Tuesday, January 13, 2009

Lá an Choilín - Gradam an Golden Globe Buaite ag an bhFearalach

Tugann súil ghearr an Spailpín faoi dheara gur éirigh le Coilín Ó Fearail gradam an Golden Globe a bhuachan oíche Dé Domhnaigh amach i Los Angeles, Meiriceá, as ucht a thaispeántas sa scannán In Bruges.

Chonaic an Spailpín an scannán céanna, agus dár liomsa má tá gradam tuilte ag daoine dá laghad sa scannán tá sé tuilte ag Breandán Ó Gliasáin, a thug taispeántas ana-chumhachtach mar fear foréigin ag iarraidh rud maith a dhéanamh uair amháin sula gcuirfear faoin bhfód é. Bhí meas agam freisin ar thaispeántas Ralph Fiennes freisin, ach bím faoi draíocht i gcónaí leis na Lahndahn geezers sin. Ach an Fearalach in In Bruges an aisteoir is fearr i scannán grinn nó cheoil i mbliana? Ní chreidim.

Tá locht mór sa scannán In Bruges. Agus scannán mar sin idir láimhe agat, caithfear smacht a choinneáil i gcónaí ar thon an scannáin, agus theip orthu le sin in In Bruges. Éiríonn na cúrsaí grinn go maith, go háirithe na Meiriceánaigh rómhair a mbuaileann leis an bhFearalach agus iadsan chun staighre fada a dhreapadh, ach titeann an tóin as nuair a thaispeántar corp an linbh ar mharaigh Ray, carachtar an Fhearalaigh, i rith an scannán. Caithfear an corp a choinneáil as radharc, ar eagla go mbrisfear an mí-chreideamh. Tá blás chreidimh Chaitliceachais sa scannán, agus an Fearalach agus an Gliasánach ag breathnú ar na sean-phictiúir ar chúrsaí chreidimh i mBruges fite fuaite leis an súgradh, ach tá an meascáin ní cheart.

Ní aontaíonn mórán liomsa, áfach. Is laoch é an Fearalach ina bhaile dúchais, agus nuair a chonaic mise an scannán sa phictiúrlann an Savoy ar Sráid Uí Chonaill an bhliain seo caite, ní fheadair leis an bhFearalach cos a chur amú. Tá radharc sa scannán ina mbriseann troid amach i mbialann éigin, agus buaileann Ray bean buille lán díreach isteach ina gob. Bhí uafás ar an Spailpín, ach bhí leath an slua ag gáire fúithi agus leath eile ag beiceáil a dtacaíocht don bhFearalach, fear mar a gcíne féin. Ní thuigim, agus ní thuigfidh go deo.

Ní hé sin an chéad uair a chuir an Fearalach ionadh orm, ach an oiread. Cúig bhliain ó shin, agus na Cluichí Oilimpeacha Speisialta Domhanda 2003 ar siúl in Éirinn, bhuaileas le cara chara domsa, cailín a bhí ag tacaíocht leis an ócáid mhór. D'iarradh uirthi cad é buaicphointe an seachtaine di, agus d'inis sí dúinn ní h-amháin gur bhuail sí le Coilín Ó Fearail, ach gur leag sé a lámh uirthi. "An cladhaire salach!," arsa an Spailpín, an ridire bán, an galántach deireadh. Bhí gach uile bean sa seomra ag féachaint orm mar daoine ag iarraidh orthu féin cé hé an t-amadán tofa seo? An uair sin, théadh gach cailín in Éirinn ina codladh ag brionglóid go mbrisfeadh Coilín isteach chomh fada di i rith na h-oíche. Tá an bua aige. Mo mhallacht go daingean air!





Technorati Tags: , , , ,