Tuesday, February 10, 2009

Liam Ó Brádaigh - An Tírghráthóir

CEANN BEAGMá n-éiríonn le Poblacht na hÉireann i gcoinne na Seoirsia oíche amárach i bPáirc an Chrócaigh beidh deich pointe buaite acu ó dhó-dhéag, an tús is fearr i gcomórtas idirnáisiúnta sacar le sé bhliain, tuairim. Agus má n-éiríonn siad i gcoinne na Bulgáire i bPáirc an Chrócaigh beidh cos amháin acu ar an eitleán chuig an gCorn Domhanda san Afraic Theas i 2010. Sé seo go leir tar éis an lá náire sin ins an Chipir dhá bhliain ó shin. Agus an ceist atá i gcloigín bhur Spailpín maidir le seo go léir ná: cén fáth nach bhfuil an t-aiséirí seo á cheiliúradh ag na meáin?

Deirtear le fada nach bhfuil aithne ar fáidh i measc a dhream féin, agus is fíor é. Feach ar chás Liam Uí Bhrádaigh, leas-bhainisteoir foirne na Poblachta faoi láthair. Bhí sé faoi bhrú ag an meáin maidir le Andy Reid - arís! - agus bhris foighne an Bhrádaigh. D'iarr sé ar na meáin meas a bheith acu ar a dtír féin. Ar chuir sé seo náire orthu? Níor chuir. Scríobhadar gurbh fear garbh é an Brádach agus eisean ag tabhairt amach dóibhsean.

Dó-chreidte. Nach bhfuil fios acu cé hé an Brádach? Nach bhfuil fios acu cé hé Giovanni Trapattoni féin? Táid ag tabhairt amach faoi go bhfuil a fhoireann leadránach; nach bhfuil fios acu gurbh é Trapattoni féin an fear a chuir an stíl catenaccio ar an domhan? Nach raibh fáilte mór acu roimhe nuair a cheapadh é? An dóigh leo gurbh é seo rud nua leis, in ionad an stíl ceanán céanna ar iomraíodh a fhoirne Juventus ina ré glóire ins na h-ochtóidí? An bhfuil aithne acu ar an stáir nó ar a n-obair féin?

Pé scéal é Trapattoni, cén fáth nach bhfuil aithne acu ar an mBrádach, fear dár sliocht féin? An t-imreoir Gaelach is fearr riamh, níos fearr ná Keane, ná McGrath, ná Giles. Bhí an Brádach ina rí óg i Highbury ag deireadh na seachtóidí, ach ní raibh sé sásta. Ba mhaith leis an dúshlán a ghlacadh sa tír ina iomraíodh an sacar is fearr sa domhan mór, sa srath Serie A na hIodáile.

Bhog an Brádach ó Shasana go dtí an Iodáil agus bhuaigh sé an srath le Juventus, agus Giovanni Trappatoni ina bhainisteoir orthu. D'aimsigh an Brádaigh níos mó cúl i mbliain amháin ins an Iodáil - 1980, sílim, ach nílim cinnte - ná duine eile sa srath. Bhí ocht gceann acu. Ná bígí ag caint liomsa faoi sacar leadránach.

Ach amach as sin go léir bhí Éirinn i gcónaí i gcroí an Bhrádaigh, agus bhí cuid ina chonartha i gcónaí go ligfeá saor é ar son na hÉireann. Bhí a áit dúchais chomh tábhachtach sin do.

Lig an Brádach an imirt uaidh le fiche bliain, tuairim, agus bhí dhá phost breátha boga aige, ag tréanáil na stócaigh ag Arsenal agus ag bladaráil ar an teilifís. Ach chonaic sé a tír i bponc agus - cé nár dúirt sé tada faoi - sílimse féin go raibh sé ró-chrua do. Mar sin, d'fhág sé Billo agus Gilesey agus amach leis ar áis ar son an geansaí glas, ag dul chomh fada le Manchester chun iarraidh ar Stephen Ireland go deas bog an rachadh sé ar ais ag imirt le Poblacht na hÉireann. Stephen Ireland, peileadóir nár chóir do bhróga an Bhrádaigh a ghlanadh!

Cén buíochas a dtugann an tír do? Faic tada. Ach tá súil agam nach mbacann an Brádach ró-mhór le seo. Tá a dhualgais á dhéanamh arís aige ar son na Éireann, agus is é sin an rud is tábhachtaí. Guíonn an Spailpín rud amháin - go maithe an seanfhear uasal sin, Giovanni Trapattoni, a shean-imreoir tar éis é an thabhairt don tír mhí-bhéasach seo, gan aithne againn ar an ndifríocht idir an seoid agus an salach.






Technorati Tags: , , , , ,