Tuesday, March 11, 2008

"Ceart nó Mícheart," Mórshaothar Sheáin Uí Ruadháin, Foilsithe Arís


Tá deascéal ag bhur Spailpín Fánach inniu, deascéal a chuirfidh gliondar is athas i gcroithe na ndaltaí Gaeilge, ní h-amháin an triúr dhalta dathúil ar mullach an bhlaig, ach amach sa domhan mór.

I rith na seascóidí, scríobh Seán Ó Ruadháin alt rialta san irisleabhar Feasta. Ba í an Ghaeilge á phlé ag an Ruadhánaigh, agus gach mí dhéanadh sé a bhreithiúnas ar Ghaeilge, mar a chuala sé i mbéal an phobail í nó mar a scríobhadh í ag an am. Bhí cúrsaí lán-shimplí leis - ba bhreá leis Gaeilge ceart, agus b'fhuath leis an Ghaeilge mí-cheart, cosúil le Gaeilge bhocht bhriste seo, mo léan, mo léan!

Agus an Ruadhánach comh dian diongbháilte ina chuid tuairimí, scríobhadh litreacha chuige san irisleabhar ag ceistiú is ag cáiniú cad a scríobhadh seo. D'fhilleadh an Ruadhánach comh maith mar a bhfuair sé, agus tá macalla an lámhaigh le cloisteal fós ina scríobhnóireacht.

Agus tá an macalla níos airde anois, toisc go bhfuil Ceart nó Mícheart foilsithe arís - eagrán nua faoi eagarthóireacht Liam Mhic Pheaircín, fear a rinne sársaothar féin ag bailiú na h-ailt agus na litreacha a scríobhadh faoi na h-abháir a phéadh i rith na sraithe. Tá roinnt fonótaí ag an bPeaircíneach ar an mbuntéacs - ba fear léanta go leor é an Ruadhánach, agus bíonn sé deacair gach targairt a adhmaigh.

Más féidir leat Seán Ó Ruadháin agus an leabhair seo a chur i gcompáráid le aon saothar eile, is é HW Fowler, an fear a scríobh The King's English i 1918. Sáreolaí graiméir iadsan beirt, agus bhí gach botún mar ghearruchán feola dóibh, peaca in aghaidh Dé agus in aghaidh an phobail. Comh maith le sin, bhí an árd-stíl acu beirt; bhí an Ghaeilge ag Seán Ó Ruadháin ón gcliabhán, ach ba fíor-scolaire é freisin, agus rinne sé gach iarracht a Ghaeilge féin a chur chun cinn i rith a shaol. (Agus ba fhada an saol é freisin - bhí seacht mbliana is seachtó d'aois aige nuair a thosaigh sé ag scríobh Ceart nó Mícheart!)

Cáinadh saothair Uí Rhuadháin ó am go h-am; tá tuairim ann go raibh sé ró-dhian ar an ndroch-Ghaeilge - tá litir sa bhailliuchán seo ó Mhuiris Ó Droigheán ar a cháineadh as ucht a dhiongbháilte. Tuigeann An Spailpín cad atá i gcéist, agus an baol a mbaineann leis an modh scríobhnóireachta seo. Uaireanta, agus an Ruadhánach á léamh aige, tar sé mar bheith ar ais sa rang scoile duit - tá tú á cheistiú ag an múinteoir agus fios maith agaibh beirt níl an múinteoir ag iarradh tú a mhúineadh, ach ag fanacht go rachfaidh tú amú, agus a ionsaigh a dhéanamh ansin, mar a fhanann an cat ar an luch. Ba bhreá an clisteacht leis an Ruadhánach agus ligeann an focal searbh i gcathú é uaireanta nuair b'fhéidir gur chóir do fanacht ina thost.

Nílim cinnte gur mhaith liom Seán Ó Ruadháin a bheith agam mar múinteoir, ach mar scríobhnóir nó sáreolaí na Gaeilge tá sé gan smal. Tá an méid saibhris ina chuid Ghaeilge, tá sí comh beo bríomhar leis, gurbh fhéidir leat fíorbhlás an teanga beo a fháil uaidh, mar a dheirtear gurbh fhéidir blás móna a fháil i ngloine bhreá fuisce. Is cóir duinn cumhnaigh gur deacair an rud é breitneamh a dhéanamh ar cad atá ceart nó mícheart maidir le aon theanga dá laghad, fiú amháin an Ghaeilge. Mar shampla, tógann an Ruadhánach sampla ó scríobhnóireacht éigin chun a thuairim a neartú, ach ar an lámh eile tógann sé sliochta eile mar shampla droch-Ghaeilge go deo, an drochGhaeilge a téadh idir é féin agus a chodladh. 'Sé mo thuairim féin go rinne sé an gaisce mar a rinne Fowler roimhe - rinneadar beirt cad ba mhaith leo, agus gach aon duine eile chun an ndiabhal.

Tuairim nár chóir bheith mar sin, gur chóir rialacha a bheith ann maidir le cad atá ceart nó mícheart, ach ní fhéidir é sin a dhéanamh, toisc go bhfuil teangacha ag athrú go deo. Ba é an dlí an rud is ansa leis na Románaigh, agus tá easactaí fós sa Laidin. An rud is tabhachtaí, ní hé go bhfuil na freagraí go leir ag Seán Ó Ruadháin, ach go bhfuil sé ar a dtóir, agus go bhfuil caghdeán na Gaeilge á phlé comh bríomhar seo aige.

Agus sin mór-oidheacht Uí Ruadháin, agus an fáth go bhfuil Ceart nó Mícheart comh tabhachtach. Tá droch-meas aige ar "Gaeilge na leabhar," ach is é an scéal brónach anois na go bhfuil an teanga bheo, an teanga inár dtógadh an Ruadhánach féin, marbh anois. Scríobhann Ó Ruadháin faoin bhfear seo nó an fear siúd nach bhfuil Béarla aige ón gcliabhán - níl an dream sin againn in Éirinn sa lá atá inniu, agus má tá, is í an Phólainnis nó teangacha eile atá ina mbéal acu, in ionad an Ghaeilge féin. As ucht an leabhar seo, tá fíorbhlás na Gaeilge nádurtha againne, scríofa ag fear léannta ar son daoine léannta fréisin, agus is rud fíor-thabhactacht don dteanga go bhfuil sí scríofa ag na léinn ar son na léinn, comh maith leis na leabhair eile. Ár gceol thú go deo, a Ruadhánaigh, rinne tú do dhualgas ar son an sean-teanga, agus ár gceol tú fréisin, a Liam Mhic Peaircín, go bhfuil seoid mhór na teanga seo foilsithe arís. Tá oidhreacht na tíre níos slána inniu as ucht bhur saothar beirt.






Technorati Tags: , , ,