonn an lucht tacaíochta ag seinnt a gcuid cainticeanna roimh an cluiche, idir Delilah nó Fir Harlech. Téann banna na Reisiminte Rioga na Breataine Beaga amach, agus an saighdiúir singil Williams Jenkins ina cheannaire acu, mar i gcónaí. Is blásta an ócáid é agus, pé scéal na Gael an seasúr seo, is ionach go leanann an sean-Chomortas glórmhar stáiriúil ar aghaidh sa ré gránna gairmiúla seo.
Posted by An Spailpín at 9:00 AM
Labels: an Bhreatain Bheag, Éire, Gaeilge, Ireland, rugbaí, rugby, Sé Náisiún, six nations, Sport, spórt, Wales
Tuesday, November 06, 2012
Dath an Dobhróin Tuillte ag Foireann Rugbaí na hÉireann
Tá na Barbaraigh cailte go deo, faoi ghlás na stáire agus an dea-chuimhneamh, ach tá na Leoin linn fós, an céim is áirde i rugbaí idirnáisiúnta 'sna hOileáin Bhriotanacha. 'Sé dea-thaispeántas in aghaidh na Leon a thugann loinnir ar saothar imreoirí na Nua-Shéalainne agus na hAfraice Theasa, agus an rud ceannann céanna do na Leoin in aghaidh na tíortha móra rugbaí ar thaobh eile an domhain.
'Sé an geansaí dearg sin atá i smaoineamh Brian O'Driscoll anois, agus an deireadh ag teacht chuige go tapaidh anois. D'éirigh leis an Craobh Sé Náisiún a bhuaigh i 2009 nuair a bhí daoine cinnte go raibh a sheans cailte aige. Anois, tá sé ag súil go n-éireoidh leis ar a cheathrú chamchuairt Leon agus dea-chríoch a chur ar a shaothar rugbaí - más fhéidir leis áit a fháil ar an eitleán sa gcéad áit, ar ndóigh.
Tá ré órga na nGael thart anois. Níor bhuadar chomh minic nó chomh mór mar ba chóir dóibh, ach is faoiseamh gur bhuadar an Craobh sin i 2009 ag an deireadh. Bheadh aiféala orthu go lá deireadh an tsaoil murab éirigh leo riamh aon chraobh a bhuaigh agus na dea-imreoirí a bhí acu le deich bliain.
Tá Declan Kidney faoi bhrú anois mar cóitseálaí na foirne ach, mura bhfuil na h-imreoirí aige, cad eile ab fhéidir le cóitseálaí eile a dheánamh, cé gurb Mick O'Dwyer nó Jose Mourinho féin é? Baineann ceist mhór an seachtain seo, ceist Michael Bent, go mór le seo. Tá ceithre fhoireann ag an IRFU ag imirt ins an gCorn Heineken agus an Sráith Rabo-Direct, agus na h-imreoirí go léir fostaithe ag an IRFU. Cé mhead frapa Gaelacha atá ag imirt leis na ceithre fhoireann sin?
B'fhearr nach mbuafadh foireann na hÉireann cluiche arís riamh in ionad an geansaí a dhíol ar an margadh idirnáisiúnta, ach is dócha gurb soineanta an tuairim sin ins an ré gairmiúla seo. Ach ní fhéadair an lucht a chur ar an gcóitseálaí amháin nuair atá an rogha chomh bheag leis go bhfuil air Michael Bent a fháil ón Nua-Shéalainn.
Freisin, tá daoine ar an tuairim gur chóir rugbaí níos corraithí a imirt, mar a n-imríonn na cúigí le déanaí. Agus tá sé sin ceart go leor, ach deántar dearmad i gcónaí an tionchar atá ag imreoirí ghallda leis na cúigí. An mbuafadh na cúigí na Coirn a bhuadar seachas Brad Thorne, nó Trevor Halstead? Bhí imreoirí na ré órga Éireannaigh ann ar ndóigh, ach cad é an difríocht idir na buanna atá agus na "moral victories" a bhíodh?
Beidh na cúigí féin faoi bhrú má n-éiríonn leis an ERC an droch-íde a thugann an IRFU do Chonnachta a thabairt d'fhoirne na tíortha Ceilteacha. Nárbh bhlásta an íoróin é, más mar sin a thitfidh an scéal amach?
