Showing posts with label faisean. Show all posts
Showing posts with label faisean. Show all posts

Wednesday, February 13, 2008

Teacht Giovanni, Teitheadh Céille na hIriseoirí?

An iad na Gaeil an cine is soineanta sa domhain mór? Ag éisteacht leis an raidió um tráthnóna, agus Giovanni Trapattoni ceapaithe mar bainisteoir nua foirne sacair Poblachta na hÉireann, bhí sé cosuil le bheith sa chathair Vaiticín agus Papa nua ceapaithe. Habemus curatorem!, a d'fhoilsigh an Cairdinéal Des Cahill ón mbalcóin, agus thug an náisiún a mbeannacht do.

Ait go leor, dár leis an Spailpín Fánach. Níl fios ceart agamsa an bhfuil orm féin atá an locht, nach dtuigim mo thír ná mo ghluin i gceart le déanaí. Bhí John Delaney, ceannaire an FAI, agus Ray Houghton, ceann de na sáreolaithe a chur Giovanni Trapattoni isteach ina phost nua, mar aoithe ag Des Cahill ar a chlár raidió, agus an triúr acu ag gáire mar páistí ar Lá na Nollag. B'fhéidir le do scríobhnóir dílis tuiscint cad ba thaobh áthais Delaney agus Houghton - ní fhéidir Eamon Dunphy an maide a thabhairt dóibh as seo amach agus a fhear féin ceapaithe - ach bhí áthas Cahill níos deacra a thuiscint. Seans go raibh áthas air ar son na hÉireann, agus bainisteoir breá nua aicí anois. Ceart go leor - más gnathduine é Des Cahill. Ach is iriseoir é Des Cahill, agus tá dualgas air na ceisteanna crua a chur amach, agus a chosa a choinneál ar an dtalamh.

Cé go bhfuil naoi chraobh déag buaite ag Trapattoni, agus cé gur éirigh leis ina thír féin agus thar sáile, an bhfuil seans ann go bhfuil Trapattoni ró-shean don bpost? An chóir duine níos óige a chur isteach? An mbeadh níos mó ocrais ar duine níos óige, níos mó foinn oibre air, níos mó diabhail? Níl móran measa ag na h-óige ar an seanduine go ginéarálta, ach fágaim le huacht go bhfuil an meas is lú ag imreoirí ghairmiúla sacair ar lucht na gruaige léithe. Nuair a bhíodh Trap faoi bláth a ré mar bhainisteoir, bhí an chuid is mó imeoirí na hÉireann sa chliabhán, má bhí siad sa saol ar chur ar bith. Dár leo níl mórán dífríocht idir Giovanni Trappatoni ná Giovanni Boccaccio - nach iontaisí iadsan go leir a mhic?

Deirtear gurbh fhearr paidir chugat ná dhá phaidir i do dhiaidh, agus mar sin tugaim gach deá-ghuí don mbainisteoir Giovanni ina phost nua. Tá súil agam go dtaitneoidh Éirinn leis, agus go maithfidh sé Liam Ó Brádaigh tar éis na roinnt bréag - más fior - a d'inis an Brádach do maidir le gairmiúlacht an FAI. Cé fios - b'fhéidir go bhfuil croí Giovanni trí thine maidir le conas ar thit cúrsaí amach leis agus an Iodáil le linn a ré bainisteoireacht a thíre féin, agus ba bhreá leis, níos mó ná aon rud éile, a dhíoltas a bhaint amach - ach táim féin fós in amhras faoin scéal go leir. Feicim an easpa talainne atá ag foireann Poblachta na hÉireann i lár na páirce, an méid ina mbraitheann an fhoireann ar Stephen Ireland nó ar Lee Carsley nó an boicín breá ramhar sin, Andy Reid, agus ní feicim féin conas a gcuirfidh Giovanni Trappatoni féin síoda ar ghabhair bhocht na hÉireann.





Technorati Tags: , , ,

Wednesday, February 14, 2007

Faisean Fóbhrístí na bhFear

Caroline álainn, sáreolaí faisin - cad é a tuairim ar fhóbhrístí na bhfear?Agus eisean ag éirí níos sine, tá sé ag éirí níos deacra ag an Spailpín Fánach an domhain a thuiscint. Féach ar an sliocht seo san irisleabhar Newsweek - tá fir Meiricéanach (agus cialltar gach fear sa domhain iarthar as sin) ag tabhairt níos mó áire ná mar a thugadh riamh ar a bhfóbhrístí. Agus rogha caoga/caoga ag gach aon fear sa maidin an gcuirfeadh sé a fhóbhrístí ar féin ar chur ar bith uair amháin, anois tá gach aon saghas fóbhristí le ceannach, chun choimeád le gluaiseachtaí faisin agus mar sin de.

Is fada uaidh a thógadh do scríobhnóir, agus is fada uaidh a choinneofar, más féidir leis. Ní cheart d'fhíorfhear a cheann a chur trí cheile agus é buartha faoina fhóbhristí, an dtéann siad le faisean nó nach dtéann? Nach bhfuil sé buartha go leor mar atá sé anois, ag smaoineamh ar cá bhfaighidh Maigh Eo lán-culaí agus lán-tosaí sula dtosnóidh an Comhortas, nó cá mbeith Catherine Morahan ag ól ar an ndeireadh seachtaine agus cad é a tuairim ar léine a trí Mhaigh Eo, gan dul síos isteach síopa Thomáis Doinn agus €50 - SEA, CAOGA EURO! - a chaitheamh ar péire fhóbhristí.

Níl ach dhá rud tabhachtaí maidir le rogha na bhfóbhrístí agus is iad sin ná an bhfuil na fóbhrístí glan go leor, agus an féidir leo an boc féin, an fear beag, an t-eejit, a choinneáil faoi smacht. Má tá na fóbhrístí salach, is easca go leor é péire nua a fháil nó an péire seo a ní. Ach murab fhéidir leo do mhicí a choimead faoi ghlas, tá tú cailte, gan dóchas sláin dá laghad. Tá a aigne féin ag an mboicín agus dá scaoilfí siar é, sileofaí roinnt deor sula gcuirfí smacht air arís.

Feicim ar na fóbhrístí seo Meiricéanach go bhfuil áít éigin spéisialta acu chun do chuid seoid a thaispeáint. A thaispeáint, ar ndóigh! Trua mo chroí orthu, ach cén saghas fir atá ann i Meiricéa faoi láthair, nuair atá orthu a mbocanna a thaispeáint - nach bhfuil gach uair dúiseachta an Spailpín Fánach, agus gach fear na hÉireann, an fear céanna a chur i bhfolach, toisc gan fhéídir linn a chumhacht a choinneáil faoi smacht?

Ní nach ionadh go síleann Osama go bhfuil seans aige.

Technorati Tags: , ,