Tugann do Spailpín faoi deara go bhfuil Peig athfhoilsithe faoi láthair. Nuair a chonaic mé an leabhar bhog rud éigin im' chloigín; ar aghaidh liom abhaile, síos go mbun an bosca, agus amach arís leis an sean-eagrán scoile, an clúdach oráiste, mo sean-nótaí scríofa ar beagnach gach uile leathanach an leabhar. Shuigh mé síos ag léamh Peig don chéad uair ó bhíodh an seanbhean os mo chomhair don Ardteist fiche bliain ó shin an bhliain seo chugainn. B'fhuath liom an leabhar ag an am, agus ba mhaith liom fáil amach ar an leabhar nó orm atá an locht?
A léitheoir, ar an mbeirt againne atá sé. Tá Peig imithe ó chúrsaí na hArdteiste faoi láthair, agus leabhar dá leithéid Maidhc Dainín nó An Triall ann in a hionad. Ní maith liom sin, mar tá cultúir Pheig níos saibhre ná Maidhc Dainín, dá ngabhfadh sé mo leithscéal. Nílim ag iarraidh másla a thabhairt do Mhaidhc Dainín, ach nuair atá na habairtí is fearr sa leabhar agat i mBéarla - an cur síos ar an mbéile bialainne i gcomparáid leis an béile sa bhaile - níl mórán ghnó agat ar chúrsa Ghaeilge. Níor léigh mé An Triall riamh, ach beidh ionad orm má tá a Ghaeilge níos fearr ná Gaeilge Pheig.
Ach cé go bhfuil Gaeilge den scoth aici, cén fáth nach n-insíonn Peig scéal níos fearr dúinne? Gach cúpla leathanach insíonn sí faoina cumhacht scéalaíochta, ach ní fhéidir léi rud ar bith a dhéanamh lena scéal féin seachas an béal bocht go deo. Ba chrua an saol a bhí ag Peig Sayers ar an oileán, ach an raibh sé níos measa nó ag bean ar bith ag deireadh an naoiú haois déag? Nílim cinnte go raibh. Na rudaí is spéisiúla dúinne anois, sa lá atá inniu ann - cuimhnigh ar an ndrochshaoil, saol chailín aimsire, cleamhnas chun phosadh - bhíodar chomh mór den gnáthshaol ag an am ní dhéanann Peig faic leo.
Cén fáth go bhfuil scéal Pheig níos tábhachtaí nó níos suimiúla ná scéal aon duine eile? Bhí tionchar mór ag lucht an Bhlaoiscéid i gcultúr na hÉireann, go háirithe cultúr Gaeilge na hÉireann, ach níl sé chomh soiléir don Spailpín anois cén fáth go raibh an meas sin ar saol an Bhlaoiscéid mar a bhíodh. Níor léigh mé An tOileánach - fós - ach tá Peig agus Fiche Bliain ag Fás léite agam agus níl cúis na measa soiléir dom. Tá scéal an Shúilleabhánaigh níos bríomhaire ná scéal Pheig ach tá sé míbheasach go deo don cailín ar an dtréan ag deireadh an scéal, rud a d'fhág blás gránna ormsa. Freisin, ní chuireann cur síos ar an gcéad uair ar bhuail Muiris Ó Súilleabháin le George Thompson rud ar bith chomh mór im' chloigín ach buaileadh le cheile Anthony Lamont, Paul Shanahan agus John Furriskey sa choill in úrscéal iontach le Flann O'Brien, At Swim-Two-Birds.
Sílim gur chóir áit a fháil do Phádraig Ó Conaire agus Seosamh Mac Grianna ar chúrsaí Ghaeilge go deo, mar mura bhfuil an beirt sin ann ní chóir bacadh leis an gcúrsa dá laghad. Ach chomh maith leo, ba chóir chuid den sean-dhream a bheith ann freisin. Léigh mé sliocht ó bhailiúcháin scéalta a rinne Dubhglas de hIde ag tús an 20ú haois, agus ba dhraíochta iontach an stíl a bhí ann. Tá tionchar láidir go leor ag an mBéarla sa Ghaeilge anois - seans go gcuirfeá an seanstíl ruaig éigin air dá léifeá tuilleadh na scéalta sin. Agus an seanbhean a coinneáil sa choinne arís.
Technorati Tags: Gaeilge, litríocht, Peig