Thursday, October 06, 2005

Ár gCáca Againne agus É á Ithe

Ceist mór an lae á phlé ag An Spailpín Fánach
Is breá leis an An Spailpín Fánach, tar éis lá fada oibre, a scith a ligeadh i gcomhluadar a gcarad, piontaí dubha phórtáir in ár lámha, agus cursaí an tsaoil á phlé againne. Tar éis an plé fada feallsúnachta seo, sílim go bhfuil dhá rud ag cur isteacht ar phobal na hÉireann, nó an chuid phobail atá cosuil le cairde An Spailpín Fánach. Uaireanta cuireann cursaí eile isteach orthu, Uachtatán na Stait Aontaithe agus a ghníomha, mar shampla, nó rud eigin thar saile mar shin, ach de gnáth, nuair atá duine againn bréan den tsaoil, is é ceann amháin nó ceann eile den dhá rud seo atá taobh thiar de.

Rud a hAon: Tá an saol agus an saothar ró-chrúa againn sa lá atá inniu ann. Táimid go leir ag obair ró-dhian, tugaimid an iomarcha aimsire sa ghluaistean ag dul go dtí an oifig nó ag dul abhaile, agus nuair a buailimid abhaile, táimid go leir ró-thuairseach chun rud éigin a dhéanamh seachas feachaint ar chac ar an dtéilifís agus dul suas a chodladh. Cad a tharla don saol a bhí ag ár dtuismitheoirí, nuair ab fhéidir leo sugradh lena bpáistí nuair a shroicheadar abhaile tráthnóna? Cén fáth go bhfuilimid ag obair comh crua nuair nach bhféidir linn caighdean tsaoil cheart ghabail dúinn?

Rud a Dhó: Cén fáth nach bhfuil duine dá laghad in ann buile oibre amháin a dhéanamh, seachas bheith ag rith chuig an gceardchumann, a lámh amach agus níos mó airgid á lorg aige? Bhíos thíos ag siopadóireacht i Liffey Valley Dé Domnaigh agus thug mé cúig nóiméad is fiche - CÚIG NÓIMÉAD IS FICHE! - ag cíuáil le roinnt amadán eile, ag tnúth le rud éigin a cheannach ins an siopa breá nua-aosach den Chéad Aois is Fiche seo! Cá raibh na freastáilí? Ní mhaith leo bheith ag obair, sin é a bhfadhb. Fagaim le huacht, más gá dóibh imeacht ar an long uaigneach chuig Shasana agus an píc agus an sluaiséad a crothú acu ó chéad solas na maidine go titim dubh na h-oíche, beidh siad buiochach go leor bheith ag obair í siopa breá seo. Tá an cheart ag Mícheál Ó Learaí agus Ryanair - sin é mo dhuine. 'Sé an Learach ab fhearr duinn bheith ina Thaoiseach ná hÉireann, in aonad na hasail a raibh againne sula seo. Ó, cinnte - 'sé an Learach mo laoch!

'Sé an feallsúnóir cliste a fheicfeadh an bealach caol caoin idir an dhá scoil tsaoil seo, sílim. I bhfád níos cliste ná haon Spailpín Fánach, faraoir.