Cailleadh Ivan Neill, iareagarthóir spóirt ar an Western People, an nuachtáin áitiúil i dtuaisceart Mhaigh Eo, an Déardaoin seo caite. De gnáth, deirtear nach mbeidh a leithid arís ann tar éis sochraid duine éigin, ach is léar nach mbeidh leithid an Néilligh againne arís - tá oiléan na hÉireann ró-athraithe ón chéad lá a thóg an Néilleach suas a pheann, chun cluichí an Chumainn Lúchleais Ghaeil a insint dá phobal.
Tar éis sochraid scríobhnóra nó iriséora, is minic a ndeirtear gurb sárscríobhnóir é an fear a chailleadh, go mbíodh an pheann mar claíomh na fírinne ina lámh aige, go mbeadh áilleacht a stíl scríobhnóireachta mar lasadh coinnle ar oíche dhubh dhorcha. Ní féidir siúd a rá tar éis an Néilleach - ní bhacadh sé le stíl phróis ghalánta, nó le stíl Mheiricéanach cosuil le Grantland Rice no Red Smith. Ba iriseoir den seanscoil é an Néilleach - scríobhadh sé cad a tharla ins an chluiche, agus ba chuma leis faoi cibé rud eile. Dá mbeadh cluiche maith ag Séamus Ó Murchú ó Bhaile an Chíl Bhig, seacht gcúilín bainte amach aige, sé chinn ón imirt, insódh an Néilleach go raibh, agus dá mbeadh cluiche maith ag Tomás Ó Ceallaigh ag imirt mar cúl báire ar son Baile na hEaglaise Mhór, insódh an Néílleach go raibh. Tar éis tuairsc an Néilligh léite agat, ní bheadh radharc nua agat ar fheallsúnacht an tsaoil nó ar chúrsa pólaitiúla faoi láthair, ach bheadh fíos agat gur imríodh cluiche Gaelach ar an Domhnaigh, agus gur rinne gach aon fear acu ag na h-imreoirí a dhícheall ar son a gceantar agus a muintir.
Níl an stíl sín, an stíl gnáthúil, míghalántach, ró-fhaiseanta sa lá atá inniu ann. Inniu, cuirtear gach cic liathróide faoi crinnmhiondealú, agus i ndeireadh na dála bíonn fíos ag an lucht tacaíochta go léir go fir iad na himreoirí peile, agus go ndeanann botúin, cosuil le gach mac mhathair againne. Ní raibh spéis ag an Néilleach ar sin; ba bhreá leis go raibh cluichí á imirt, agus bhíodh gach rud eile tar éis an scéal dó.
Feictear seo i saothar an Néilleach ag deireadh a shaol, agus eisean éirithe as eagorthóireacht spóirt an Western. Bhíodh sé ag scríobh fós ar cluichí ach, in ionad na cluichí mhóra Mhaigh Eo mar a scríobhadh, cuireadh an Néilleach tuairisceacha isteach ar cluichí scoile. Ní cluichí galanta péacadha cluichí scoile - imrítear i rith an Geimhridh iad, ins an dorchadas, ins an fearthainn, ins an fuacht. Ach ba chuma leis an Néilleach - bhí fíos aige gurb iad na cluichí seo ina théann gach gluin nua peileadóirí faoi bláth, agus ba bhréa do iad a fheicéal i lúchair na cluichí ar leathaobh an Ardáin Móir. Ní bheidh leithid an Néilligh arís ann. Ar dhéis Dé go raibh a anam uasal, agus go mbainea sé sult agus spraoí ó gach liathróid buailte i bpáirceanna an Phárthais.