Monday, November 07, 2005

Brian O'Driscoll - Lig Uait, a Bhrian, Lig Uait

BOD - Stócach nó Sidheog?Dá ndéarfadh Brian O'Driscoll, captaen foireann rugbaí na hÉireann, focal dá laghad eile ar an bhfeall a dhéanadh air agus é ina chaptaen na Leon ar a dturas Nua-Shéalainne, ba cheart gúna na gcailíní scoile a chur ar a dhroim in aonad geansaí glas na hÉireann.

Sular chuaigh na Leoin go dtí an Nua-Shéalainn ba mhór an meas a bhí ag lucht rugbaí an domhain ar O'Driscoll mar imreoir den chéad scóth. Ba shoiléir go gcuirféa ina chaptaen na Leon é ins an tEarrach mar ba lear gurbh é O'Driscoll an t-imreoir rugbaí is fearr idir na ceithre thír a dhéanfadh suas foireann na Leon. Ach níorbh amháin í a imirt a bhí faoi taobh thiar tuairime mhóir na luchta rugbaí ar O'Driscoll - bhí pairt laidir ag a mhisneach, a chrógacht, fréisin i gclú O'Driscoll sa domhain rugbaí. Níorbh "fancy Dan" é; ní raibh eagla air ar an obair crua nó ar bhaol an rugbaí.

Tá an clú crógachta sin beagach cailte go leir ag O'Driscoll faoi láthair, ag is é a leabhair an fáth. Gach uair a oscailítear páipear nuachtáin nó a churtar an téilifis ar shiúl, seo é O'Driscoll ag caoineadh ar cad a thárla dó ins an chéad Chluiche Trialach amach ar thuaras na Leon. Cé gurbh uafásach an feall a dhéanadh air - agus ba fheall é, gan dabht ar bith - ní scríosfaidh an beicéal seo ó O'Driscoll as stár an tsaoil é. Tharla cad a tharla - is ceart do Brian O'Driscoll na h-eachtraí atá caite a chur taobh thiar dé, agus a aghaidh a thabairt ar an dtodhchaí. Ní dhéanfaidh na agallaimh agus na sliochta nuachta aon dífríocht ar a ghualainn nó ar a shaol, ach seans a thabairt dá criticeoirí a rá nárbh imreoir misneach é - éist ar a mbéiceal anois tar éis an samhraidh Nua-Shéalainne?

Cé gurbh uafásach an feall a dhéanadh ar O'Driscoll, ní cheart dearmad a dhéanamh gurbh cluiche foréigneach é an rugbaí, go tharlaíonn foréigean go minic i gcluichí rugbaí, isteach agus amach as dlíthe an cluiche. Sé tráidisiún an cluiche dearmad a dhéanamh ar eachtraí foréigneacha nuair a shéideann an fhéadóg dheireanach, agus eachtraí na pairce a fhágail ar an bpáirc. B'fhéidir nach ceart an rud é, ach sin mar a bhfuil ó lá William Webb Ellis, agus níl sé chun athrú ar ball.

Bhí Moss Keane ag caint le Matt Cooper ar a chlár raidio, the Last Word, tráthnóna Dé hAoine, agus a dhírbheataitnéas scriofta aige. D'iarr Matt ar Moss cad a shíl sé ar an bhfeall a dhéanadh ar O'Driscoll, agus an compairéad a dhéanamh idir an feall sin agus an feall a dhéanadh ar Willie Duggan, agus Duggan ar Thuras na Leon 1977. "Tháinig Willie ar ais," arsa Moss go cnéasta. Tar ar ais arís a Bhrian, agus déan dearmad ar 2005, Tana Uamaga agus Sir Clive Woodward. Níl aon maitheas ann.