Tháinig an ceol slán. Bhí an t-ádh leis. Bhí an ceol ar leaba a bháis freisin, ins na caogaidí. Is minic a dúirt Ciarán Mac Mathúna, nach maireann, go mbuaileadh sé le ceoltóir éigin agus a uirlis i bhfolach aige, toisc go mbíodh na daoine ag magadh faoi, agus faoina cheol Gaelach.
Ach ansin tháinig athbheochan an cheoil tíre i Meiriceá, Bob Dylan agus na Clancys. Tháinig tonn ón ndomhan mór agus d'éirigh gach bád cheoil Gaelach ar an dtonn céanna. Mura tháinig, cé fios cad a tharlóidh? Bhíodh an traidisiún ann in áiteanna agus Ceoltas ag obair go dian gan focal buíochais gan bacadh, ag bailiú agus agus ag déanamh taifead, ach bhí fonn ar an dtonn faiseanta, chun a sprioc a thabhairt don ngnáthduine. Is gá do na Gaeil an sprioc sin a tháinig amach ón dtír, toisc nach bhfuil mórán muinín againne orainn féin. Ach tháinig, agus tá an ceol beo agus slán anois agus buíochas mór le Dia go bhfuil.
Tháinig na cluichí slán. Ní rabhadar i mbaol, i ndáiríre. Scríobhadh ar an mblag seo ceanna gurbh é an Cumann Lúthchleas Gael an rud is mó agus is fearr a rinne na Gaeil ins na blianta ó thógamar ár n-áit i measc náisiúin an domhain. Tuairim nach raibh na cluichí i mbaol toisc nach mbídís ann mar a bhíodh an teanga nó an ceol ann. Bhí spórt faoi smacht faoi chosc ag na Sasanaigh ins an 19ú haois, agus tá cluiche roimhe sin chomh siar sa stáir nach mbaintear ceangal idir na cluichí inniu, agus cultúr na gcluichí inniu, agus Setanta, abair, agus a chamán dílis. Ach thóg na Gaeil na cluichí Ghaelach dár gcroithe níos mó ná mar a thógamar rud éigin riamh, agus tá an pheil agus iomáint go dian daingean i measc saol agus cultúr na tíre. Go maire go deo iad.
Ach níor tháinig an Ghaeilge slán. Níor tháinig go deo. Tá sí ar leaba a báis fós, an leaba luachra céanna ina chonaic an Piarsach í, agus Bláithín, agus an Cadhanach, agus an hUigínneach í, báil ó Dhia ar a mhullach maol, nuair a chuir sé TG4 ar siúl, an rud is mó a tharla i saol na teanga ó chuireadh stop ar an nGaeilge éigeantach chun dul isteach sa seirbhís phoiblí.
An bhfanadh sí ansin sa leaba go deo, beo ach cos san uaigh aici, agus a teaghlach bailithe os a comhair gach oíche ag guí ar a son? An gcaillfear í ar deireadh, agus an dtógfaidh sí a h-áit i stáir caillte na nGael, idir an Creideamh agus an chuinneog ime? Nó an n-éireoidh sí óna leaba luachra, boladh an bháis a chaitheamh uaithi agus dul i measc Báibil an domhain arís?
Níl fios ag an Spailpín Fánach, agus má n-insíonn duine go bhfuil fios aige, ná ceannaigh gluaisteán athláimhe uaidh. Tá an todhchaí i bhfad ró-dheacair a fheiceáil. Agus bíonn an plé céanna againne gach uile bliain ar an am seo. Comórtas na Sé Náisiún, Seachtain na Gaeilge, Plé na Gaeilge, Céad Cuach an Earraigh.
Tá Éire athraithe go deo ón Éire a bhí ann céad bliain ó shin, nuair a bhí athbheochan na teanga faoi lánsheol ar an gcéad uair. Cuireadh an saol bocht in iarthar na tíre os comhair an pobal mar sár-saol - beidh tú ró-bhocht chun uisce na bhfataí a chaitheamh amach ach í a choinneáil mar anlaith, ach b'fhéidir leat cur síos ar phian an ocrais i nGaeilge beo bríomhar.
