Tuesday, September 05, 2006

Fógraí Aite Eircom i Rith an Cluiche Sacair

Robbie Keane - caiptín na hÉireann, cabhair na h-óigeAn raibh éinne curtha amach ag féachaint ar na fógraí Eircom a gcraolú i rith craolú an cluiche idir an Ghéarmain agus Éire oíche Dé Sathairn, nó an bhfuil An Spailpín Fánach ina aonar arís? Mura bhfaca tú iad, seo mar a bhí: bhí Eircom ag iaraidh taispeáint dúinn comh ceangailte atá foireann na hÉireann agus pobal na hÉireann. Taispeántar paistí ag imirt sacair, agus ball foirne na hÉireann ag cabhrú leo.

Mar sampla, bhí scannán amháin ann ina raibh gasúr ag iarraidh a chic eirice a bhuaileadh, agus cé a tháinig leis ná Robbie Keane. "Déan do rogha cá mbuailfidh tú í, agus ná déan malairt intinne, maith an gasúr," arsa caiptín na hÉireann. Rinne an gasúr gáire. Rinne Robbie Keane gáire. Rinne gach aon duine gáire, seachas amháin an scríobhnóir searbh sin, An Spailpín Fánach, a bhí ag seilg a cuimhneamh ag iarraidh smaoineamh ar an uair deireanach a bhí peileadóir mar Robbie Keane ag múiniú na paistí óga. Ba chuimhin liom Robbie istigh i gCopper Face Jacks i ndubh dorchadas na h-oíche, ag ól a dhóthain phortair, agus léim ins na páipéirí gur cheannaigh an stócach céanna leath na dtithe i mBleá Cliath theas, ach Robbie ag múineadh na ngasúr? Níor chualas faic riamh faoi.

An bhfuil éagóir á dhéanamh ag an Spailpín ar chaiptín na hÉireann? B'fhéidir go seolfar ríomhphost chugam má táim, agus déanfaidh mé leithscéal dó ó bhun mo chroíse. Ach go dtí go bhfaighidh mé an eolas sin, beidh pus ar ghnús an Spailpín agus eisean ag breathnú ar an fograí fimíneachta sin. An Ghéarmain abú.

Technorati Tags: , ,