Agus oíche fada dorcha ag teacht chuig rugbaí na hÉireann, is rí gan ríocht é Brian O'Driscoll anois, agus a shéasúr deireanach roimhe. Ba bhrea le gach croí dá n-éireodh leis dul leis na Leoin, agus go mbeadh deireadh deas ag a saothar rugbaí, saothar níos fearr ná aon cheann a bhfeicfear in Éirinn leis na blianta fada.
Ní fhéidir le Declan Kidney smaoineamh ar a chaptaen, nó cad a tharlóidh thar lár sa tSamhradh. Taispeánann a mhéid feara ghortaithe an seachtain seo chomh beag atá an rogha leis agus, comh dona atá an scéal anois, tá an t-ádh le Kidney nach bhfuil an scéal níos measa arís.
Pé scéal é; beidh ré Kidney féin thart freisin tar éis an shéasúir seo, nó níos luaithe. Caithfear rud éigin a dhéanamh nó a bheith le feiceáil a dhéanamh, agus is é ceann Kidney atá is feiliúnaí don mbloc.
'Sé todhchaí na Gaeil os ár gcomhair amach anois ná go mbeidh siad níos giorra don spúnóg adhmaid ná don gCraobh. Tá saibhreas dóchreite ag Sasana agus ag an bhFrainc, agus tá an Bhreatain Bheag fillte ina cumhacht arís, chomh láidir is mar a bhí na draoithe bheaga riamh.
Agus ag bun na sraithe, na Gaeil, na hAlbanaigh agus na hIodalaigh, ag iarraidh an spúnóg a sheachaint agus lá mór a fheiceáil in aghaidh na Breataine Bige, Shasana nó na Fraince gach deich bliain nó mar sin. Ba ghlórmhar iad na laethanta órga ach beidh an sean-nós linn arís, agus le fada.
Ní de thimpiste go mbeidh foireann na hÉireann gleasta i ndubh in aghaidh Die Bokke Dé Sathairn. Is dath an dobhróin é, an caoineadh ar an ré atá thart agus an ré atá seo chugainn.
Wednesday, September 01, 2010
Oidhreacht Mick Lally
Nach gearr crua é cailleadh Mick Lally dúinn? Ní h-amháin gur tharla chomh tobann é, ach gur nochtadh a bhás dúinn chomh mór a bhíodh sé inár saolta.
Ba óg an fear é Mick Lally chun imeacht ar shlí na fírinne - ní raibh ach 64 bliana d'aois. Ach chaith sé leath na blianta sin os comhair an phobail ag aisteacht. Is dócha gur chuimhin daoine go raibh sé ina Gharda sa scannán Poitín, faoi stiúrthóiríocht Bob Quinn, ins na seachtóidí, ach mairfidh a chlú don chuid is mó mar Miley Byrne, feirmeoir agus fear tuath, sa sobalchláir Bracken agus Glenroe.
Deirtear gurb fhuath é ról Miley le Mick Lally. Níor thaitin leis gurbh Miley é in aigne an phobail agus an méid oibre níos fearr aige tar éis Glenroe, ar stáitse agus, ar ndóigh, ar scannán dá chuid The Secret of Kells agus Alexander.
Dúirt fear éigin ar Raidió na Gaeltachta inné go raibh dífríocht mór idir Mick Lally agus Miley Byrne agus is dócha go raibh sé sin crua ar Lally freisin. Fear clíste léite é Mick agus saghas amadáin é Miley. Is fíor é sin, ach níl an fhírinne go léir é. Bhí Miley Byrne mór i gcroithe na daoine mar ba fear uasal é, agus chuir Mick Lally an uaisleacht sin air.
Níorbh fhéidir le aisteoir eile é a dhéanamh, mar níl an saghas uaisleachta sin coitianta sa tsaol. Níl an amadánaíocht ach rud beag; agus dearmad déanta ar pleidhcaíocht tumthéitheora no caorach as láthair ar Domhnach éigin is í uaisleacht Miley, fear a sheas ar rudaí luachmhar mar teaglach, macántacht agus cothrom na Féinne déanta le saibhir agus daibhir, a maireann gach seachtain, gach mí, gach bliain.