Ba soineanta go deo an seift í, ach nuair a theip uirthi ní raibh Seift a B ann, agus ní dheachaigh éinne ar a tóir ach an oiread. Ba easpa misnigh faoi chúis é - easpa misnigh ag namhad na teanga an buille mairfeadh a thabhairt dí, agus easpa misnigh ar lucht dílse na Gaeilge go raibh Seift a B ann, agus go mbeidh deireadh leis an nGaeilge tar éis an tsaoil. Nach mbeidh aon slándáil uirthi, agus gan i ndán di ach deireadh.
Níl fios ag an Spailpín Fánach. Uaireanta, bíonn gach dóchas caillte agam. Is léir go bhfuil saibhreas na teanga ag meath. Is léir nach gcuirtear leanaí chun na Gaelscoileanna ó ghrá na Gaeilge amháin. Is léir go bhfuil teangacha beaga, ní hamháin an Ghaeilge, faoi bhrú domhandaithe cultúir, domhandaithe nuachta, brú domhandaithe ar gach saghas.
Ach smaoiním ar an nGaeilge ar an leaba luachra sin. Beo fós. Beo fós. Conas sa diabhal atá sí beo fós?
Arís, níl fios dá laghad agam. Ach tá dóchas agam.
Scríobh Ciarán Mac Aonghusa ar Bheo le déanaí go raibh an Ghaeilge mar "leac mhór oighir ag leá. Níl fágtha den leac anois ach giotaí beaga atá fós ag leá agus tá teas an Bhéarla, mar theanga dhomhanda, ag scalladh fúithi níos treise ná mar a bhí riamh. Is gearr nach mbeidh againn ach lochán turlaigh uisce."
Tuigim tuairim an Aonghusaigh. Ach cé go n-aontaím leis, tá dóchas agam féin. 'Se mo dhóchas ná go bhfuil an Ghaeilge mar sruth tríd na tíre, agus trí meon na nGael. Níl gluaisteacht i leaca oighir, ach tá gluaiseacht agus athrú sa nGaeilge fós, agus sin cúis dóchas. Bíonn an sruth lag uaireanta, i bhfolach uaireanta, ach ann fós i gcónaí. Níl fios agam go líonfaidh sí agus dul ina ríocht arís, ach fad atá sí ann tá an dóchas linn fós, agus cuireann an dóchas sin misneach orm go bhfillfidh sí faoi bhláth arís fós.
Technorati Tags: Gaeilge, Seachtain na Gaeilge, ceol, clg
Thursday, March 04, 2010
Tagtha Linn Arís - Uair an Ghaeilge a Phlé
Tuesday, September 04, 2007
Fuaimriain an tSamraidh agus Cruinneas na Gaeilge
Is breá leis an Spailpín tráchtáireacht Mhíchíl Uí Shé ar chluichí mionúir ar an dteilifís. Is cuid de fuaimriain a óige ag an Spailín, Ó Sé i bPáirc an Chrócaigh, Jimmy Magee suas ar a rothar in éineacht le Stiofán de Roiste ar Alp d'Huez, agus, ar ndóigh, an Muircheartach Gan Smal ar an raidió, agus na beithigh ag claí na páirce, ag breathnú isteacht ar an imirt.
Bhíos ag breathnú ar Thiobraid Árann agus Corcaigh ar an nDomhnach seo caite, agus Mícheál ag tráchtáil go beo bríomhar mar is gnách. Thugas faoi deara go mbíonn a Ghaeilge níos simplí aige ar an dteilifís ná mar a mbíonn sí ar Raidió na Gaeltachta - tá fios aige, is dócha, nach bhfuil an Ghaeilge ag an cuid is mó dá lucht eisteacht, agus tá sé ag iarraidh seans a thabairt dóibh blás agus taitneamh a bhaint ón gcluiche agus ón dtráchtáil Gaeilge. Agus go n-éirí leis má tá an ceart agam - sílim féin go mbaintear spaoí agus blás ón nGaeilge ag an lucht nach bhfuil sí aici. Éistigí le cuid bhur gcairde agus eolas acu ar nathanna mar "poc go h-ard agus ... POC GO CRUINN!" nó "immeal na cearnóige" nó "buailte amach i lár na páirce."
