Friday, April 24, 2009

An bhFuil an Neamhspleáchas Tuillte ag na Gaeil?

Fógraíodh Poblacht na hÉireann ar an lá seo nócha bliain ó shin, an 24ú Aibreán, 1916, os comhair an GPO, Sráid Sackville (mar a bhíodh), Bleá Cliath. Bunaíodh Saorstát Éireann i 1922, sé bhliain tar éis an tÉirí Amach - tamaillín beag i rith na ocht gcéad bliain a bhíodh na Gaeil faoi smacht an choróin.

Ach an cheist atá ag bhur Spailpín dóibh inniu, trí bhliain is nócha tar éis an tÉirí Amach, ná arbh fhiú don bPiarsach, don gCléireach agus do na roinnt daoine eile ar chaill fuil nó saoirseacht nó an saol féin ar son na tíre bogadh sa chéad áit? Ar chóir dóibh an scéal a ligeadh mar a bhíodh, agus Éirinn a fhágáil mar oileán beag ar thaobh na mórthíre, ball sásta an Ríocht Aontaithe? An bhfuil neamhspleáchas tuillte ag na Gaeil?

I rith na blianta saibhre in Éirinn, blianta atá imithe anois, ba fhaiseanta an rud é a rá, tar éis béile bhreá éigin i dtigh Paddy Guillbaud's nó teach mar a chuid, go raibh a h-anam caillte ag Éirinn agus an saibhreas linn. Tá an saibhreas caillte anois, gan filleadh le tamaill fada, má bhfilleann ar chur ar bith, ach níor fhill anam na nGael ar ais. Agus an cheist a chuireann an Spailpín air féin ná an raibh an t-anam céanna ann riamh, nó an rabhamar á mealladh orainn féin leis na blianta?

Bhínn an-tógtha le cúpla líne filíochta ón bPiarsach tráth amháin, in a scríobh sé faoi uaisleacht na nGaeil, gurbh cine uasal iad na nGaeil in ainneoin a gcuid slabhra; "august, despite their chains."

Agus an tír i bponc ceart anois táim ag fanacht ar an uaisleacht sin, an uaisleacht in aghaidh na slabhra, an uaisleacht as a bhfásann ceart na nGael bheith saor agus ár n-áit a thógáil i measc náisiúin an domhain. Cad a fheicim ina h-ionad? Gach duine is diabhal ar sráideanna na tíre ag beicéal cad fúm féin, cad fúm féin. Gach duine is diabhal gan bacadh cad a tharlóidh go dtí go dtiocfaidh siad slán féin. Gach duine is diabhal ar an nguthán go Liveline ag insint Joe go rinneadar botún ina ngnó féin ach nach bhfuil siad féin ciontach fúthu, ach gur chóir an rialtas iad a thabhairt slán.

Dúirt Gael cáiliúil uair amháin nárbh í an cheist cad a ndéanfaidh tír duine ar a shon, ach cad a ndéanfaidh duine féin ar son a thíre. Tá an Spailpín ag fanacht anois ar daoine a ndéanfaidh rud éigin ar son a dtíre, in ionad bheith in a suí ar a dtóin bhoga ramhair ag fanacht ar seic agus clárach ar a bun. Beidh mé ag fanacht tamaillín, sílim.

Féachaigí ar an tír a rinneamar ins na nócha bliain atáimid "saor." Táimid níos ghiorra leis an mórthír ná mar a bhímis riamh. Tá ár meán chumarsáide neamhspleách caillte linn, agus na Gaeil sásta go leor ag léamh nuachtáin Shasana agus ag breathnú ar a teilifís. Conas atá cultúr na nGael difríocht le chultúr mór na mórthíre, mar a bheadh an agus an Lord Lieutenant i bPáirc an Fionnuisce fós?

Cáintear go minic an fhéachaint istigh a bhíodh ar siúl ag an Saorstát ins na fichidí. Is fíor go raibh an iomarca béim acu oraibh féin, agus nárbh chóir dóibh an domhan mór a seachaint go dtí mar a sheachnaítí san aimsir sin. Ach ba chóir dóibh seasamh ar rud éigin, ar an Éirinn Ghaelach a bhí á thógáil acu. Ní sheasann na Gaeil ar rud ar bith sa lá atá inniu ann. Tá brionglóid Éireann Gaelaí caillte anois, má chreideadh inti sa chéad áit.

Tá tríocha Dáil Éireann tógtha ag na Gaeil ó bhunaíodh an chéad Dáil nócha bliain ó shin, bunadh ar chomóir an rialtas seo le déanaí. Sin roinnt ama ar gcultúr féin a chur ar an rialtas, agus a sheasamh go bródúil i measc náisiún an domhain. Cad a rinneamar i rith na tríocha Dáil? Bhunaíomar agus coinnealbháimid beo cultúr ina bhfuil áit cónaithe polaiteora níos tábhachtaí ná cad a chreideann sé nó sí. Tá an iomarca Teachtaí Dála againne, agus tá an córas toghadh líofa go leor.

Léigh mé Cuimhní Cinn le Liam Ó Briain cúpla bhliain ó shin. Bhí an Brianach amach i 1916 agus ba iontach é léamh chomh brionglóideach a bhíodh sé agus a gcomrádaí faoin Éire nua a bhí á bhunú acu. I rith an cath, bhíodar i gColáiste na hOllscoile, Átha Cliath, ar Ardán Phort an Iarla, an áit atá an NCH sa lá atá inniu ann, sílim. Bhíodar ag iarraidh baracáid a dhéanamh, agus d'iarr cúpla Óglaidh ar an mBrianach an chóir dóibh cúpla seanleabhair a úsáid sa bharacáid. D'fhéach an Brianach ar na leabhair agus dúirt sé leo "sin iad Annála na gCeithre Máistrí. Má táimid ag troid ar rud ar bith, táimid ag troid ar an leabhar sin. Cuir uaibh iad."

Cé fhios anois in Éirinn cérbh iad na Ceithre Máistrí, nó cad é a leabhar? Sin an mhéid atá saoirse tuillte ag na Gaeil.





Technorati Tags: , , , ,