Níorbh an uaisleacht a thagann ó rugadh uasal agus tógadh i dTeach Mór í, ach an uaisleacht a thagann ón anam. An uaisleacht a thagann ó fhear atá cneasta macánta le daoine, agus a thuigeann an ceangal idir an duine agus an dúlra atá ina thimpeall. Bhí na tréithe sin i Mick Lally, agus ba é bua Mick Lally na téithe sin a chur isteach i Miley Byrne.
Bhí grá ag na Gaeil ar Miley Byrne, mar thaispeán sé dúinn an Gael mar ba mhaith linn é. Uasal, tuathach, macánta, deas. Sin bua agus oidhreacht Mick Lally - mar fear a rinne an Gael is Gaelaí, an chuid is fearr cine na nGael.
Is cuimhin liom seoladh fheachtais Uachtaránachta Mary Robinson - nó ceann díobh; bhí níos mór ná an t-aon tús amháín aici - ar mullach leoraí i mBéal an Átha i 1990. Maidin Dé Sathairn, Sráid Uí Raghailligh, slua mór istigh sa mballa. Ceathrair an an leoraí - sagairt áitiúil, Dick Spring, Mary Robinson agus Mick Lally. Fuair Mick Lally an gáir is mó ar an lá, i bhfad níos mó ná ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre nó an chéad Uachtarán eile agus bean ón mbaile. Mar ba duine dúinne féin é Mick Lally, agus bhí, bíonn agus beidh go deo meas againn air dá bhrí. Ar lámh Dé go raibh a anam dílis uasal.
Posted by An Spailpín at 9:00 AM
Labels: cultúr, Éire, Gaeilge, Glenroe, Mick Lally, Miley Byrne, obituary, oidhreacht, RTÉ
Friday, August 27, 2010
Ceoldráma Amuigh Faoin Aer ag Cé an Adhmaid, Bleá Cliath
Agus chomh hannamh atá an ceoldráma i mBaile Átha Cliath tá ceist á iarraidh ar duine nuair a freastalaíonn sé nó sí ar seó nach dtaitníonn leis nó léi. An fhírinne a insint nó a seachaint, ar eagla go gcaillfí misneach lucht cheoldráma go deo?
Bíonn ceoldrámaí amuigh faoin aer ar siúl sa gcathair sa Lúnasa, i ngearraí le Bárdas na Cathrach ag Cé an Adhmaid, cois Life, BÁC 8. Bhí Don Giovanni le Mozart, an ceoldráma foirfe dár le Gounod, ar siúl acu inné agus isteach leis an Spailpín chun breathnú air.
Bhí an gearraí lán le slua, ach thugas faoi déara gurbh daoine buailte go maith in aois ab ea an chuid is mó acu - ag am lóin i rith lae oibre, is bia choirp in ionad bia anama atá ag taisteal ón bpobal is mó.
Bhí ar daoine fanacht ina seasamh mura raibh suíocháin acu. Bhí roinnt suíochán infillte ann ar an bhféar - bhí a gceacht fóghlaimthe ag cuid an slua ag Aonach na gCapall ag an RDS céanna seo, sílim. Ach ag breathnú thall is abhus, bhuail sé ar an Spailpín go mbeadh sé deacair áire slua a choinnéal mura raibh siad ar a suamhneas gan suíocháin - an ndéanfaí suaimhneas an lucht féachána tionchar ar an gclár agus mar a gcasfaí ceoldráma á thógann trí uair is leath a chánadh go hiomlán?
Ní dhearna. Bhí tuairim greannmhar súgach ag na ceoltóirí Don Giovanni a thaispeáint mar galfaire gairmiúil, agus galfaire gairmiúil atá i bponc leis na mná sa nuacht na laethanta seo, cosuil leis an Don féin fadó.
Bhí cuma níos mó alickadoo an rugbaí istigh i dteach tábhairne Kiely's, an Domhnach Broc, ar an Don seo againne ná ar an ngalfaire is fearr sa domhain mór ach ba chuma más fhéidir leis na ceoltóirí áire an slua a choinnéal. Agus níl sé sin easca nuair atá ort ceoldráma atá scríofa don amharchlann sa tráthnóna a chur ar stáitse ag am lóin amuigh faoin aer.
