Wednesday, November 01, 2006

Rince na Leice san Irish Independent

Tugadh le fios oíche aréir go raibh deireadh ag teacht ar Sky News Ireland, an chuid den gcraoltóir ilnáisiúnta Sky News a bhain le cúrsaí na nGael. Is brónach an rud é, toisc go bhfuil postanna a chailliúnt agus toisc gur gá duinn níos mó gúthanna a chloisint ins na méain, in ionad níos lú. Ach ní n-aontaíonn gach duine leis an tuairim seo, mar is soléir ón alt dóchreite a fhoilsiú san Irish Independent inniú, ina ionsaíonn duine éigin (níor fhoilsíodh ainm an scríobhnóra, ach tá boladh Ian O'Doherty ar gach focal, sílim). Tá an Indo ag tabhairt amach faoi lagadh caidhéan iriseorachta agus ag foilsiú ionsaithe mar seo ag an am céanna? Sin an citeal ag dubhú ar an bpota, sílim.