Friday, February 01, 2013

An Bás nó an Ghlóir ag fanacht ar na Gaeil i gCaerdydd


Tá daoine na Breataine Bige ana-chosuil lenár ndaoine féin cois Laoi. Agus siadsan ag dul go maith, táid i gcónaí ag labhairt faoi chomh mór atáid. Agus siadsan ag dul go dona, táid is gcónaí ag caint faoi chomh tragóideach é an scéal, seacht uair níos measa ná aon tubáiste riamh. Athraíonn na nótaí, ach leanann an port go deo.

Agus is iontach é. Tá trí thír sa ndomhain ina bhfuil an rugbaí mar chreideamh na daoine, agus is iad an Nua-Shéalainn, an Afraic Theas Bhán agus an Bhreatain Bheag. Tá airgead a dhóthain ag na tíortha móra, ach níl amháin a saoirse féin ag na Breatnaigh bhochta. Níl acu ach an rugbaí, agus bíonn a n-imreoirí i gcónaí á ghoideach uathu ag daoine eile. Ó lucht an rugbaí sraithe ins na laethanta imithe, nuair a d'imigh Terry Holmes nó Jonathan Davies thuaidh ag imirt ar son an phingin in ionad na glóire, agus le déanaí ón Fhrainc, agus sparáin mhóra na gclubanna mór ansin. Tuilleadh faoi sin níos déanaí.

Cé gurb iadsan Seaimpíní na Sé Náisiún anois, agus don triú uair as seacht mbliana, tá croithe na mBreatach istigh ina mbróga arís. Theipeadar i rith camchuairte an tSamraidh agus arís ins na cluichí sa bhFómhar, tá a leath-chulaí amach gortaithe don seasúr agus tá a n-imreoirí is fearr ag imirt thar sáile. Bíonn siad cráite tuirseach nuair a fhillean said abhaile agus faitíos gearr i gach croí Breatnaigh go bhfuil scríosadh, agus fíor-scríosadh, i ndán dóibh an bhliain seo.

Ag tosnú le cuairt na nGael an Satharn seo chugainn. Tá an tuairim amach gurb é an cluiche seo an cluiche is tábhachtaí do Declan Kidney ón am ar cheapadh é sa gcéad uair mar choitseálaí na hÉireann. I ndáiríre, bíonn gach cluiche a n-imríonn na Gaeil an cluiche is tábhachtaí do Kidney. Deirtear go bhfuil sé ró-dhílis lena imreoirí, agus go bhfuil easpa radharc aige ó thaobh an rugbaí ionsach. Ach tá Kidney tar éis Jamie Heaslip a cheapadh mar chaptaen na foirne in ionad Brian O'Driscoll, agus a gcéad cáibíní a thabhairt do Simon Zebo agus Ian Gilroy, cúnna na gcliathán, in ionad roghanna níos coimeádaí mar Keith Earls nó Andrew Trimble.

Tá todhchaí na hÉireann dorcha, ceart go leor. Is léir anois go bhfuil an ghlúin órga thart anois, agus an t-aon dóchas fágtha ná go seasfaidh sláinte an Drisceoileach go dtí Camchuairt na Leon, mar tá sin tuilte aige ar a leithéid. Nuair a n-imeoidh Jonny Sexton go dtí an Fhrainc imeoidh roinnt eile ina dhiaidh, mar bheidís siad go léir ina n-amadáin thofa dá gcuireadh an méid airgid sin ar reic dóibh agus go ndiúltóidís é. Bhí an IRFU sásta go leor fánacht siar ó chumacht an margaidh nuair a thóg Laighin na h-imeoirí Chonnacht. Táid ar tí fáil amach go gcasann an rotha mór i gcónaí.

Agus níl na h-imreoirí imithe fós. Dá n-imreoidís cluiche i ndiaidh cluiche, seans go mbeidh seasúr maith ag na Gaeil tar éis an saoil. Caithfear éirigh in aghaigh na Breataine Bige ceart go leor ach dá n-éireoídís, tá Sasana agus an Fhrainc acu sa mbaile. Is iad Sasana rogha na coitianta agus thugadar scríosadh ceart do na Gaeil Lá 'le Pádraig seo caite i Twickenham, ach seans ann go dtabharfaidh Sasana bata is bóthar do na Albanaigh bhochta an Satharn seo chugainn agus go dtíocfaidh an bua mór isteach i gcinn na Sasanach. Agus má n-éiríonn leis an Gaeil luíochán a chur ar na Sasanaigh i mBleá Cliath ocht lá ina dhiaidh, osclóidh an seasúr go maith os a gcomhair ansin.

Seasann nó titeann gach rud leis an tús i gCaerdydd, ar cheann de na páirceanna rugbaí is fearr agus is draíochta sa domhan mór. Bíonn an lucht tacaíochta ag seinnt a gcuid cainticeanna roimh an cluiche, idir DelilahFir Harlech. Téann banna na Reisiminte Rioga na Breataine Beaga amach, agus an saighdiúir singil Williams Jenkins ina cheannaire acu, mar i gcónaí. Is blásta an ócáid é agus, pé scéal na Gael an seasúr seo, is ionach go leanann an sean-Chomortas glórmhar stáiriúil ar aghaidh sa ré gránna gairmiúla seo.