Tá Don Giovanni scríofa i gceithre ghníomh. Rinne an comhlacht iarracht na gníomha a ghearradh chomh maith mar ab fhéidir agus bhí fear ann mar treoraí a n-inseodh don slua cad a dtarlódh os a gcomhair. Ach, mo léan, níor ghearr a dhótháin.
Is é an fadhb le sin ná go raibh an-iomarca gnó idir cathain a mbeadh an treoraí ar an ardán agus cathain a bhfillfeadh sé. Bhí se ró-easca dul amú leis an scéal agus an amhránaíocht.
Níl aithne nó meas ag an gcuid is mó daoine ar an gceoldráma. Le lucht an cheoldráma, is gnáth fotheideil istigh san amharclann. Leo féin amach faoin aer, tá níos mó cabhrach uathu ná óráid idir gníomha a maireann leathuair a chlog nó tuilleadh.
Agus an áiria catalóige a chasadh aige, bhris Leporello an ceathrú balla agus isteach sa slua leis, ag canadh le mná éigin. Shúigh sé síos taobh thiar léi agus seo leis:
"Nella bionda egli ha l'usanza
Di lodar la gentilezza,
Nella bruna la costanza,
Nella bianca la dolcezza."
Is cur síos ag Leporello ar mar a chuireann an Don faoi í an áiria seo. Cialltar an píosa sin ná mar a thaitníonn na mná eagsúla leis an Don. Aistrithe agam féin:
"Is gnáth leis moladh
na fionn as a ngalántacht
na donn as a dílseacht
na bána as a milseacht."
Greanmhar go leor - dá mbeadh an Iodáilis agat. Ach ní raibh tuiscint dá laghad ag an mbean bhocht cad a bhí ó Leporello mar níor mhínigh an treoraí an áiria catalóige ar dtús. Bhí an meas céanna ag an mbean ar Leporello taobh thiar di na mar a bhí ag Little Miss Muffet ar an domhan alla.
Níos measa arís, níor chóir do Leporello an ceathrú balla a bhriseach. Bhí a dhualgas roimh Donna Elvira - cantar an áiria catalóige do Donna Elvira, ach isteach le Leporollo sa slua in ionad an scéal a mhínigh le Donna Elvira. Dóchreite.
Bhí an t-amhránaíocht agus an ceol ceart go leor, agus an aisteoireacht níos fearr arís, Donna Elvira féin ach go háirithe. Is breá an smaoineamh é, an ceoldráma amuigh faoin aer, ach caithfear níos mó iarrachta a chur isteach agus a ghlacadh gur taispéanas ama lóin é seo, os comhair daoine nach bhfuil chomh cleachta leis na gceoldráma go dtuigfidís cuid den áiria catalóige. Caithfear an treoraí filleadh níos minice chun gluaiseacht an scéil a choinnéal beo.
Agus níos tábhachtaí ná dada eile, caithfear tuiscint agus glacadh níl ach uair amháin ag daoine mar ám lóin. Bhí ormsa imeacht nuair nach raibh an seó ach leath-críochnaithe, mar thugadar uair ar an gcéad dhá ghníomh. Teipeadh dóchreite.
Is breá an rud é an ceoldráma, agus ceoldráma amuigh faoi aer cosuil le seo, a dtógann áilleacht an cheoil amach ón dorchadas isteach faoi sholas gréine. Ach caithfear an seó a ghearradh gan faitíos gan trócaire go mbeidh sé tuillte le am lóin, le gnáthduine agus, go h-áirithe, le daoine a gcaithfear fanacht ina seasamh ar feadh na h-uaire.
Agus go raibh orm imeacht roimh deireadh, níor chuala mé críoch cailiúil Don Giovanni inné - teacht dealbh an Commendatore chun an Don a chuireadh chun tintí ifrinn. Seo chugaibh é anois, ar You Tube beannaithe. Bainígí sult.
