Tuesday, January 27, 2009

Fáilte is Fiche Roimh Banríon Shasana?

Bhí alt spéisiúil go leor san Irish Times inné, ag plé cathain an mbeidh sé cóir do Banríon Shasana dul ar chuairt anseo in Éirinn. Shíl an Spailpín gur chóir di teacht anseo, agus an seanchogadh thart ar deireadh, ach tar éis na píosaí inné, nílim chomh cinnte mar a bhínn.

Cuireann Mary Kenny an cás ar son na Banríona, ach ní chuireann sí go maith é. Feicim féin go mbaineann filíocht éigin le seanteidéil Shasana, ach tá Mary beagán ró-thóga leo - ní mór domsa cé atá ina leath-dheartháir leis an Iarla Rois, mar shampla. Agus maidir le máithreacha Átha Cliath ag cur fáilte le Prionsa na Breataine Bige, agus eisean anseo ar chuairt i 1995, tá an Prionsa tuilte go leor dóibh, agus go raibh siad go léir sásta lena gceile.

Chuir Charles Lysaght an crú ar an tairne nuair a iarrann sé cé a dtiocfadh amach ar na sráideanna dá mbeadh Banríon Shasana i paráid éigin ar Sráid Uí Chonáil? Cé a chasfadh brat an aontais in ómós di? An dtógfá féin, a léitheoir?

Shíleas féin le fada gur chóir Banríon Shasana dul ar chuairt anseo, chun a thaispeáint go deo go bhfuil an sean chogadh thart. Insíonn an beirt Géaróid agus Máirtín go bhfuil, agus má tá fios ag duine ar bith, tá a fios ag an dtriúr sin. Ach tá an cheart ag Lysaght san Irish Times go bhfuil sé ró-luath fós, gur mhair an dearg fola os comhair an ghlais ró-fhada chun dearmad a dhéanamh, agus Banríon Ellis II a ghlacadh mar gnáth cuairteoir eile. Ní mbaineann an fadhb le ceist an Tuaiscirt, agus síocháin ansin anois. Baineann an fadhb leis an gceist a chuireadh níos luath - cé a dtiocfadh amach chun fáilte a chur roimh an mBanríon? Cé a chasadh an brat di?

Ba cathair an tSeoinín í Bleá Cliath go deo, agus ar mo bhealach féin thall is abhus sa chathair faighim boladh Shasana i ngach uile áit. Uaireanta, i siopa éigin, ní bheidh a fios agat an i mBleá Cliath nó Brighton atá tú. Níor éirigh leis na Gaeil fíor-scoilt a dhéanamh eadrainn agus an t-oileán eile i rith na nócha bliana tar éis bunús an Saorstát, agus orainn atá an locht, agus ar na Gaeil féin amháin. Ar son cén rud ar chrochadh Caoimhín de Barra agus dódh Corcaigh? Go gcaithfeadh na Gaeil a dtráthnónta ag breathnú ar an X-Factor, cosúil le Heathcliff agus Cathy ag breathnú isteach fuinneog na Lintons san úrscéal Wuthering Heights?

Shamhail lucht 1916 go mbun náisiún Gaelach tar éis an tÉirí Amach, agus is léir anois gur theip ar an mbrionglóid sin. Ach níl an crógacht againn an fhírinne sin a admháil, nó an Éire sin a bhunadh i gceart agus mar sin, tagann an dúil amach in áiteanna aite. Is iad an dream atá ag ceannaigh na geansaí Manchester United agus ag breathnú ar an X-Factor a mbeadh amach ar na Sráideanna ag caitheamh cloch roimh an mBanríon.

Tá an cheart ag Charles Lysaght - más mhaith leis an mBanríon dul go hÉirinn ba chóir di dul anseo mar duine sa slua ag rás capall. Má thagann sí lena coróin, corróidh sí na daoine, agus an fhírinne searbh gur theip orainn an Banríon agus a ré a chur ar ár gcúl.





Technorati Tags: , , ,