Monday, May 30, 2005

Ag Fánaíocht an Ghréasáin as Gaeilge!

D'insíonn seanchara don Spailpín agus sáreolaí teicneolaíochta go minic gurb é Firefox an brabhsálaí is fearr agus An Spailpín ag siortaigh ar an tEadarlíon, ach níor bhac leis an Spailpín leo. Cosúil le cach nach h-oibríonn i gcroí na ríomhaireachta, is cuma leis an Spailpín faoi cach seachas cad atá taitíoch dó.

Ach nuair thug mé cuairt ar an suíomh Firefox cúpla nóiméad ó shin, agus mé ag éirí beagán breán den obair agus ag cuardaigh tonnta móra an Ghréasáin Domhanda, fuair mé amach go bhfuil an brabhsálaí Firefox le tarraignt anuas agus leagan Gaeilge air.

Thogas anuas é comh tapaidh mar is féidir liom, agus tá sé le húsaid agamsa anois. Is ait an rud é, bheith ag obair i dtimpeallacht Ghaeilge - cuirtear bród orm, sárbhród, go bhfuil áit ag ár tseantheanga ins an domhan mór nua teicneolaíochta, an seantheanga chéanna atá ar leathchós san uaigh leis na mblianta fhada. Tabhair é daoibh féin anseo, agus cuardaigh ar an líosta.