Technorati Tags:
Wednesday, November 22, 2006
Foireann Rugbaí na h-Éireann - Fáilte go dtí an Ceantar Bog
Tá foireann rugbaí na h-Éireann, chun imirt in aghaidh na h-Óiléain Chiúna, fógraíodh inniu agus tá ceist amháin fágtha i gcloigín an Spailpin Fánach - cár fhágas mo bhróga rugbaí? Má tá ar na h-Éireannaigh ciceanna imirce a bhuaileadh Dé Domhnaigh, cé a bhuailfidh iad?
Don chéad uair le fada an lá, beidh foireann rugbaí na h-Éireann ag imirt gan ciceoir imirce rialta. Tá Paddy Wallace ag imirt mar leath-culaí amuigh Dé Domhnaigh, chun sos a thabairt do Rhónán Ó Géara, agus chun súil a chur ar Pheadaí féin, ar ndóigh, ach cé a bhuailfidh na ciceanna? Ní bhuaileann Peadaí na ciceanna ar son na h-Ulaidh, mar tá David Humphries acu agus is ciceoir den scoth é Humprhries. Ach, mura bhfuil Wallace cleachta ag bualadh na ciceanna imirice, chuid tabhachtach an rugbaí sa lá atá inniu ann, cad a tharlóidh má thosaíonn ciceanna Pheadaí ag dul amú?
Tá an baol seo i gcloigín an Súilleabhánach - cén fáth eile go bhfuil Rónán Ó Géara ar an mbinse aige, ach chun eisean a chur isteach agus na ciceanna ag éalú ar Phéadaí bocht? Ach nach bhfuil fíor-fhios ag an Súilleabhánach ar treithe an Géaraigh, agus cén fáth nach dtógann sé an seans imreoir eile a fheicéal?
Beidh Jeremy Staunton ar an mbinse ag an Spailpín ar a laghad, nó curtha amach ag uimhir 10 ón tús. Ach níl aon meas ag lucht rugbaí na Mumhan ar Staunton óna laethanta a bhíodh seisean ag imirt mar lán-culsaí dóibhsean. Conas a n-éireodh an Géarach féin dá gcuirfi uimhir a 15 ar a droim, in ionad a 10, mar a chuiread ar Staunton? Ní chloistear faic faoi sin.
Tá Jerry Staunton ar imirt (agus ag cicéal na ciceanna imirce) thar barr le Foichí na Londáin faoi láthair, agus ag imirt ina áit ceart, taobh amuigh den chlibirt, ach ní bhacann le roghnóirí na h-Éireann ar sin. Ba bhreá leo cluichí pólaítiúla a imirt in ionad an cúigear déag is fearr a chur ar an bpáirc. Mar is gnách leo ón tús an domhan.
Ní chloistear faic ó méan cumarsáide na rugbaí ach an oiread. Ar chuimhníonn sibh, a lucht léite, ar an dtitim amach a d'éirigh idir imreoirí rugbaí na h-Éireann agus David Kelly, iriseoir leis an Irish Independent, tar éis an chéad cluiche a chailleadh in aghaigh an Nua-Sealáinn i rith an tSamhraidh? Scríobh an Ceallach go raibh na h-Éireannaigh ag imirt ins an ceantar bog, cé nach raibh sé searbh nó drochbheasch ar chur ar bith, ach fear ag insint a thuairim agus ag déanamh a obair. Ach thóg an foireann masla, agus ní labhróidis leis an méan cumarsáide agus an Ceallach fós ina measc. Rinneadh beart ar deireadh, agus tugann do Spailpín faoi deireadh faoi láthair nach bhfuil focal dá laghad cáinte scríóbha ar fhoireann nó bainisteoireacht na h-Éireann, ach gach aon duine ag seint Glaoch na h-Eireann agus as scríobh go bhfuil lámh amháin ag na h-Éireannaigh ar an gCorn Domhanda.
Tá an Corn céanna bliain fada uaighneach i bhfad uainn, agus beidh duine níos fearr ag iarraidh feiceal cad a tharlóidh ansin ó dhuilleoga tae ag bun a chupáin in ionad ó thorraidh cluichí in aghaidh foirne nach mbacann leo cé a n-éireoidh, ach súil ghear a chur ar a h-imeoirí féin. Is gá duinn dúisigh, agus gan slogadh ar gach focal bhladar a ndeirtear.
Technorati Tags: Gaeilge, Éire, spórt, rugbaí