Friday, November 12, 2004

Bualadh na mBokke i mBaile Átha Cliath

Sular imríodh an cluiche idir Éirinn agus an Afraic Theas, dúirt Jake White, bannisteoir na Afraice Theaise, nach mbeadh ach triúr Éireannaigh ar fhoireann na hAfraice Theaise. Tar éis an cluiche, agus an Afraic Theas builte ar an dára uair ag Éirinn, an chéad uair ó 1965, cuireadh an cheist air arís, cé mhéid Gaeil a bheadh ar a fhoireann anois. Rinne Jake meangadh gáire; “gach aon cheann acu,” ar seisean.

Ba fhearr an lá é ag imirt rugbaí, an 12ú Deireadh Fomhair 2004. Bhí lá brea ann, an ghrian sa spéir ach gaoth fuair leí, an fód daingean faoin chós. I rith an tAmhrán Náisiúnta, chonacthas deoir ag teach síos grua Brian O’Driscoll, captean na hÉireann; bheadh Éirinn reidh don throid.

Fiche nóimead thart san chluiche, na foireanna ar chomhscór, a náid a náid, bhí an imirt ag casadh mar long i stoirm mhara, an lámh uachtar ag na hÉireannigh uaireannta, ag na Springboks uaireannta eile. Duradh i dtithe ósta ó mBaile Átha Cliath go gCape Town go mbeadh an chos ar bholg ag an nAfraic Theas ins an chlibirt. Chuirfidís ruaig ar na hÉireannigh ó maidin go hoíche, agus ar deirdeadh, brisfeadh droimthe agus croíthe na hÉireann ar charraig an cúigear daingeann na hAfraice Theas.

Ach ní mar a thuigtear atáthar i gcónaí. Chuir Jake White ceist ar bhród tosaí na nÉireann, agus thug siad a bhfreagra do ins an áit a dhéanfaí an scrios is mó – ar an bpairc. Taispeánnann cúig nóimead san dára leath conas mar a bhítí i rith an cluiche go leir. Bhí na Springboks ag teach ar ais ins an cluiche, agus a imreoir is fearr, Schalk Burger, leo arís tar eis an charta buí. Bhí an Afraic Theas ag deanamh léigear ar cúllíne na hÉireann, agus ag ionsaigh an t-aon bealach amháin a ionsaíonn siad – do bhuail siad go daingeann i gcoinne na hÉireannach, agus, nuair a chuireadh stop orthu, thógaidís an liathróid arís agus bhuailidís suas go daingean leí arís. Sin é an stíl a bhuaigh an Afraic Theas a clú agus a caill mar cheann de na tíortha rugbaí is fearr sa domhain, ar feadh na blianta fada, ach, i mBaile Átha Cliath ar an 12ú Mean Fomhair, theip orthu. Cé crua ab ea na Springboks, ar an lá, bhí na hÉireannaigh níos crua.

Is beag é an difríocht idir an bua agus an theip. Scríobhadh sula seo gurb é Schalk Burger an t-imreoir is fearr ag an Afraic Theas, agus ba é. Ach cé gur sár-imreoir é, is fear óg é – níl ach bliain is fiche d’aois aige, sílim – agus, cosúil le gach fear óg, níl sé comh glic ná ba cheart dó. Cuireadh é san bhosca peaca ins an dara leath, agus tá seans ann gur chaill an Afraic Theas an cluiche nuair a chaill siad Schalk Burger.

Is é céann de na fáthanna go bhfúil an rugbaí comh spéisiúl mar atá sé ná go bhfuil an cluiche comh shimplí agus comh chasta ag an uair cheanna. Tá fhíos agat ins an rugbaí, nuair a chailleann foireann amháin seilbh na liathróide agus tá cúpla fear ar an dtalamh agus an liathróid á lorg acu, go bhfuiltear an-dheachar a rá cad atá ceart nó mícheart a dhéanamh ag na h-imreoirí. Déantar gach peaca idir neamh agus an domhan faoin charn choirp sin, agus is ea tuairim an réiteora a bheartaíonn cé acu atá i gceart. De Sáthairn, ba ea thuairim an réiteoir go raibh an liathróid á mharú ag Burger fad a bhí sé ar an bhfód, agus mar sin, cuireadh amach é go dtí an mbosca peaca.

Ach a léitheoir, b’fhéidir go mbeadh tuairim éile ag réiteoir éile ar lá éile, agus cad a tharlóidh ansin? Ní fhéidir linn a rá, agus is é sin cuid tabhachtadh den imirt an rugbaí ar an gcaidhean is áirde, a fháil amach go tapaidh cad a thaitníonn leis an réiteoir agus cad nach dtaitníonn leis. Tiocfaidh an gliceas ar Bhurger fós, agus nuair a thagann sé, rachaidh Burger ina imreoir is fearr sa domhain.

Tuigtear uaireannta go bhfuil gach rud simplí sa spórt agus san shaol. Nuair atá an chraobh buaite againn taitníonn an ghrian níos teo, agus ní bhíonn aon gheimreadh comh fhuair mar an geimreadh a thagann tar eis cluiche cailte. B’iontach an bua a bhreith ar na mBokke, agus ba bhinn é an bhlás nuair a chualathas Jake White agus a fhocail á ithe aige, ach níl sé tabhachtach seachas mar scéal don leabhar chuntais tar eis an bhricfeasta ar an maidin De Domhnaigh.

Ní cheart don lucht rugbaí na hÉireann a bheith ro-shásta fós; más mhaith leo rugbaí na hÉireann dul ó feabhas go bhfeabhas, ní fhéidir leo a bheith sásta le bua i gcoinne an Afraic Theas agus é a leanadh le briseach ins an chéad cluiche arís. Nuair a shroichtear ar an gcaidhean árd, is gá caidhean níos áirde a bhriseadh. De Domhniagh tar éis an bua, bhí fhíos ag an domhan rugbaí go raibh neart nua sa rugbaí dulta. Is gá d’Éirinn é a chruthaigh anois, chun a thaispeáint gur rugadh aimsir óir rugbaí in Éirinn arís. Is bréa an dúshlán é.