Friday, January 25, 2008

Ag Fanacht ar an mBus: Tóg Go Bog É, Nó Lean ar Aghaidh?

Tugann súil ghearr an Spailpín Fhánaigh faoi deara go bhfuil páipéir scríofa ag beirt boc cliste Meiricéanaigh gur chóir duit fanacht ag an stop in ionad léanúint ar aghaidh go dtí an chéad stop eile agus tusa ag fanacht ar an mbus.

Bhí Justin Chen, matamaiticeoir i gCalifornia, ag iarraidh dul ar chuairt a chara lá amháin, agus bhí an bus á thógáil aige. Agus eisean ina mhatamaiticeoir, ba easca an rud é a pháipéir agus a pheann luaidhe a thógail amach agus eisean ag fanacht, cúpla suimeanna a dhéanamh, agus fáil amach go mbíonn sé níos fearr duit, maidir le am agus maidir le suaimneas, fanacht ag an stop in ionad dul ar aghaidh chuig an gcéad stop eile.

Cláraíonn an tUllamh Chen seo na tosca atá taobh thiar a thuairim - baineann an tuairim le luas an bus, mincíocht na mbusanna, cá bhfuil na stopanna busanna agus luais an siúlóra. Tá múinín aige féin go bhfuil sé an ceart aige, agus is docha go bhfuil - is glic iad na mbuachaillí atá ag obair sa California Institute of Technology.

Ach más fhéidir lena dtuairim éirí anseo i mBleá Cliath, príomhchathair na nGael, caithfidh sé cúpla tosca eile a chur isteach. Mar shampla:


  • Conas a thaitníodh na bocanna cliste seo leis an gceardchumann? Ní thaitníonn an dream céanna leis an gceardchumann go ginéaralta, ach b'fhéidir go mbeadh trua ag an gceardchumann ar beirt Poncán soineanta cosuil leo.

  • An bhfuil ar an mbus dul ar an M50? B'fhiu duit an Marie Celeste a fháil, ná dul isteach sa Triantán Bermuda, ná dul ar an mbóthar damaithe sin.

  • An ndéanfar scríos ar "buzz" na tiománaí? Ní thaitníonn leo a mbuzz a scríosadh riamh, fios agat.

  • AAn bhfuil an Herald léite ag an tiománaí fós? Ní rachaidh aon bhus go dtí. Agus an crosfhocal déanta freisin. Braon tae, go h-áirithe san aimsir fuar seo. Ó feach, tá snúcair ar an dteilifís - tá súil agam gur cheannaigh na Poncáin cótaí mhóra san aerfort, go bhfoire Dia orthu.

  • An chóir stop ag na stopanna ar chur ar bith? Nárbh fiú an fógra "As Seirbhís" a chur suas, agus amach ón gcathair linn go Dollier, agus an búma a chaitheamh taobh thiar na méilte? Buzz mairthe, a mhac!


Is féidir le Justin Chen agus a chairde fanacht ag na stopanna más maith leo. Ach tá súil agam go bhfuil siad óg, mar beidh siad buailte go maith in aois sula dtugann bus BÁC chucu agus siadsan ag fanacht gan bogadh.





Technorati Tags: , ,