Ach mise ag éisteacht le Mícheál Dé Domhnaigh, thugas rud éigin faoi deara. Níl fios agam an stíl a áite dúchais é, nó imeartas focal pearsanta aige, nó cad é, ach deireann Mícheál de gnách "buailte isteach aige, An Spailpín Fánach," in ionad an leagan caighdeánach, "buailte isteach ag An Spailpín Fánach."
Nach ait é? Deirfeá nach rud tabhachtach é, ach bíonn sé suimiúl dom i gcónaí comh deacair atá sé dúinn tuiscint cad atá ceart agus cad atá mícheart sa Ghaeilge. Tá caighdeán "oifigiúl" foilsithe ag an Rialtas ó 1958, ach ní bhacann mórán leis - léim sliocht peile Dhara Uí Chinnéide gach uile seachtain i bhFoinse ach ní bhacann seisean leis an gcaighdeán dá laghad. Deirtear go dtaispéanann sin saibhreas na Gaeilge mar theanga beo fós, ach taispéantar freisin nach mbaineann an caighdeán leis na daoine agus an Ghaeilge beo fós ina mbéil acu.
Glacaim gur bhreá an rud é na h-imeartais focal seo a bheith ann, agus nach bhfuil an teanga i mbuidéal chloroform fós, ach ag am céanna, tugaim faoi deara nach maith an rud é, ceithre scór bhlian ó bunús an Stát, nach bhfuil fios againne cad é caighdeán Céad Teanga na Tíre. Nó sin an tuairim aige, An Spailpín Fánach.
Technorati Tags: Gaeilge, cruinneas, tráchtaireacht, CLG
Tuesday, January 23, 2007
Jimmy Murray Imithe ar Slí na Fírinne
Tá An Spailpín Fánach tar éis an scéal bronach a chloisteail, go bhfuil laoch mór Rosa Comáin tar éis fháil bháis. Cailleadh Jimmy Murray, caiptín an Ros ar an dhá uair a bhuadar Craobh na hÉireann i 1943 agus 1944, inniu. Dúradh dom gurbh é Jimmy an iar-chaiptín is sinne a bhuaigh Craobh na h-Éireann a bhí beo fós. Tagann an teideal ar duine eile anois.
Níor bhuail An Spailpín le Jimmy Murray riamh, ach tá sé im’ aigne dom gur chuaigh mé tríd a bhaile dúchais ar an nDomhnach, tar éis an cluiche idir Ros Comáin agus Maigh Eo, ach níos stopas. Ní bhuailfimis anois ar an dtaobh seo go deo anois, agus tá brón orm as ucht sin, mar tá fíos maith agam ar an méid measa a bhí ag daoine air. Dúirt cara Rosa liom gurbh bhreá an rud é gur chonaic Jimmy an craobh miniúr a bhuaigh Ros anuraidh, agus ba bhreá. Má tá sé i gceart orm, stop an foireann miniúr sin i dteacht ósta Jimmy ar a mbealach abhaile. Is dócha gur dhíol Jimmy braon mór beorach an oíche sin – ach óráiste amháin do na páistí, ar ndóigh.
Go gcodlaí Jimmy sámh i measc laocha na Rosa go deo. Cuimhnígí air mar seo, ins an agallamh a rinné sé anuraidh leis an fear den scoth sin san Irish Times, Keith Duggan. Go ndéana Dia trócaire ar anam Jimmy cróga cneasta uasal.
Technorati Tags: Gaeilge, CLG, Ros Comáin, Jimmy Murray